Nuashonrú maidir le híocaíochtaí ceadaithe d’Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe
- Foilsithe: 22 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Fuair beagnach 449,500 duine Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) an tseachtain seo, laghdú beagnach 7,000 i gcomparáid leis an tseachtain seo caite
Tá íocaíochtaí seachtainiúla PUP luach €134.23 milliún le híoc i gcuntais bhainc amárach
Tá Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á fháil ag thart ar 2,134 duine faoi láthair
Is é an bealach is tapa agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar PUP, Sochar Breoiteachta Feabhsaithe agus Liúntas Cuardaitheora Poist ar líne trí www.MyWelfare.ie
Iarrtar ar fhaighteoirí PUP a n-incháilitheacht a dheimhniú faoin 26 Márta
An tseachtain seo, d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla luach €134.23 milliún chuig 449,521 duine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) á fáil acu.
Tá an líon daoine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu an tseachtain seo laghdaithe 7,059 i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.
Tagann figiúirí na seachtaine seo sa bhreis ar an 186,702 duine a tuairiscíodh a bhí ar an mBeochlár ag deireadh mhí Feabhra.
Beidh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 eisithe i gcuntais bhainc na bhfaighteoirí nó ina nOifig Poist amárach, Dé Máirt, an 23 Márta.
Is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó daoine ag fáil PUP an tseachtain seo, 143,056 duine ar fad. Ina dhiaidh sin ar an liosta tá Corcaigh (45,238) agus Gaillimh (24,186).
Tá níos lú daoine i ngach earnáil seachas earnáil na ngníomhaíochtaí Gairmiúla, Eolaíochta agus Teicniúla ag fáil PUP an tseachtain seo, fianaise ar an líon daoine a bhfuil a n-éilimh dúnta acu le seachtainí beaga anuas chun filleadh ar an obair.
Ba í an earnáil ina raibh an líon is mó daoine ag fáil PUP an tseachtain seo gníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhíse Bia (107,905), agus ina dhiaidh sin ar an liosta bhí Mórdhíol agus Trádáil Mhiondíola (72,009) agus Tógáil (55,584).
Is san earnáil tógála atá an laghdú is mó tugtha faoi deara sa líon daoine a bhfuil PUP á fáil acu an tseachtain seo, tá an íocaíocht á fáil ag 1,685 níos lú duine i gcomparáid leis an tseachtain seo caite. Tá laghdú tagtha ar líon fhaighteoirí PUP san earnáil Mhórdhíola agus Mhiondíola ó 73,070 an tseachtain seo caite go dtí 72,009 an tseachtain seo. Is í earnáil na ngníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhíse Bia an chéad earnáil eile ar an liosta, agus tá líon na bhfaighteoirí PUP laghdaithe ó 108,767 an tseachtain seo caite go dtí 107,905 an tseachtain seo.
Tá an ráta uasta de €350 sa tseachtain á fháil ag beagnach 49% de na daoine a bhfuil PUP á fháil acu.
Daoine atá ag filleadh ar an obair
Tá a n-éilimh PUP dúnta ag 9,847 duine le seacht lá anuas, agus thug 8,534 duine le fios go raibh sé seo á dhéanamh acu mar go raibh siad ag filleadh ar a gcuid oibre.
Bhí an méid is mó daoine a raibh a n-éilimh á ndúnadh acu chun filleadh ar an obair i mBaile Átha Cliath (2,105), agus is iad Corcaigh (888) agus Gaillimh (466) a bhí ina dhiaidh sin ar an liosta.
Is iad na trí earnáil ag barr an liosta inar dhún an líon is mó fostaithe a n-éilimh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime chun filleadh ar an obair - Tógáil (1,781), Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (1,253), agus earnáil na ngníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhíse Bia (1,042).
Tá an Roinn ag leanúint lena mheabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair nach mór dóibh a n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) a dhúnadh ar an dáta iarbhír a bhfilleann siad ar an obair, lena chinntiú go bpróiseáiltear a n-éileamh mar ba cheart agus lena chinntiú go seachnaítear ró-íocaíocht a thabhú a ndéanfaidh an Roinn iarracht a aisghabháil.
Is é an bealach is éasca éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh é a dhéanamh ar líne trí www.MyWelfare.ie. Aon oibrí atá ag filleadh ar an obair a bhfuil ceist aige/aici maidir le héileamh a dhúnadh, ba cheart dó/di glaoch ar Líne Chabhrach Tacaíochta Ioncaim na Roinne ag an uimhir 1890 800 024, idir 9am - 5pm, Luan go hAoine.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, inniu le linn di a bheith ag caint faoi na figiúirí PUP is déanaí:
“Is tacaíocht ioncaim do bheagnach 450,000 duine a gcaill a bpost mar gheall ar an bpaindéim é Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime.
“Cinnteoidh an Rialtas go mbeidh PUP ar fáil go dtí an 30 Meitheamh agus is é an bealach is tapa agus is éasca chun iarratas a dhéanamh tríd an suíomh gréasáin MyWelfare.ie.
“Tuigim go rímhaith go bhfuil na srianta seo ag cur isteach go mór ar an bpobal.
“Tá daoine ag leanúint le híobairtí dochreidte a dhéanamh thar ceann a dteaghlach, cairde, comhghleacaithe agus oibrithe túslíne.
“Tá sé léirithe againn mar thír gur féidir linn an víreas a bhrú faoi chois trí chloígh leis na treoirlínte sláinte poiblí.”
Daoine féinfhostaithe agus PUP
Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) á fáil acu ar mian leo a ngnó a choinneáil ar bun suas le €960 a thuilleamh thar thréimhse ocht seachtaine, agus a dteidlíocht iomlán PUP a choimeád ag an am céanna.
Níl aon phróiseas iarratais fhoirmiúil bunaithe, níl le déanamh ag duine féinfhostaithe ach a chur in iúl don Roinn má thuilleann sé/sí níos mó ná €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.
MyWelfare.ie – Seirbhís iarratais PPSN
Is é an bealach is éasca agus is tapa chun iarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, lena n-áirítear Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime, Sochar Breoiteachta Feabhsaithe agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist é sin a dhéanamh ar líne ag www.MyWelfare.ie. Is ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana an t-am ar fad, áit ar bith agus ar gach gléas. Tá an rogha ag daoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Linbh, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist, agus ráiteas nó taifead maidir le ranníocaíochtaí árachais shóisialta a lorg ón Roinn.
Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PPS ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn atá 18 mbliana d’aois, ar a laghad, agus a dteastaíonn Uimhir PPS uathu chun tairbhe a bhaint as sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí agus eolas poiblí in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PPS ar líne, beidh cuntas bunúsach MyGovID ag teastáil.
Ar mhaithe le comhairle sláinte poiblí agus aird a thabhairt ar scaradh sóisialta, iarrtar ar dhaoine, más féidir gan dul chomh fada lena nIonad Intreo áitiúil. Seachas sin, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí www.MyWelfare.ie..
Bearta Rialaithe
Déanann an Roinn sraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iar-íocaíochta i ndáil le gach éileamh PUP. Faoi réir na seiceálacha seo a dhéanamh, próiseálann an Roinn íocaíochtaí bunaithe ar fhéindearbhú an chliaint.
Ina dhiaidh sin, déanann an Roinn seiceálacha iar-íocaíochta a áirítear iontu sonraí a fhíorú i gcomparáid le taifid na gCoimisinéirí Ioncaim, scrúdaítear cásanna ina bhfuil an cuntas bainc chéanna in úsáid go leor uaireanta, scrúdaítear cásanna ina gcuireann fostóir nó baill den phobal ábhar imní in iúl, agus úsáidtear anailísíocht sonraí chun éilimh a shainaithint agus a sheiceáil. Chomh maith leis sin, déantar cigireachtaí fostóra.
Aonad Imscrúduithe Speisialta na Roinne a dhéanann an obair seo, a áirítear ann 20 Garda atá ar iasacht leis an Roinn.
Deimhniú Incháilitheachta chun leanúint le PUP a fháil
Mar a tharlaíonn i gcás gach íocaíocht leasa shóisialaigh, d’fhéadfaí go n-iarrfaí ar dhaoine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu ó am go ham a n-incháilitheacht chun leanúint leis an íocaíocht a fháil a dhearbhú. Cabhraíonn sé seo lena chinntiú go ndúnann daoine atá tar éis filleadh ar an obair, mar shampla, a n-éilimh agus go seachnaíonn siad ró-íocaíocht a thabhú.
Díreach mar a rinneadh an bhliain seo caite, tá tús curtha ag an Roinn le próiseas chun teagmháil a dhéanamh le 121,000 faighteoir PUP chun a dteidlíocht leantach a dhearbhú. Is é an spriocdháta atá ag na daoine seo chun a n-incháilitheacht a dhearbhú Dé hAoine, an 26 Márta.
Ní gá ach do na custaiméirí sin a fiafraíodh díobh a n-incháilitheacht a dhearbhú é sin a dhéanamh.
Is mian leis an Roinn a shoiléiriú nach bhfuil sonraí cuntais bhainc nó institiúidí airgeadais á lorg mar chuid den phróiseas ‘Dearbhaigh Incháilitheacht’.
Ba cheart d’fhaighteoirí PUP a fiafraíodh díobh a n-incháilitheacht a dhearbhú úsáid a bhaint as an tairseach ar líne www.MyWelfare.ie agus na treoracha faoin gceannteideal ‘Incháilitheacht leantach chun Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a fháil’ a leanúint. Is é sin an bealach is simplí agus is éasca chun é a dhéanamh. Má tá deacracht ag aon duine leis seo ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach ag an uimhir 1890 800 024 (Luan go hAoine, 9am - 5pm).
Íocaíocht Sochar Breoiteachta Feabhsaithe COVID-19
Inniu, tá íocaíocht Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á fáil ag thart ar 2,134 duine, laghdú i gcomparáid le 2,472 an tseachtain seo caite.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys:
“Is mian liom a mheabhrú do dhaoine a tholgann an víreas nó bhfuil teastas dochtúra faighte acu óna ndochtúir féin-aonrú iarratas a dhéanamh ar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe.
“Ní gá do dhuine ag a bhfuil siomptóim de víreas COVID-19 an teach a fhágáil chun teastas dochtúra a fháil óna d(h)ochtúir. Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne.
“Éagsúil leis an Sochar Breoiteachta caighdeánach, íoctar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ón gcéad lá den tinneas.”
Is é an bealach is tapa agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe ar líne tríd an suíomh gréasáin www.MyWelfare.ie.
Tá an t-eolas ar fad a bhaineann leis an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe lena n-áirítear miondealú de réir earnála agus contae mar aon leis an bpróifíl aoise le fáil in Aguisín 9, 10 agus 11.