An tAire Calleary in Strasbourg i gcomhair seisiún iomlánach de Pharlaimint na hEorpa
- Foilsithe: 25 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Samhain 2025
- Tá cruinnithe na seachtaine seo mar chuid thábhachtach d’ullmhúchán na hÉireann dá hUachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2026
- An tAire le buaileadh le FPEanna Éireannacha chun LEADER agus cur chun cinn na Gaeilge a phlé
Tá an tAire Coimirce Sóisialaí agus Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, in Strasbourg i gcomhair sraith pléite ardleibhéil leis an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (EMPL) de chuid Pharlaimint na hEorpa, arb é coiste ceannais na Parlaiminte maidir le beartas fostaíochta agus sóisialta.
Maidin inniu (Dé Máirt), bhuail an tAire Calleary le Rafael Benitez, Stiúrthóir Chomhdháil na nÚdarás Áitiúil agus Réigiúnach de chuid Chomhairle na hEorpa, agus d’athdhearbhaigh sé dearcadh na hÉireann go bhfuil Comhairle na hEorpa go fóill ina príomh-institiúid Eorpach maidir le cosaint ceart daonna, an daonlathais agus fhorlámhas an dlí.
Agus é ag labhairt i ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire Calleary:
“Tá áit lárnach fós ag Cairt Shóisialta na hEorpa i gcosaint ceart socheacnamaíoch ar fud na hEorpa, agus leanfaidh Éire ar aghaidh ina ról ceannais ó thaobh an córas a neartú, comhlíontacht a fheabhsú agus tacaíocht a thabhairt do bhallstáit chun a gceanglas maidir le cearta sóisialta a chomhlíonadh”.
Tá an chuairt mar chuid d’ullmhúchán na hÉireann dá hUachtaránacht ar Chomhairle an AE atá ag teacht aníos sa dara leath de 2026. Tabharfaidh an tAire Calleary léargas ar thiomantas na hÉireann i leith Eoraip shóisialta láidir a chur chun tosaigh le linn a hUachtaránachta, le béim ar leith ar bhochtaineacht a laghdú, córais coimirce sóisialaí a neartú, agus comhdheiseanna a chinntiú.
Níos déanaí inniu, buailfidh an tAire Calleary le Cathaoirleach EMPL, Li Andersson, agus feisirí sinsearacha de Pharlaimint na hEorpa, Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEanna) de chuid na hÉireann san áireamh, mar chuid d’ullmhúchán na hÉireann i gcomhair a hUachtaránachta ar Chomhairle an AE sa dara leath de 2026. Tabharfaidh an tAire Calleary léargas ar thiomantas na hÉireann i leith Eoraip shóisialta láidir a chur chun tosaigh le linn a hUachtaránachta, le béim ar leith ar bhochtaineacht a laghdú, córais coimirce sóisialaí a neartú, agus comhdheiseanna a chinntiú do chách, go háirithe dóibh siúd faoi mhíchumas agus do ghrúpaí imeallaithe eile.
Gheobhaidh an tAire tuairisc mhionsonraithe faoi chlár oibre reachtaíochta gníomhach EMPL, lena n-áirítear athchóirithe ar chomhordú um shlándáil shóisialach de chuid an AE agus moltaí chun an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a leathnú.
Buailfidh an tAire Calleary le hIdirghrúpa na Parlaiminte um Mionlaigh Thraidisiúnta, um Pobail Náisiúnta agus um Theanga lena ndéanfaidh sé plé, ina ról mar Aire na Gaeltachta agus na Gaeilge, le comhaltaí an ghrúpa faoi réimse ceisteanna lena n-áireofar obair an Rialtais chun ról na Gaeilge mar theanga phobail na Gaeltachta a neartú, in éineacht le cur chun cinn na teanga ar leibhéal náisiúnta, lena n-áireofar iarrachtaí chun feabhas a chur ar úsáid na Gaeilge i seirbhísí poiblí in Éirinn. Déanfaidh sé plé freisin ar iarrachtaí an Rialtais chun tacú leis an Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an AE.
Buailfidh an tAire freisin leis an Choimisinéir McGrath chun plé a dhéanamh faoi chosaint sonraí sa chóras leasa, faoi chomhrac in éadan calaoise leasa agus faoi chearta daoine faoi mhíchumas.
Ar Dé Céadaoin, buailfidh an tAire Calleary le FPEanna Éireannacha chun réimse ceisteanna a phlé, lena n-áireofar maoiniú LEADER i gcomhthéacs an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile, buiséad infheistíochta fadtéarmaí de chuid an Aontais Eorpaigh, a bhfuil tús á chur le céim dian-idirbheartaíochta ina leith idir an Chomhairle Eorpach agus Parlaimint na hEorpa.
Agus é ag labhairt in Strasbourg, dúirt an tAire Calleary:
“Is cúis áthais dom a bheith ar ais in Strasbourg i gcomhair suí iomlánach de Pharlaimint na hEorpa. Táim ag súil go mór le lánsceideal de chruinnithe le mo chomhghleacaithe chun plé a dhéanamh faoi mhórcheisteanna cosúil le poist d’ardchaighdeán, bochtaineacht i measc leanaí agus tacaíocht d’fhostaíocht do dhaoine faoi mhíchumas, agus muid ag ullmhú dár nUachtaránacht féin ar an AE an bhliain seo chugainn. Feicim an tábhacht a bhaineann le sciath shóisialta thréan, mar chuid d’Eoraip atá láidir sábhailte iomaíoch.
“Táim ag tnúth go háirithe le bheith ag plé lenár bhFeisirí Eorpacha Éireannacha ar shaincheisteanna amhail maoiniú LEADER, rud atá, mar is eol dúinn, ina phríomhchumasóir ar fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, ag tacú le forbairt eacnamaíoch, ag cruthú post agus ag feabhsú caighdeán na beatha i gceantair thuaithe na hÉireann.”