Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary agus an tAire O'Brien síneadh ar an Scéim Saorthaistil dóibh siúd os cionn 70

  • Tá Pas Saorthaistil do Chompánaigh ar fáil ón 29 Meán Fómhair do dhaoine atá 70 bliain d’aois agus níos sine
  • Táthar ag súil go mbainfidh 525,000 duine leas as an mbeart nua seo

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, agus an tAire Taistil, Darragh O'Brien TD, inniu sonraí maidir le síneadh ar an Scéim Saorthaistil dóibh siúd atá 70 bliana d’aois agus níos sine.

Ón 29 Meán Fómhair, is féidir leo siúd atá thar 70 a bhfuil Cárta Seirbhísí Poiblí saorthaistil do chompánaigh acu, duine eile,16 bliana d’aois nó níos sine, a thabhairt leo saor in aisce ar gach seirbhís iompair phoiblí agus ar roinnt seirbhísí iompair príobháideacha atá faoin Scéim Saorthaistil. Áirítear leis seo bus, iarnród, Nasc Áitiúil agus an Luas, chomh maith le roinnt seirbhísí a chuireann oibreoirí iompair bus agus farantóireachta príobháideacha ar fáil.

Rinne na hAirí an fógra inniu le linn cuairt ar Stáisiún Heuston.

Táthar ag súil go mbainfidh suas le 525,000 faighteoir Saorthaistil atá 70 agus níos sine leas as an mbeart seo i mbliana ar chostas €4.1m.

Tá gach Aire sa Roinn Iompair ag tacú leis an Síneadh ar an Scéim seo - an tAire Iompair Darragh O'Brien TD, an tAire Stáit Jerry Buttimer TD, agus an tAire Stáit Seán Canney TD.

Le míonna beaga anuas, scríobh an Roinn Coimirce Sóisialaí chuig gach duine incháilithe, á gcur ar an eolas faoin teidlíocht nua.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Dara Calleary:

“Tá an-áthas orm an síneadh suntasach seo a fógairt ar an Scéim Saorthaistil.

Ó dheireadh Mheán Fómhair, beidh gach duine os cionn 70 a bhfuil Cárta Seirbhísí Poiblí Saorthaistil do chompánaigh acu in ann duine eile a thabhairt leo ar a n-aistear thar gach seirbhís iompair phoiblí agus ar sheirbhísí iompair áirithe atá mar chuid den scéim Saorthaistil.

Táthar ag súil go mbainfidh suas le 525,000 duine 70 d’aois nó níos sine leas as an mbeart seo agus tá súil agam go dtabharfaidh sé deis do dhaoine níos sine a rogha féin a bheith acu chomh maith le saoirse agus slándáil níos fearr agus iad ag taistil ar chúiseanna taistil ar nós coinní leighis nó chun freastal ar ghníomhaíochtaí teaghlaigh, fóillíochta nó cultúrtha.”

Dúirt an tAire Darragh O'Brien:

“Agus an Pas Saorthaistil do Chompánaigh dóibh siúd os cionn 70 bliana d’aois, léirítear dul chun cinn fiúntach i réimse na soghluaisteachta cuimsithí agus inmharthana. Trí shaoránaigh a chumasú chun taistil le comrádaí saor in aisce, táimid ag spreagadh agus ag tacú leis an úsáid neamhspleách as roghanna iompair poiblí do gach duine inár bpobail.

Tagann rolladh amach an togra seo le hiarrachtaí chun córais iompair phoiblí atá go hiomlán inrochtana a bhaint amach agus freastalaíonn sé ar an gcoimitmint inár gClár Rialtais chun tograí maidir le hathrú iompraíochta aithint, taighde a dhéanamh orthu agus chomhordú a sholáthar ina leith chun tacú le hathrú módúil agus spleáchas ar charranna a laghdú, ag díriú ar bhuntáistí sochaí níos leithne dá bharr.”

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Daoine Scothaosta, Kieran O'Donnell TD:

“Cuirim fáilte roimh an síneadh ar an Scéim Saorthaistil, ina bhféadann daoine atá 70 bliana d’aois agus níos sine daoine eile a thabhairt leo agus iad ag taisteal saor in aisce ar sheirbhísí iompair atá ah feidhmiú faoin scéim seo.

Tá tograí ar nós an Pas Saorthaistil do Chompánaigh mar chuid de thiomantas seasta an Rialtais chun tacú le daoine níos sine saolta lánsásta agus neamhspleách a bheith acu ina bpobail lena n-áirítear inrochtaineacht níos fearr ar sheirbhísí iompair a sholáthar.”

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt ag an Roinn Iompair, Seán Canney:

“Tagann an togra nua seo le hiarrachtaí chun córas iompar poiblí atá go hiomlán inrochtana a bhaint amach. Léiríonn an beart seo tuiscint dhomhain ar na dúshláin atá ag daoine scothaosta in Éirinn. Soláthraíonn sé tacaíocht shaincheaptha chun freastal ar a riachtanais shoghluaisteachta le cinntiú go bhfreastalaíonn iompar poiblí ar gach saoránach, beag beann ar aois agus suíomh.”

Nótaí:

Tá briseadh síos measta ar thairbhithe sna Contaetha éagsúla mar seo a leanas:

Contae

Comhaireamh

Ceatharlach

6,543

An Cabhán

8,977

An Clár

14,500

Corcaigh

55,973

Dún na nGall

22,953

Baile Átha Cliath

133,464

Gaillimh

29,183

Ciarraí

19,165

Cill Dara

21,263

Cill Chainnigh

10,719

Laois

6,634

Liatroim

4,832

Luimneach

20,755

An Longfort

5,150

14,246

Maigh Eo

18,932

An Mhí

19,272

Muineachán

7,661

Uíbh Fhailí

7,493

Ros Comáin

8,387

Sligeach

8,315

Tiobraid Árann

18,601

Port Láirge

14,284

An Iarmhí

10,225

Loch Garman

19,124

Cill Mhantáin

18,350

 

Tá an Scéim Saorthaistil ar fáil faoi láthair do gach duine 66 bliana d’aois nó níos sine, agus do dhaoine áirithe atá faoi 66 a fhaigheann íocaíochtaí nó a chomhlíonann na coinníollacha leighis do Phinsean na nDall, agus a bhfuil cónaí buan sa Stát orthu.

Má cháilíonn tú do Shaorthaisteal agus má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó mar chomhchónaitheoir, féadfaidh do pháirtí taisteal leat saor in aisce faoi láthair má chomhlíonann tú critéir áirithe.

Má tá tú faoi 70 agus murar féidir leat taisteal i d’aonar ar chúiseanna leighis, d’fhéadfá cur isteach ar Shaorthaisteal mar chomrádaí. Ligeann sé seo do dhuine atá 16 bliana d’aois nó níos sine taisteal leat saor in aisce.

Ligeann an beart nua seo do dhaoine thar 70 a bhfuil Cárta Seirbhísí Poiblí Saorthaistil bailí do chompánach acu, duine eile, 16 nó níos sine, taistil leo saor in aisce.

Ceadaíonn an Scéim Saorthaistil saorthaisteal ar iompar poiblí a chuireann an Stát ar fáil. Áirítear leis seo bus, iarnród, Nasc Áitiúil agus an Luas. Tá saorthaisteal ar fáil freisin ar roinnt seirbhísí a oibríonn oibreoirí príobháideacha bus agus farantóireachta.

Tá os cionn 1.1 milliún duine incháilithe do Phas Saorthaistil. Méadaíonn an figiúr seo go dtí os cionn 1.9 milliún nuair atá pasanna comrádaithe agus céile san áireamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim Saorthaistil, tabhair cuairt ar www.Gov.ie/FreeTravel.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat