Fógraíonn an tAire Dara Calleary gur tugadh isteach Forlíonadh Taistil um Fhoréigean Baile
- Foilsithe: 28 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 1 Bealtaine 2026
- Beart nua chun saorthaisteal a sholáthar d’íospartaigh foréigin baile
- Cinntíonn an forlíonadh Taistil rochtain láithreach gan stró ar an tacaíocht seo d’íospartaigh foréigin baile lena riachtanais taistil
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary, inniu go bhfuil prótacal Forlíonadh Taistil tugtha isteach d’íospartaigh foréigin teaghlaigh. I bhfeidhm ón Máirt 5 Bealtaine, cinnteoidh sé seo go mbeidh an tacaíocht airgeadais riachtanach ag daoine atá ag teitheadh ó fhoréigean baile chun freastal ar a riachtanais taistil láithreach.
Is tosaíocht mhór don Rialtas dul i ngleic le foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe. Cuimsíonn Clár an Rialtais roinnt gealltanas ina leith seo. Tá sé ríthábhachtach cur chuige maidir le neamhfhulaingt i leith foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe a bhunú chun daoine aonair a chosaint agus sochaí níos sábháilte a chur chun cinn, agus tacaítear leis trí na gníomhartha a chur chun feidhme sa Straitéis Neamhfhulaingthe maidir le Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe.
Arna ardú ag an Seanadóir Patricia Stephenson sa Seanad, chomhaontaigh an Rialtas oibriú leis an Seanadóir agus le páirtithe leasmhara chun teacht ar réiteach a thacódh leo siúd atá ag teitheadh ó fhoréigean baile.
Tar éis comhairliúcháin, cuirfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí forlíonadh taistil ar fáil dóibh siúd atá ag teitheadh ó fhoréigean baile gan gá le tástáil acmhainne le linn na chéad trí mhí.
Tar éis na chéad trí mhí a bheith caite, féadfar síneadh trí mhí breise ar an bhForlíonadh Taistil a sholáthar do dhuine; faoi réir an ghnáthmheasúnaithe acmhainne in éineacht le hathbhreithniú ar incháilitheacht duine.
Léiríonn an cur chuige seo an scéim rathúil chun Forlíonadh Cíosa a sholáthar d’íospartaigh foréigin baile.
Chun iarratas a dhéanamh ar an bhForlíonadh Taistil um Fhoréigean Baile, beidh ar dhuine a dhearbhú gur íospartach foréigin baile iad mar chuid dá n-iarratas ar thacaíocht.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Calleary:
“D’aon duine atá ag fulaingt foréigin baile, ní bhíonn an cinneadh imeacht choíche éasca – agus is minic a bhíonn bacainní praiticiúla cosúil le costas taistil ina mbac ar shábháilteacht. Níl sin inghlactha ar chor ar bith.
Sin é an fáth go bhfuilim ag tabhairt isteach Forlíonadh Taistil nua um Fhoréigean Baile – beart a chreidim a dhéanfaidh difríocht fhíor agus láithreach i saol daoine.
Cinntíonn an forlíonadh Taistil rochtain láithreach gan stró ar an tacaíocht seo d’íospartaigh foréigin baile lena riachtanais taistil.
Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le baill Cuan, Cúnamh do Mhná, an tIonad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath agus SafeIreland a chuaigh i ngleic leis an ábhar seo le hoifigigh ó mo Roinnse agus a chuir a n-ionchur luachmhar ar fáil.
Leanfaidh m’oifigigh ag obair leis na páirtithe leasmhara seo chun faisnéis a chur ar fáil maidir leis an raon tacaíochtaí atá ar fáil ó mo roinn agus atá inrochtana go héasca d’íospartaigh foréigin baile
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Seanadóir Patricia Stephenson as aird a tharraingt ar an gceist seo i mí Dheireadh Fómhair seo caite lena dréachtbhille maidir le Saorthaisteal agus Foréigean Baile.”
Nótaí:
Faoin scéim Liúntas Forlíontach Leasa, féadfaidh an roinn forlíonadh seachtainiúil nó míosúil a bhronnadh chun cabhrú le costais leanúnacha nó athfhillteacha nach féidir a íoc as acmhainní an chliaint féin agus a mheastar a bheith riachtanach. D’fhéadfadh Forlíonadh Taistil a bheith i gceist leis seo, a d’fhéadfaí a íoc i gcás ina bhfuil costas taistil riachtanach athfhillteach ag custaiméir, mar shampla costais taistil leanúnacha le haghaidh cuairteanna ospidéil.
Mar is amhlaidh leis an bhForlíonadh Taistil atá ann cheana féin, beidh leibhéil na híocaíochta faoin bhForlíonadh Taistil um Fhoréigean Baile ag brath ar chúinsí agus riachtanais aonair an iarratasóra agus na costais bhreise a thabhaítear le haghaidh turais riachtanacha, lena n-áirítear, más ábhartha, costais bhreosla a bhaineann le húsáid a mótarfheithicle féin. Níl aon rátaí socraithe ann.
Déanfaidh Oifigigh Leasa Pobail na híocaíochtaí seo a riaradh agus beidh deimhniú ag teastáil uathu ó cheann de na heagraíochtaí/daoine aonair thíos chun an t-éileamh a phróiseáil:
- atreorú ó sholáthraí seirbhíse atá maoinithe ag Cuan,
- cóip d’Ordú Cúirte, amhail Ordú Urchoisc, Sábháilteachta nó Cosanta
- fianaise i scríbhinn ó:
- Ball den Gharda Síochána
- Gairmí cúraim sláinte, e.g. dochtúir teaghlaigh, altra sláinte poiblí
- Oibrí sóisialta cláraithe
- Comhairleoir dlí
- Oibrí tacaíochta teaghlaigh
I gcásanna nach mbeadh rochtain láithreach ag custaiméir ar an deimhniú riachtanach, a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le moill ar íocaíocht, is féidir leis an Roinn Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise a sholáthar láithreach.