Iarratais oscailte ag an Aire Calleary don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil 2025
- Foilsithe: 27 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Meitheamh 2025
- Gheobhaidh níos mó ná 114,000 teaghlach an liúntas go huathoibríoch i mí Iúil
- Thart ar €54 milliún ar fáil don scéim i mbliana
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu go bhfuil na hiarratais don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil 2025 oscailte.
Soláthraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain nua íocaíocht aonuaire do theaghlaigh incháilithe chun cabhrú leo íoc as éadaí agus coisbheart scoile.
Tá an ráta íocaíochta don bhliain 2025 cothrom le €160 le haghaidh leanaí atá idir 4 - 11 bliain d’aois agus cothrom le €285 le haghaidh leanaí atá dhá bhliain déag d’aois agus níos sine agus atá ag freastal ar oideachas dara leibhéal.
Agus é ag trácht ar an scéim, dúirt an tAire Calleary:
“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil do 2025 oscailte d’iarratais inniu.
“Tugaim an brú a bhíonn ar thuismitheoirí maidir le costais a bhaineann le filleadh ar an scoil agus tá €54.4 milliún faighte agam le haghaidh na scéime an bhliain seo.”
Íocfar formhór na n-íocaíochtaí go huathoibríoch agus ní bheidh aon ghá le hiarratas a dhéanamh. Íocfar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil go huathoibríoch le níos mó ná 114,000 teaghlach i leith tuairim is 197,000 leanbh le linn na seachtaine dar tús an 14 Iúil 2025.
I láthair na huaire, tá an Roinn Coimirce Sóisialaí ag próiseáil na n-íocaíochtaí seo agus gheobhaidh faighteoirí dearbhú ina gcuirfear in iúl dóibh go bhfuil siad i dteideal an liúntais go huathoibríoch, ar a gcuntas MyWelfare nó tríd an bpost. Íocfar thart ar €42 milliún leis na teaghlaigh seo le linn na seachtaine dar tús an 14 Iúil.
Ba chóir d’aon teaghlach nach bhfaigheann fógra ón Roinn go bhfuil íocaíocht uathoibríoch á déanamh, iarratas a dhéanamh ar líne ar www.MyWelfare.ie, fiú má rinneadh íocaíocht leo an bhliain seo caite. Is féidir iarratais ar líne a dhéanamh ón Luan, an 9 Meitheamh.
Dúirt an tAire Calleary freisin:
“Íocfar níos mó ná 75% d’íocaíochtaí faoin scéim seo gan gá le hiarratas a dhéanamh. Eiseoidh mo Roinn íocaíochtaí uathoibríocha do níos mó ná 114,000 teaghlach i mí Iúil, agus mholfainn do gach teaghlach a n-incháilitheacht don scéim thábhachtach seo a sheiceáil.”
Nótaí
Soláthraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain nua íocaíocht aonuaire do theaghlaigh incháilithe chun cabhrú leo íoc as éadaí agus coisbheart scoile.
Is iad na rátaí íocaíochta don scéim Liúntais Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil 2025 ná €160 le haghaidh leanaí atá idir 4-11 bliain d’aois ar nó roimh 30 Meán Fómhair 2025 agus €285 le haghaidh leanaí atá 12-22 bhliain d’aois ar nó roimh 30 Meán Fómhair 2025. Ní mór do mhic léinn atá idir 18 - 22 bhliain d’aois a bheith ag filleadh ar oideachas lánaimseartha dara leibhéal i scoil aitheanta nó i gcoláiste aitheanta i bhfómhar na bliana 2025 chun teidlíocht ar íocaíocht a choinneáil.
Tá línte teileafóin tiomnaithe á gcur ar fáil ag an Roinn ag 071-9193318 agus
0818-11-11-13 chun ceisteanna a bhaineann leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua a fhreagairt le linn gnáthuaireanta oibre ó Luan go hAoine ó 9.00am go 5.00pm. Chomh maith leis sin, tá an rogha ag daoine ríomhphost a sheoladh chuig an Roinn ag bscfa@welfare.ie má tá aon cheist acu maidir lena n-iarratas nó lena dteidlíocht.
Is é an 30 Meán Fómhair 2025 an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil na bliana seo.
Tá tuilleadh eolais maidir leis na critéir cháilitheachta le haghaidh an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le fáil ag www.gov.ie/bscfa.
Briseadh Síos de réir Contae ar fhaighteoirí le fáil thíos
Baile Átha Cliath 30,454
Ceatharlach 1,906
An Cabhán 1,906
An Clár 2,572
Corcaigh 10,733
Dún na nGall 5,064
Gaillimh 5,068
Ciarraí 3,688
Cill Dara 4,676
Cill Chainnigh 1,720
Laois 2,131
Liatroim 970
Luimneach 5,067
An Longfort 1,545
Lú 4,695
Maigh Eo 3,262
An Mhí 4,020
Muineachán 1,551
Uíbh Fhailí 2,130
Ros Comáin 1,504
Sligeach 1,634
Tiobraid Árann 4,192
Port Láirge 3,601
An Iarmhí 2,446
Loch Garman 4,628
Cill Mhantáin 3,248
Iomlán 114,411