English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhairliúchán Poiblí seolta ag an Aire Calleary maidir le Treochlár Nua um Chuimsiú Sóisialta nua

  • Comhairliúchán Poiblí oscailte anois go dtí an 30 Meitheamh 2025
  • Molann an tAire Calleary do na páirtithe leasmhara uile a dtuairimí a chur in iúl

Tá comhairliúchán poiblí seolta ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, maidir le Treochlár um Chuimsiú Sóisialta nua.

Tiocfaidh an Treochlár nua i gcomharba ar an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025 reatha arb é an ceann is déanaí é i sraith pleananna dá leithéid ag dul siar go 1997.

Tá sé mar aidhm ag an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta líon na ndaoine bochta in Éirinn a laghdú agus cuimsiú sóisialta a mhéadú dóibh siúd is mó atá faoi mhíbhuntáiste.

Cuimsítear 81 gealltanas sa Treochlár reatha, ar forbraíodh iad le ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha ar mhaithe lena straitéisí agus a bpleananna a léiriú. Tuairiscíodh ar dhul chun cinn maidir leis an Treochlár agus a ghealltanais sna Tuarascálacha ar Dhul Chun Cinn agus Cártaí Tuairisce bliantúla.

Agus an comhairliúchán á sheoladh aige inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Tá áthas orm an comhairliúchán tábhachtach seo a sheoladh. Tá an Treochlár nua ríthábhachtach maidir lena chinntiú go bhfuil cuimsiú sóisialta ag croílár na straitéise beartais agus seirbhíse poiblí ar fud na ranna agus na seirbhísí rialtais uile.

“Gealltar le Clár an Rialtais go leantar leis an mbéim i dtaca le haghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar eisiamh sóisialta agus beidh an Treochlár nua ina ghné lárnach den ghealltanas sin a bhaint amach.

“Impím ar gach páirtí leasmhar dul i ngleic leis an gcomhairliúchán seo chun Treochlár ar comharba é a chur i bhfeidhm a mbeidh mar threoir againn sna blianta amach romhainn.”

Beidh an comhairliúchán poiblí oscailte go dtí an 30 Meitheamh 2025.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus sonraí maidir le do thuairimí a chur in iúl tabhair cuairt ar Gov.ie/SIConsultation.


Nótaí d’Eagarthóirí:

Is é atá i gceist leis an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta ná ráiteas uileghabhálach maidir le straitéis Rialtais, lena dtugtar aitheantas don raon pleananna earnála atá i bhfeidhm cheana a bhfuil cuimsiú sóisialta mar phríomhchuspóir acu, i réimsí amhail oideachas, sláinte, leanaí agus cúram leanaí, forbairt pobail agus tithíocht.

Foilsíodh an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020 - 2025: Uaillmhian, Spriocanna agus Gealltanais i mí Eanáir 2020. Tagann sé i gcomharba ar an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta ar tháinig chun críche ag deireadh 2017 agus is é an ceann is déanaí é i sraith de phleananna dá leithéid ag dul siar go 1997.

Cuireann an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta seo le hobair a réamhtheachtaithe agus é mar aidhm leis líon na ndaoine atá i mbochtaineacht chomhsheasmhach in Éirinn a laghdú agus cuimsiú sóisialta a mhéadú dóibh siúd is mó atá faoi mhíbhuntáiste.