Nuashonrú maidir le híocaíochtaí ceadaithe d’Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe - an 2 Meitheamh 2021
- Foilsithe: 2 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Fuair beagnach 309,500 duine Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) an tseachtain seo, laghdú de bhreis ar 24,500 i gcomparáid leis an tseachtain seo caite
Tá íocaíochtaí seachtainiúla PUP luach €91.2 milliún á n-íoc i gcuntais bhainc amárach
Dhún breis is 16,000 duine a gcuntas PUP mar go raibh siad ag filleadh ar an obair
Tá Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á fháil ag thart ar 1,095 duine faoi láthair
De réir mar a bheidh srianta á maolú, ba cheart do dhaoine atá ag filleadh ar an obair a n-éileamh a dhúnadh ar a gcéad lá ar ais chuig an obair trí logáil isteach ar www.MyWelfare.ie
Tá aird an phobail tarraingthe ar Chamscéimeanna Teileafóin agus Camscéimeanna Téacsanna ó ghlaoiteoirí atá ag maíomh gur ag glaoch ón Roinn Coimirce Sóisialaí atá siad
An tseachtain seo, d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla luach sa bhreis ar €91.2 milliún chuig 309,515 duine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) á fáil acu.
Is ionann é seo agus laghdú 24,478 duine i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.
Tagann na figiúirí a foilsíodh inniu sa bhreis ar an 177,969 duine a tuairiscíodh a bhí ar an mBeochlár ag deireadh mhí Aibreáin.
Bhí gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 eisithe i gcuntais bhainc na bhfaighteoirí nó ina nOifig Poist Dé Máirt, an 1 Meitheamh.
Is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó daoine ag fáil PUP an tseachtain seo, 104,909 duine ar fad. Ina dhiaidh sin ar an liosta tá Corcaigh (29,447) agus Gaillimh (16,984).
Is í an earnáil ina raibh an líon is mó daoine ag fáil PUP an tseachtain seo gníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhíse Bia (90,126), agus ina dhiaidh sin ar an liosta bhí Mórdhíol agus Trádáil Mhiondíola (46,434) agus Gníomhaíochtaí Seirbhísí Riaracháin agus Tacaíochta (29,250).
Is san earnáil Mórdhíola agus Miondíola atá an laghdú is mó tugtha faoi deara sa líon daoine a bhfuil PUP á fháil acu an tseachtain seo, tá an íocaíocht á fáil ag 7,957 níos lú duine i gcomparáid leis an tseachtain seo caite. I measc na nEarnálacha Eile ar an liosta tá gruagairí agus sciamhlanna, mar shampla, agus tá 4,000 níos lú duine ag fáil íocaíochta sna hearnálacha seo an tseachtain seo i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.
Ritheann an tseachtain íocaíochta d’Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ón Aoine go dtí an Déardaoin agus déantar na híocaíochtaí ar an Máirt ina dhiaidh sin. Gheobhaidh daoine a dhún a PUP ar an Luan, an 24 Bealtaine, mar gur fhill siad ar an obair, a n-íocaíocht deiridh PUP ar an Máirt, an 1 Meitheamh.
Daoine atá ag filleadh ar an obair
Tá an Roinn ag leanúint lena mheabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair nach mór dóibh a n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh ar an dáta iarbhír a bhfilleann siad ar an obair, lena chinntiú go bpróiseáiltear a n-éileamh mar ba cheart agus lena chinntiú go seachnaítear ró-íocaíocht a thabhú a ndéanfaidh an Roinn iarracht a aisghabháil.
Tá a n-éilimh PUP dúnta ag 16,384 duine le seacht lá anuas, de bhrí go raibh siad ag filleadh ar a gcuid oibre. Bhí an méid is mó daoine a raibh a n-éilimh á ndúnadh acu chun filleadh ar an obair i mBaile Átha Cliath (4,831), agus is iad Corcaigh (1,865) agus Gaillimh (892) a bhí ina dhiaidh sin ar an liosta.
De bhrí go n-íoctar PUP go seachtainiúil i riaráistí, tá a n-íocaíocht deiridh faighte ag breis is 10,000 de na daoine seo an tseachtain seo agus tá siad fós san áireamh sna staitisticí maidir le líon na n-íocaíochtaí don tseachtain seo.
Is iad na hearnálacha ina bhfuil an líon is mó fostaithe a bhfuil a n-éilimh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á ndúnadh acu chun filleadh ar an obair - Mórdhíol agus Trádáil Mhiondíola (4,086), an earnáil gníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhísí Bia (3,483) agus Earnálacha Eile, a áirítear ina measc gruagairí agus sciamhlanna (2,205). Dhún thart ar 1,809 duine san earnáil Tógála a n-éilimh chun filleadh ar an obair.
Is é an bealach is éasca éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh é a dhéanamh ar líne trí www.MyWelfare.ie. Aon oibrí atá ag filleadh ar an obair a bhfuil ceist aige/aici maidir le héileamh a dhúnadh, ba cheart dó/di glaoch ar Líne Chabhrach Tacaíochta Ioncaim na Roinne ag an uimhir 1890 800 024, idir 9am - 5pm, Luan go hAoine.
Bearta Rialaithe
Déanann an Roinn sraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iar-íocaíochta i ndáil le gach éileamh PUP, lena n-áirítear seiceálacha incháilitheachta leanúnacha. Faoi réir na seiceálacha seo a dhéanamh, próiseálann an Roinn íocaíochtaí bunaithe ar fhéindearbhú an chliaint.
Déanann an Roinn seiceálacha iar-íocaíochta a áirítear iontu sonraí a fhíorú i gcomparáid le taifid na gCoimisinéirí Ioncaim, scrúdaítear cásanna ina bhfuil an cuntas Bainc chéanna in úsáid go leor uaireanta, scrúdaítear cásanna ina gcuireann fostóir nó baill den phobal ábhar imní in iúl, agus úsáidtear anailísíocht sonraí chun éilimh a shainaithint agus a sheiceáil. Chomh maith leis sin, déantar cigireachtaí fostóra.
Aonad Imscrúduithe Speisialta na Roinne a dhéanann an obair seo, a áirítear ann 20 Garda atá ar iasacht leis an Roinn.
De réir mar a bheidh an earnáil thionsclaíoch ag athoscailt beidh athbhreithnithe rialaithe á ndéanamh ag cigirí na Roinne agus beidh taifid á meaitseáil le sonraí párolla fostóirí ó na Coimisinéirí Ioncaim chun cabhrú lena chinntiú go ndúnann daoine a n-éileamh nuair a fhilleann siad ar an obair. Lena chinntiú go seachnaítear ró-íocaíocht a thabhú ba cheart do dhaoine atá ag filleadh ar an obair a n-éileamh a dhúnadh agus is féidir é sin a dhéanamh go héasca ag www.MyWelfare.ie..
Daoine féinfhostaithe agus PUP
Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) á fáil acu ar mian leo a ngnó a choinneáil ar bun suas le €960 a thuilleamh thar thréimhse ocht seachtaine, agus a dteidlíocht iomlán PUP a choimeád ag an am céanna.
Níl aon phróiseas iarratais fhoirmiúil bunaithe, níl le déanamh ag duine féinfhostaithe ach a chur in iúl don Roinn má thuilleann sé/sí níos mó ná €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.
MyWelfare.ie – Seirbhís iarratais PPSN
Is é an bealach is éasca agus is tapa chun iarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, lena n-áirítear Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime, Sochar Breoiteachta Feabhsaithe agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist é sin a dhéanamh ar líne ag www.MyWelfare.ie. Is ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana an t-am ar fad, áit ar bith agus ar gach gléas. Tá an rogha ag daoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Linbh, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist, agus ráiteas nó taifead maidir le ranníocaíochtaí árachais shóisialta a lorg ón Roinn.
Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PPS ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn atá 18 mbliana d’aois, ar a laghad, agus a dteastaíonn Uimhir PPS uathu chun tairbhe a bhaint as sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí agus eolas poiblí in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PPS ar líne, beidh cuntas bunúsach MyGovID ag teastáil.
Ar mhaithe le comhairle sláinte poiblí agus aird a thabhairt ar scaradh sóisialta, iarrtar ar dhaoine, más féidir, gan dul chomh fada lena nIonad Intreo áitiúil. Seachas sin, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí www.MyWelfare.ie..
Íocaíocht Sochar Breoiteachta Feabhsaithe COVID-19
Inniu, tá íocaíocht Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á fáil ag thart ar 1,095 duine, laghdú i gcomparáid le 1,389 an tseachtain seo caite.
Moltar d’fhostaithe nó do dhaoine féinfhostaithe a tholgann an víreas nó a bhfuil teastas dochtúra faighte acu óna ndochtúir féin-aonrú iarratas a dhéanamh ar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe. Éagsúil leis an Sochar Breoiteachta caighdeánach, íoctar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ón gcéad lá den tinneas. Is é an bealach is tapa agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe ar líne tríd an suíomh gréasáin www.MyWelfare.ie..
Tá an t-eolas ar fad a bhaineann leis an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe lena n-áirítear miondealú de réir earnála agus contae mar aon leis an bpróifíl aoise le fáil in Aguisín 9, 10 agus 11.
Camscéimeanna Teileafóin agus Camscéimeanna Téacsanna
Tarraingítear aird custaiméirí agus ball den phobal ar chamscéimeanna teileafóin agus téacsanna a d’fhéadfaidís a fháil ó dhaoine aonair a mhaíonn gur oifigigh de chuid na roinne iad. D’fhéadfadh go mbeadh uimhreacha éagsúla luaite leis na glaonna agus téacsanna seo, lena n-áirítear uimhreacha a bhfuil an chuma orthu gur uimhreacha de chuid na roinne iad. Ba mhaith leis an roinn a mheabhrú dá custaiméirí ar fad nach lorgóidh sí faisnéis phearsanta riamh ó chustaiméirí trí théacsteachtaireacht agus nach lorgóidh an roinn sonraí bainc custaiméirí ar an teileafón riamh.
Iarrtar ar aon duine a fhaigheann glao nó téacs den chineál sin gan aon fhaisnéis a roinnt agus an eachtra a thuairisciú do na Gardaí láithreach.