Tugann An tAire Calleary cuairt ar Imeacht Míchumais agus Rannpháirtíochta Cúramóra Bhéal an Átha

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann An tAire Calleary cuairt ar Imeacht Míchumais agus Rannpháirtíochta Cúramóra Bhéal an Átha

  • Tá breis agus 40 eagraíocht ag imeacht in Óstán an Great National chun conairí fostaíochta do chúramóirí agus do dhaoine faoi mhíchumais a léiriú
  • Is cuid de thionscnamh Oibre agus Scileanna INTREO de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí é an t-imeacht
  • Imeachtaí Oibre agus Scileanna ar siúl ar fud na hÉireann ó inniu go dtí an 13 Márta

Thug an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, cuairt inniu ar Imeacht Rannpháirtíochta Míchumais agus Cúramóra Oibre agus Scileanna Intreo, a bhí ar siúl in Óstán an Great National, Baile an Átha.

Bhuail an tAire leo siúd a bhí ag freastal air, mar aon le heagraíochtaí tacúla a bhí ag an imeacht freisin, a reáchtáil an Roinn Coimirce Sóisialaí mar chuid dá tionscnamh náisiúnta Oibre agus Scileanna Intreo.

D'fhreastail breis agus 40 eagraíocht ar imeacht an lae inniu chun conairí fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumais agus dóibh siúd a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu a léiriú.

I láthair ag an imeacht freisin, bhí dhá chomhlacht nuálacha atá lonnaithe i Maigh Eo a tháirgeann táirgí tacaíochta do dhaoine faoi mhíchumais:

  • Cubbie – cruthaitheoirí an “Cubbie Pod” ilchéadfach, atá deartha chun tacú le daoine agus iad ag bainistiú a riachtanais chéadfacha agus chun an t-ionchuimsiú sóisialta a chur chun cinn.
  • SPINI – forbróirí na Cathaoireach RF SPINI, suíochán céadfach rothlach deartha chun tacú le mearrialú céadfach do dhaoine atá néara-éagsúil.

Is cuid d'fheachtas Oibre agus Scileanna Intreo na Roinne é an t-imeacht a thosaigh inniu, áit a mbeidh réimse leathan imeachtaí faisnéise agus earcaíochta ar siúl ar fud na tíre ar feadh coicíse.

Tá faisnéis ar raon iomlán na n-imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo, lena n-áirítear faisnéis maidir le conas clárú chun freastal orthu, ar fáil ag www.Gov.ie/WorkandSkills

Agus é ag trácht ar an gcuairt ar Bhéal an Átha, dúirt an tAire Calleary:

“Ba phribhléid dom cuairt a thabhairt ar imeacht an lae inniu ag Óstán an Great National agus am a chaitheamh leis an oiread sin cúramóirí, daoine faoi mhíchumas, urlabhraithe agus eagraíochtaí tacaíochta. Bhí an muintearas idir na daoine, an mianach a léiríodh agus an tacaíocht fhrithpháirteach a bhí le mothú sa seomra thar a bheith spreagúil.

Cuireann cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas go mór lenár sochaí agus tá aitheantas, meas, agus comhdheiseanna tuillte acu. Mar Rialtas, táimid tiomanta ar son constaicí a shárú, rochtain ar sheirbhísí a leathnú, agus a chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas páirt iomlán a ghlacadh i ngach gné den saol in Éirinn — lena n-áirítear fostaíocht, oideachas agus saol an phobail.

Tá ríthábhacht ag baint le himeachtaí ar nós an ceann a reáchtáladh inniu. Cruthaítear leo spás chun caidrimh a chur ar bun, deiseanna chun eispéiris a roinnt agus tacaíocht phraiticiúil a sholáthar. Bhí an deis acu siúd a d'fhreastail ar an imeacht bualadh le heagraíochtaí atá tiomanta ar son iad a chumasú, bealaí chun oibre a iniúchadh, agus teacht ar sheirbhísí atá ceaptha chun a gcuid riachtanas aonair agus na huaillmhianta atá acu a chomhlíonadh.

Bhí ríméad orm freisin bualadh le foireann mo Roinne, a bhfuil a dtiomantas ar son tacú le cúramóirí agus le daoine faoi mhíchumas ríshoiléir ina gcuid oibre laethúla. Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil leo — agus le gach duine a bhí páirteach ann — as a dtiomantas, as a gcomhbhá agus as a n-abhcóideacht leanúnach.

Beidh go leor imeachtaí Oibre agus Scileanna ar siúl ón lá seo amach, agus molaim d’aon duine a bhfuil suim acu freastal ar imeacht dul chuig Gov.ie/WorkandSkills le haghaidh tuilleadh faisnéise.”

Nótaí:

Pictiúir de chuairt na nAirí, seolta ar leithligh ag Maxwell Photography - buíochas le Michael McLaughlin.

Is é Intreo seirbhís fostaíochta poiblí Rialtas na hÉireann, a chuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí ar fáil mar phointe teagmhála aonair do gach tacaíocht fostaíochta agus ioncaim. Soláthraíonn sé seirbhísí agus tacaí fostaíochta praiticiúla, saincheaptha do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí araon.

Tugann imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo deis do chuardaitheoirí poist nascadh le fostóirí atá ag earcú ar bhonn gníomhach. Ina theannta sin, is féidir le cuardaitheoirí poist foghlaim faoi na roghanna oiliúna atá ar fáil, agus leas a bhaint as comhairle maidir le cuardach poist chun cabhrú leo an chéad chéim eile a ghlacadh ina ngairm bheatha.

Liosta d'Eagraíochtaí a d'fhreastail ar imeacht an lae inniu:

Ainm na hEagraíochta

Catagóir

AsIAm

Seirbhís

Atlantic Care

Fostóir

Baker 51/O’Hara’s

Fostóir

Ballina Autism Friendly Town

Eagraíocht Phobail

Cúramóirí Teaghlaigh Éireann

Seirbhís

Faisnéis do Shaoránaigh

Faisnéis

Cubbie

Seirbhís/ Táirge

Intreo: CPFMA + Oifigigh CÉC

Intreo

Intreo -Oifigigh um Chaidreamh Fostóra

INTREO

Dolmen Rainbow Cleaners

Fostóir

Down Syndrome Mayo

Eagraíocht Phobail

Employability Mayo

Seirbhís: Oideachas agus Fostaíocht

BOO

Oideachas

Bord Printíseachta BOO

Oideachas

Bord Eures (comhrá beo Fraincise)

Intreo/Eures

Oiliúint FIT

Oideachas

Foróige

Seirbhís: Óige

FRS training

Soláthraí Oiliúna

Grow remote

Fostóir

ICE jobs

Fostóir: Gníomhaireacht Earcaíochta

Jam card group

Seirbhís

Martinas homemade foods Killala

Fostóir

Mayo Mental Health

Seirbhís

Mayo Recovery College

Seirbhís

Mayo Sports Partnership

Clár

Mayo Training Institute

Oiliúint

Moy Innovations

Fostóir

MPE Renewables - Innealtóireacht

Fostóir

An Líonra Náisiúnta Foghlama

Seirbhís: Oideachas agus Fostaíocht

Ready to Work

Iardheisceart Mhaigh Eo

Shark trading

Fostóir

Shore Farm Pony therapy

Seirbhís

SICAP – fiontraíocht um fhilleadh ar an obair

Clár: Taithí

Erris Workability

Clár: Taithí

SPINI chair-Belmullet -Brian Lavelle

Táirge

Traveller apprenticeship group

Clár: Printíseacht

Tús agus Earcaíocht FP eolas+

INTREO

Údarás na Gaeltachta

Seirbhís

Western Care

Seirbhís: Cúram Lae

An Garda Síochana

Seirbhís

Óstán an Great National

Fostóir

G and G Engineering

Fostóir

Social Farming /Living Well

Clár

Seirbhís bus Nasc Áitiúil

Seirbhís

 

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat