Seolann an tAire Calleary Comhairliúchán Poiblí maidir le hÍocaíochtaí Aoise Oibre Nua agus Íocaíochtaí Linbh Nua Spriocdhírithe Féideartha

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Calleary Comhairliúchán Poiblí maidir le hÍocaíochtaí Aoise Oibre Nua agus Íocaíochtaí Linbh Nua Spriocdhírithe Féideartha

  • Comhairliúchán poiblí chun tuairimí a fháil faoi íocaíocht linbh spriocdhírithe nua agus faoi íocaíocht aoise oibre nua féideartha
  • Is ionann na tograí agus athchóiriú mór féideartha ar Chóras Leasa Shóisialaigh na hÉireann do theaghlaigh ísealioncaim a bhfuil leanaí acu agus dóibh siúd a bhfuil fostaíocht á lorg acu nó atá i bhfostaíocht ísealioncaim

Sheol an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, plédhoiciméad agus próiseas comhairliúcháin inniu maidir le híocaíocht linbh nua spriocdhírithe féideartha, chomh maith le híocaíocht aoise oibre nua féideartha in Éirinn.

Tá an comhairliúchán seo ag teacht le gealltanais Chlár an Rialtais.

Tá sé mar aidhm ag na híocaíochtaí nua beartaithe bochtaineacht leanaí a laghdú trí íocaíocht sheachtainiúil neamhspleách a bhunú do theaghlaigh ísealioncaim a bhfuil leanaí acu, agus deireadh a chur le ‘titim anuas’ in íocaíochtaí a chuireann lagmhisneach ar dhaoine dul i mbun oibre breise.

Tá na dréacht-thograí maidir le tabhairt isteach an dá íocaíocht atá beartaithe i bPlédhoiciméad a d’fhoilsigh an tAire Calleary inniu.

Is smaointe iad na tograí sa Phlédhoiciméad maidir le conas a d’fhéadfaí aon íocaíocht nua a chur i bhfeidhm, agus tá sé mar aidhm acu tuairimí an phobail a bhailiú.

Níl aon chinneadh déanta fós maidir leis na hathruithe, más ann dóibh, a dhéanfar ar an gcóras leasa shóisialaigh. I ndeireadh na dála, agus an comhairliúchán seo mar bhonn eolais faoi, féadfaidh an Rialtas cinneadh a dhéanamh:

  • Rudaí a choinneáil mar atá siad,
  • An córas reatha a choinneáil, ach cuid de rialacha na n-íocaíochtaí atá ann faoi láthair a athrú, nó
  • Athchóiriú níos bunúsaí a thabhairt isteach bunaithe ar phlé agus ar aiseolas

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Tá ár gcóras leasa shóisialaigh reatha ar cheann de na cinn is éifeachtaí san Aontas chun bochtaineacht a laghdú ar bhonn seasta agus, mar sin, tá sé tábhachtach go scrúdóimid gach rogha agus aon athrú á bhreithniú againn. Chuige sin, leagtar amach leis an bplépháipéar seo ár gcóras reatha; cuirtear roinnt argóintí ar fáil i bhfabhar agus i gcoinne athruithe a dhéanamh; agus moltar smaointe atá ceaptha chun plé a spreagadh faoi na hathruithe sin.”

“Is mian liom tuairimí na bpáirtithe leasmhara a chloisteáil maidir leis an bplédhoiciméad seo, ach fáiltím roimh smaointe eile freisin faoin gcaoi a bhféadfaí an córas a fheabhsú chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí agus chun tacú le teaghlaigh ísealioncaim.”

Leagtar amach i bhfoilsiú an Phlédhoiciméid inniu paraiméadair leathana cur chuige féideartha amháin maidir le híocaíocht linbh nua spriocdhírithe agus íocaíocht aoise oibre nua.

Breithneofar dearaí deiridh an dá íocaíocht nua féideartha i ndiaidh an phróisis chomhairliúcháin. Fanfaidh an íocaíocht Sochair Linbh atá ann faoi láthair gan athrú agus ní bheidh tionchar ag tabhairt isteach aon íocaíochta nua féideartha uirthi.

Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí ó na páirtithe leasmhara go léir, lena n-áirítear oibrithe, cuardaitheoirí poist, fostóirí agus eagraíochtaí ionadaíocha, go háirithe iad siúd atá ag tacú le cearta leanaí agus teaghlach, agus ba chóir iad a sheoladh trí ríomhphost chuig: WACPConsultation@welfare.ie roimh 5pm an 12 Meitheamh 2026.

Nóta d’Eagarthóirí:

Is féidir teacht ar an bplédhoiciméad maidir le híocaíocht linbh spriocdhírithe agus íocaíocht aoise oibre ag Comhairliúchán Poiblí maidir le hÍocaíochtaí Aoise Oibre Nua agus Íocaíochtaí Linbh Nua Spriocdhírithe Féideartha

Ní dearadh deiridh é, agus is é an cuspóir atá leis plé cuiditheach a thionól agus aiseolas a lorg trí phróiseas comhairliúcháin phoiblí náisiúnta le páirtithe leasmhara. D’fhéadfadh sé go mbeidh difríocht shuntasach idir dearadh aon togra a d’fhéadfaí a thabhairt chuig an Rialtas agus an dearadh atá leagtha amach sa phlédhoiciméad comhairliúcháin.

Tugann an plédhoiciméad cuireadh do pháirtithe leasmhara aiseolas a thabhairt ar dhá shamhail ardleibhéil atá beartaithe do na híocaíochtaí.

Leagtar amach sa phlédhoiciméad dearadh le haghaidh íocaíocht linbh spriocdhírithe lena mbainfeadh an méid seo leanas:

  • Bheadh sí ar fáil do theaghlaigh ísealioncaim
  • Ní bheadh sé de cheangal ar na teaghlaigh íocaíocht leasa shóisialaigh eile a fháil le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh
  • Bheadh an méid a gheobhadh daoine ag brath ar a n-ioncam teaghlaigh agus ar líon na leanaí atá acu
  • Moltar, faoi aon Íocaíocht Linbh spriocdhírithe féideartha, go n-íocfaí méid socraithe do gach leanbh i dteaghlach agus go mbeadh an méid a d’íocfaí níos airde do leanaí atá 12 bliana d’aois agus níos sine
  • Gheobhadh teaghlaigh a bhfuil ioncam faoi bhun leibhéal áirithe acu an t-uasráta, agus laghdódh an ráta de réir a chéile de réir mar a mhéadaíonn ioncam an teaghlaigh

Ní dhéanfadh an íocaíocht spriocdhírithe difear don íocaíocht Sochair Linbh atá ann cheana féin, atá le coimeád mar atá.

Leagtar amach sa phlédhoiciméad cur chuige féideartha maidir le híocaíocht aoise oibre freisin, lena mbainfeadh an méid seo a leanas:

  • Bheadh sí ar fáil dóibh siúd atá idir 18 agus 66 bliain d’aois agus atá dífhostaithe go hiomlán nó ar ioncam íseal, beag beann ar na laethanta nó na huaireanta a oibrítear
  • Bheadh sí ar fáil do dhaoine singile, lánúineacha agus teaghlaigh a bhfuil leanaí acu.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat