English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Na chéad athruithe, le 14 bliain anuas, ar an tástáil acmhainne do chúramóirí fógartha ag an Aire Humphreys

  • tá an neamhaird chaipitil do chúramóirí méadaithe ó €20,000 - €50,000
  • tá an neamhaird ioncaim sheachtainiúil don Liúntas Cúramóra méadaithe go €350 do dhuine singil agus go €750 do lánúin
  • Fuair 121,000 cúramóir agus a dteaghlaigh an Deontas Tacaíochta Bliantúla do Chúramóirí, luach €1,850, an tseachtain seo

Tá sraith feabhsuithe fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, ar na tacaíochtaí rialtais a chuirtear ar fáil do chúramóirí, a thiocfaidh i bhfeidhm inniu.

Den chéad uair le 14 bhliain anuas, tá athruithe á ndéanamh ag an Aire Humphreys ar an tástáil acmhainne a bhaineann le cúramóirí, ionas go mbeidh na mílte cúramóir eile in ann tairbhe as a bhaint as an Liúntas Cúramóra.

Áirítear i measc na mbeart a chuirfear i bhfeidhm inniu:

  • an neamhaird chaipitil do chúramóirí a mhéadú ó €20,000 go €50,000
  • méadófar an neamhaird ioncaim sheachtainiúil don Liúntas Cúramóra ó €350 sa tseachtain do chúramóirí singile, agus go €750 sa tseachtain do lánúin

I mbearta eile fós a thiocfaidh i bhfeidhm amárach (Déardaoin), d’fhógair an tAire Humphreys go n-íocfar an Deontas Tacaíochta Bliantúla do Chúramóirí le thart ar 121,000 cúramóir agus a dteaghlaigh.

Mhéadaigh an Aire Humphreys an deontas bliantúil de €1,850 ina céad bhuiséad mar Aire Coimirce Sóisialaí.

Tá an deontas seo ar fáil do gach cúramóir a sholáthraíonn cúram lánaimseartha do dhuine scothaosta nó do dhuine faoi mhíchumas, beag beann ar a gcuid acmhainní nó ranníocaíochtaí árachais shóisialta.

Meastar go bhfuil costas iomlán an deontais atá á íoc an tseachtain seo cothrom le thart ar €241 milliún.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys faoi na hathruithe ar an tástáil acmhainne:

“Ó ceapadh mar Aire Coimirce Sóisialaí mé, d’éist mé go cúramach le tuairimí cúramóirí fud fad na tíre.

“Bhí go leor dúshlán le sárú ag ár gcúramóirí le 2.5 bhliain anuas, dúshláin laethúla a d'eascair as an bpaindéim.

“Dá réir sin, cúis áthais dom, athruithe suntasacha ar thástáil acmhainne cúramóirí a chur i bhfeidhm inniu – na chéad athruithe dá leithéid le 14 bhliain anuas.

“Ón lá inniu ar aghaidh, méadófar an méid caipitil agus coigiltis a dtugtar neamhaird orthu sa mheasúnú acmhainne do chúramóirí ó €20,000 go dtí €50,000.

“Chomh maith leis sin, tá an neamhaird ar thuilleamh seachtainiúil á mhéadú go €350 agam do dhuine singil agus go €750 sa tseachtain do lánúin.

“Is athruithe suntasacha iad seo agus ciallaíonn siad go mbeidh go leor cúramóirí a bhfuil ráta laghdaithe íocaíochta á fháil acu faoi láthair mar gheall ar acmhainní cáilithe don ráta iomlán.

“Chomh maith leis sin, cuirfear na mílte cúramóir nach raibh cáilithe chun íocaíocht a fháil go dtí seo san áireamh anois.”

Chomh maith leis sin, dheimhnigh an tAire Humphreys go mbeidh an deontas tacaíochta bliantúla do chúramóirí, luach €1,850, á íoc amárach:

“Cúis áthais dom a fhógairt go bhfaighidh beagnach 121,000 cúramóir an Deontas Tacaíochta Bliantúla do Chúramóirí, deontas luach €1,850, ar an Déardaoin.

“Íocfar an deontas seo go huathoibríoch le daoine a bhfuil an Liúntas Cúramóra, an Sochar Cúramóra á fháil acu agus dóibh siúd atá ag baint tairbhe as scéimeanna Liúntais Cúraim Baile.

“Ardaíodh an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí go dtí €1,850 mar an chéad bheart feabhais atá bunaithe agam chun aitheantas a thabhairt don ról lárnach atá ag cúramóirí agus don obair a dhéanann siad ar mhaithe leis an tsochaí.

“Is mian liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le gach cúramóir in Éirinn as an ról ríthábhachtach agus luachmhar atá á chomhlíonadh acu inár sochaí agus inár bpobail áitiúla ar fad. Tá an tiomantas agus an obair atá á déanamh ag gach cúramóir chun tacú le daoine a dteastaíonn tacaíocht uathu an-tábhachtach agus tá ardmheas againn ar an obair atá á déanamh ag cúramóirí.”


Nótaí

Is íocaíocht bunaithe ar thástáil acmhainne an Liúntas Cúramóra do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn agus atá ag tabhairt aire do dhuine éigin a bhfuil tacaíocht ag teastáil uaidh/uaithi mar gheall ar aois, míchumas nó tinneas fisiciúil nó foghlama, lena n-áirítear meabhairghalar.

Tá an Liúntas Cúramóra dírithe go príomha orthu siúd a bhfuil ioncam íseal á fháil acu atá ina gcónaí le agus a thugann aire do dhaoine a dteastaíonn cúram agus aire lánaimseartha uathu. Íocfar an Liúntas Cúramóra ag leathráta i dteannta le híocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe eile.

Ag deireadh mhí Aibreáin, bhí Liúntas Cúramóra á fháil ag 90,821 cúramóir. Meastar go gcaithfear thart ar €990 milliún ar an Liúntas Cúramóra in 2022.

Is é an neamhaird ioncaim agus tástáil acmhainne reatha don Liúntas Cúramóra an neamhaird is flaithiúla laistigh den chóras leasa shóisialaigh faoi láthair. Tá an neamhaird ar thuilleamh seachtainiúil cothrom le €332.50 do dhuine singil agus €665 do lánúin. Go háirithe, cinnteoidh an méadú sa neamhaird ioncaim sheachtainiúil ghinearálta do chúramóir ar duine de lánúin é/í, ó €650 go dtí €750, go bhfuil níos lú tionchair ag ioncam ó chéile/ó pháirtí an chúramóra ar íocaíocht an Liúntais Cúramóra.

Tá na bearta seo bunaithe sa bhreis ar roinnt feabhsuithe atá déanta ag an Aire Humphreys ó chuir sí tús lena téarma oifige, lena n-áirítear an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí a mhéadú, atá cothrom le €1,850 anois, an ráta is airde ó bunaíodh an Deontas. Gheobhaidh thart ar 121, 000 cúramóir an íocaíocht níos déanaí an tseachtain seo.

Chinntigh an tAire Humphreys gur dúblaíodh an tréimhse ama a bhí luaite leis an Liúntas Cúraim Baile agus an Liúntas Cúramóra in imthosca ina bhfuil leanbh san ospidéal ar bhonn lánaimseartha, ó 13 sheachtain go dtí 26 seachtain.

Conas cáiliú le haghaidh Deontas Tacaíochta do Chúramóirí

Cáilíonn tú go huathoibríoch don Deontas Tacaíochta do Chúramóirí má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúraim Baile.

Mura bhfuil aon cheann de na híocaíochtaí seo á bhfáil agat, b’fhéidir go mbeifeá incháilithe fós má chomhlíonann tú na coinníollacha sna cásanna seo a leanas:

  • tá tú 16 bhliain d’aois nó níos sine
  • tá gnáthchónaí orthu i Stát na hÉireann
  • tá aire á tabhairt agat don duine ar bhonn lánaimseartha
  • tá aire á tabhairt agat don duine le haghaidh tréimhse leanúnach de 6 mhí ar a laghad, agus cuimsítear sa tréimhse seo an chéad Déardaoin i mí Meithimh
  • tá tú i do chónaí leis an duine a bhfuil aire á tabhairt agat dó/di nó is féidir teagmháil a dhéanamh leat go tapa trí chóras díreach cumarsáide cosúil le teileafón nó aláram

Níl tú cáilithe le haghaidh Deontas Tacaíochta do Chúramóirí sna cásanna seo a leanas:

  • tá tú ag obair, féinfhostaithe nó i mbun cúrsa oiliúna nó oideachais le haghaidh níos mó ná 18.5 uair sa tseachtain. (Tabhair faoi deara: ní mór duit a léiriú go bhfuil cúram cuí ag an duine a bhfuil cúram á sholáthar agat dó/do nuair a bhíonn tú ag obair, i mbun cúrsa oideachais, nó an dá rud)
  • tá Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat
  • cláraithe chun ranníocaíochtaí curtha chun sochair
  • ag cónaí in ospidéal, ionad téarnaimh nó institiúid chosúil

Má tá aire á tabhairt agat do níos mó ná duine amháin, gheobhaidh tú deontas do gach duine a bhfuil cúram á sholáthar lena (h)aghaidh.

Tá an Deontas do Thacaíocht Cúramóirí díolmhaithe ó cháin ioncaim, ÁSPC agus ón Muirear Sóisialta Uilíoch.

Miondealú de réir an Chontae d’fhaighteoirí an Deontais Tacaíochta do Chúramóirí.

Miondealú de réir an Chontae d’fhaighteoirí an Deontais Tacaíochta do Chúramóirí
Amharc amharc