An tAire Calleary tar éis Comhairliúchán Poiblí maidir le Costas an Mhíchumais a sheoladh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Calleary tar éis Comhairliúchán Poiblí maidir le Costas an Mhíchumais a sheoladh

  • Comhairliúchán poiblí oscailte as seo go dtí an 7 Aibreán 2026
  • An tAire Calleary ag iarraidh ar gach páirtí leasmhar a dtuairimí a chur in iúl maidir le forbairt íocaíochta i leith chostas an mhíchumais
  • Cruinniú Mullaigh Líonra Fócais Straitéisigh maidir le Costas an Mhíchumais le heagrú ar an 13 Bealtaine

Sheol an tAire Coimirce Sóisialaí Dara Calleary comhairliúchán poiblí inniu maidir le Costas an Mhíchumais.

I gClár an Rialtais, tugtar gealltanas Íocaíocht Bhliantúil Tacaíochta i leith Chostas an Mhíchumais a thabhairt isteach ar bhonn buan. Fáiltítear roimh aighneachtaí chuig an gcomhairliúchán maidir leis an gcur chuige atá le glacadh i leith na híocaíochta sin.

Déanfaidh an comhairliúchán eolas don chlár oibre ag Cruinniú Mullaigh Líonra Fócais Straitéisigh maidir le Costas an Mhíchumais. Ar an 13 Bealtaine 2026 a eagrófar an Cruinniú Mullaigh sin, a mbeidh an tAire Coimirce Sóisialaí Dara Calleary mar chathaoirleach air.

Tionscnamh faoin Straitéis Náisiúnta um Chearta an Duine do Dhaoine faoi Mhíchumas is ea an Cruinniú Mullaigh céanna. Sa Straitéis sin, aithnítear na costais bhreise a bhíonn le seasamh ag daoine faoi mhíchumas mar gheall ar a míchumas. Tá caiteachas iompair, sláinte, oideachais, cumarsáide agus tí i measc na gcostas sin nach mór aghaidh a thabhairt orthu ar bhonn uilerialtais.

Chuige sin, tiocfaidh Eagraíochtaí Daoine faoi Mhíchumas, Airí, Oifigigh Shinsearacha Rialtais, ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus páirtithe leasmhara a bhfuil saineolas ábhartha acu le chéile ag an gCruinniú Mullaigh d’fhonn cur chuige trasrialtais i leith chostas an mhíchumais a phlé chun straitéis don todhchaí a mhúnlú.

Agus an comhairliúchán á sheoladh aige, dúirt an tAire Calleary:

“Bíonn costais bhreise le seasamh gach lá ag líon mór daoine faoi mhíchumas. Sin an fáth a bhfuil beart nua maidir le Costas an Mhíchumais á fhorbairt ag an Rialtas. Spreagaim gach páirtí leasmhar – daoine faoi mhíchumas, a muintir, a gcúramóirí, a ngrúpaí ionadaíochta agus Eagraíochtaí um Dhaoine faoi Mhíchumas ina measc – le cur leis an gcomhairliúchán poiblí chun cabhrú le múnlú na híocaíochta nua seo.

“Tá feabhsú na ndeiseanna do dhaoine faoi mhíchumas mar phríomhthosaíocht ag an Rialtas. Is den ríthábhacht comhairliúchán a dhéanamh le daoine faoi mhíchumas, d’fhonn a chinntiú go gcoinneofar a nglórtha i gcroílár fhorbairt na híocaíochta seo agus go n-aithneofar bealaí eile trasrialtais chun aghaidh a thabhairt ar chostas an mhíchumais ar bhealach atá fiúntach agus inmharthana.”

Beidh an comhairliúchán poiblí oscailte go dtí 5pm Dé Máirt an 7 Aibreán 2026.

Ullmhaíodh raon iomlán formáidí inrochtana chun tacú le rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas. Áirítear leo sin físeán i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann, doiciméad soléite (Béarla amháin), leagan Word atá oiriúnach do léitheoirí scáileáin agus leagan Braille. Is i scríbhinn (trí ríomhphost nó tríd an bpost) agus ar an nguthán a ghlacfar le haighneachtaí. Glacfar le haighneachtaí físeáin freisin.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus sonraí maidir le do thuairimí a chur in iúl, tabhair cuairt ar: gov.ie/COD

NÓTA D’EAGARTHÓIRÍ

Sa Straitéis Náisiúnta um Chearta an Duine do Dhaoine faoi Mhíchumas, 2025-2030, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2025, tugtar gealltanas Cruinniú Mullaigh Líonra Fócais Straitéisigh maidir le Costas an Mhíchumais a eagrú.

Ar an 13 Bealtaine 2026 a bheidh an Cruinniú Mullaigh ar siúl. Beidh an t-imeacht aon lae sin dírithe ar phlé ar na costais a bhaineann le míchumas ar mhaithe le múnlú straitéise don todhchaí, agus machnamh á dhéanamh ann ar réimsí amhail:

- An cuspóir a bheadh le híocaíocht i leith chostas an mhíchumais.

- Smaointe faoin gcaoi a n-oibreodh íocaíocht i leith chostas an mhíchumais.

- Na príomhghníomhartha is gá chun an íocaíocht a thabhairt isteach.

- Na príomhghníomhartha uilerialtais, maidir le costas an mhíchumais, ar ar féidir dul chun cinn a dhéanamh le linn thréimhse na straitéise.

I gClár an Rialtais, tugtar gealltanas Íocaíocht Bhliantúil Tacaíochta i leith Chostas an Mhíchumais a thabhairt isteach ar bhonn buan. Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí chuig an gcomhairliúchán freisin, maidir leis an gcur chuige atá le glacadh i leith na híocaíochta sin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat