Síníonn an tAire Calleary conradh nua le An Post le haghaidh íocaíochtaí airgid thirim ag oifigí poist
- Foilsithe: 9 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 9 Eanáir 2026
- Déanfaidh An Post thart ar 25 milliún íocaíocht a sheachadadh do chustaiméirí leasa shóisialaigh in 2026
- Is féidir pinsin, liúntas cuardaitheora poist, sochar linbh agus araile a bhailiú ag d’Oifig an Phoist áitiúil
Inniu, d’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary, gur bronnadh an conradh do chonradh nua Seirbhísí Íocaíochta Airgid Thirim na Roinne Coimirce Sóisialaí ar An Post.
Forálann conradh Seirbhísí Íocaíochta Airgid Thirim na Roinne d’íocaíochtaí airgid pearsanta thar an gcuntar le haghaidh faighteoirí leasa shóisialaigh. Déantar thart ar 30% de na híocaíochtaí a dhéantar le custaiméirí na Roinne agus feidhm á baint as airgead tirim.
Déantar an conradh a bhronnadh ar an An Post i ndiaidh próiseas tairisceana iomaíoch chun an luach agus an caighdeán is fearr a chinntiú do chustaiméirí agus do cháiníocóirí.
Thosaigh an conradh nua um Sheirbhísí Íocaíochta Airgid Thirim an 1 Eanáir 2026 agus rachaidh sé in éag i mí na Nollag 2028. Tar éis don tréimhse chonartha tosaigh trí bliana a bheith críochnaithe, tá an rogha ag an Roinn an conradh a shíneadh ar feadh bliana breise.
Agus fáilte á cur aige roimh an gconradh nua, dúirt an tAire Calleary:
“Sheachaid An Post beagnach 25 milliún íocaíocht leasa shóisialaigh dár gcustaiméirí trí Líonra An Post in 2025. Anois agus an conradh nua seo i bhfeidhm, leanfaidh mo Roinn, i gcomhar le An Post, de bheith ag soláthar na n-íocaíochtaí airgid thirim do chustaiméirí na Roinne a bhraitheann ar an tseirbhís seo ar fud phobail uirbeach agus tuaithe.”
Dúirt Debbie Byrne, Stiúrthóir Bainistíochta An Post Retail:
“Tá áthas ar An Post leanúint ar aghaidh ag soláthar seirbhísí íocaíochta airgid do chustaiméirí na Roinne Coimirce Sóisialaí ar fud na hÉireann."
"Trí infheistíocht inár líonra uathúil de 880 Oifig Poist, teicneolaíocht, oiliúint agus ár bhfoireann dhíograiseach agus Máistrí Poist, leanfaimid orainn ag cinntiú go mbeidh rochtain ag custaiméirí ar íocaíochtaí airgid slána, iontaofa, atá thar a bheith riachtanach do phobail áitiúla.
Láimhseáil Oifigí Poist breis is €7 billiún in íocaíochtaí RCS anuraidh, ag léiriú athléimneachta ollmhór le linn imeachtaí drochaimsire agus dúshláin eile chun freastal ar chustaiméirí. Táimid ag tnúth lenár gcaidreamh oibre dlúth leanúnach leis an Roinn sna blianta amach romhainn”, a dúirt sí.