English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Nuashonraí maidir le híocaíochtaí a dámhadh d'Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe - an 6 Iúil 2021

Faigheann díreach os cionn 211,000 duine an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 an tseachtain seo, laghdú de bheagnach 6,900 ar an tseachtain seo caite

€65.4 milliún in íocaíochtaí seachtainiúla PUP íoctha isteach i gcuntais bhainc inniu

Tá an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime fós oscailte d’iarratais nua suas go dtí an 7 Iúil agus an lá sin san áireamh

€1,000 Deontas Tacaíochta Fiontair ar fáil do dhaoine féinfhostaithe a dhúnann a n-íocaíocht PUP

De réir mar a thosaíonn srianta ag maolú, ba chóir do dhaoine atá ag filleadh ar obair a n-éileamh a dhúnadh ar a gcéad lá ar ais ag obair trí logáil isteach ar www.MyWelfare.ie

Iarrtar ar gach faighteoir PUP a n-incháilitheacht le haghaidh PUP a dhearbhú faoin 20 Iúil trí logáil isteach ar www.MyWelfare.ie

Meabhraítear don phobal faoi Ghlaonna Teileafóin agus Téacsanna calaoiseacha ó ghlaoiteoirí a mhaíonn gur ón Roinn Coimirce Sóisialaí iad

An tseachtain seo, d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla ar luach €65.4 milliún do 221,088 duine a fuair an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime (PUP).

Is ionann líon na bhfaighteoirí agus laghdú 6,894 duine i gcomparáid leis an tseachtain seo caite. Bhí an laghdú is mó, de níos mó ná 3,000, san Earnáil Seirbhísí Cóiríochta agus Bia.

Tá na figiúirí PUP a foilsíodh inniu sa bhreis ar an 175,281 duine a bhí ar an mBeochlár ag deireadh mhí Mheithimh. Íocadh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 i gcuntais bhainc na bhfaighteoirí nó ag Oifig an Phoist inniu, Dé Máirt, an 6 Iúil.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Taispeánann figiúirí an lae inniu, in ainneoin an chinnidh athoscailt an fháilteachais faoi dhíon a chur siar, go bhfuil líon na ndaoine a bhfuil an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime (PUP) á fáil acu laghdaithe arís an tseachtain seo.

“Anuas ar an laghdú ar líon na ndaoine, dhún 8,000 duine eile a n-éilimh PUP le seacht lá anuas. Léireofar é sin i bhfigiúirí na seachtaine seo chugainn.

“Cé go gcaithfimid a bheith cúramach mar gheall ar an leagan Delta, tá cúiseanna dáiríre againn a bheith dearfach agus dóchasach.

“Tá an vacsaín faighte ag 50% dár ndaonra fásta anois. Agus táimid ag feiceáil spéis shuntasach i measc an daonra níos óige againn maidir le vacsaín a fháil óna gcógaslann áitiúil.

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú inniu ómós a thabhairt dár bhfoirne sláinte poiblí atá ag tiomáint rolladh amach an vacsaínithe."

Tá tuilleadh sonraí faoi na treochtaí sna staitisticí is déanaí leagtha amach sna hAguisíní.

Ag féachaint ar an gcohórt aoise mar atá leagtha amach in Aguisín 3, bhí an laghdú is mó an tseachtain seo sa chatagóir aoise faoi 25 le 50,437 ag fáil PUP i gcomparáid le 52,231 an tseachtain seo caite.

Is é Baile Átha Cliath an contae leis an líon is mó daoine a bhfuil PUP á bhfáil acu an tseachtain seo ag 80,789. Ina dhiaidh sin tá Corcaigh (19,925) agus Gaillimh (11,805).

Is í an earnáil leis an líon is mó daoine a bhfuil an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime á fáil acu ná Gníomhaíochtaí Seirbhísí Cóiríochta agus Bia (54,518) agus Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (33,610) agus Gníomhaíochtaí seirbhísí riaracháin agus tacaíochta (23,824) ina dhiaidh sin.

Ritheann an tseachtain íocaíochta don Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime ón Aoine go dtí an Déardaoin agus íoctar íocaíochtaí an Máirt dar gcionn. Gheobhaidh daoine aonair a dhún a PUP faoi Dé Luain an 5 Iúil, agus iad ar ais ag obair, a n-íocaíocht PUP deiridh Dé Máirt an 13 Iúil.

Fanfaidh PUP ar oscailt d’iontrálaithe nua suas go dtí agus an 7 Iúil 2021 agus an lá sin san áireamh. Ciallaíonn sé seo go ndúnfar PUP d’iarratais nua ón 8 Iúil. Ba cheart d’aon duine a chailleann a bpost tar éis an 7 Iúil iarratas a dhéanamh ar íocaíocht Cuardaitheora Poist. Is é an bealach is tapa agus is éasca le hiarratas a dhéanamh ar íocaíocht Cuardaitheora Poist ná ar líne trí MyWelfare.ie.

Daoine ag filleadh ar an obair

Leanann an roinn ag meabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair go gcaithfidh siad a n-éileamh ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime a dhúnadh ar an dáta iarbhír a dtosaíonn siad ar ais ag obair, d’fhonn a chinntiú go ndéantar a n-éileamh a phróiseáil i gceart agus chun ró-íocaíocht a sheachaint a dhéanfaidh an roinn iarracht a aisghabháil.

Toisc go n-íoctar PUP go seachtainiúil i riaráiste tá os cionn 5,301 de na daoine seo ag fáil íocaíochta deiridh an tseachtain seo agus tá siad fós san áireamh sna huimhreacha atá á n-íoc an tseachtain seo.

Is é an bealach is éasca le héileamh ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime a dhúnadh ná ar líne trí www.MyWelfare.ie. Is féidir le haon oibrí atá ag filleadh ar obair a bhfuil ceist aige maidir lena éileamh a dhúnadh, teagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach Tacaíochta Ioncaim tiomnaithe na Roinne 1890 800 024 idir 9am go 5pm Luan go hAoine.

Bearta Rialaithe

Déanann an roinn sraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iar-íocaíochta ar gach éileamh PUP lena n-áirítear seiceálacha incháilitheachta leanúnacha. Faoi réir na seiceálacha sin a ghlanadh, déanann an roinn íocaíochtaí a phróiseáil bunaithe ar fhéin-dhearbhú na gcliant.

Ritheann an roinn seiceálacha iar-íocaíochta lena n-áirítear sonraí a fhíorú i gcoinne taifid Ioncaim, scrúdú a dhéanamh ar chásanna ina n-úsáidtear an cuntas Bainc céanna arís agus arís eile, scrúdú a dhéanamh ar chásanna ina dtuairiscíonn fostóir nó baill den phobal imní, agus anailísíocht sonraí a úsáid chun éilimh a aithint agus a sheiceáil. Déanann sí cigireachtaí ar fhostóirí freisin.

Is é Aonad Speisialta Imscrúdaithe na roinne a dhéanann an obair seo, a chuimsíonn níos mó ná 20 Garda ar iasacht don roinn.

De réir mar a athosclaíonn gnó leanfaidh cigirí na roinne ag déanamh athbhreithnithe rialaithe agus ag meaitseáil taifid i gcoinne sonraí párolla fostóirí ó na Coimisinéirí Ioncaim chun a chinntiú go ndúnfaidh daoine a n-éileamh agus iad ag filleadh ar obair. Chun ró-íocaíocht a sheachaint ba cheart do dhaoine atá ag filleadh ar obair a n-éileamh a dhúnadh agus is féidir leo é a dhéanamh go héasca ag www.MyWelfare.ie.

Deimhniú Incháilitheachta chun leanúint de PUP a fháil

Mar is gnáth le gach íocaíocht leasa shóisialaigh, féadfar a iarraidh ar dhaoine a fhaigheann an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime ó am go ham a n-incháilitheacht chun a n-íocaíocht a fháil a dhearbhú. Cuidíonn sé seo lena chinntiú go meabhraítear do dhaoine a d’fhill ar an obair, mar shampla, a n-éileamh a dhúnadh agus ró-íocaíocht a sheachaint.

Cosúil le níos luaithe i mbliana agus anuraidh chuir an roinn tús le próiseas chun teagmháil a dhéanamh le faighteoirí PUP ag iarraidh orthu a dteidlíocht leanúnach a dhearbhú.

Iarrtar ar gach faighteoir PUP a n-incháilitheacht le haghaidh PUP a dhearbhú faoin Máirt an 20 Iúil.

Ba cheart d’fhaighteoirí PUP logáil isteach ar MyWelfare agus na treoracha faoin gceannteideal ‘Leanúint ar aghaidh le hIncháilitheacht chun Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime a fháil’ a leanúint. Ba chóir d’aon duine a bhfuil deacracht aige é seo a dhéanamh teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach 1890 800 024 (Luan go hAoine ó 9am go 5pm).

Is mian leis an roinn a dhéanamh go hiomlán soiléir nach bhfuil sí ag iarraidh sonraí cuntas bainc nó institiúide airgeadais eile mar chuid den phróiseas ‘Deimhnigh Incháilitheacht’.

Daoine féinfhostaithe agus PUP

Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime (PUP) á fáil acu agus atá ag iarraidh a ngnó a chothabháil suas le €960 a thuilleamh thar thréimhse ocht seachtaine, agus a dteidlíocht iomlán PUP a choinneáil.

Níl aon phróiseas iarratais foirmiúil ann agus ní gá do dhuine féinfhostaithe ach an roinn a chur ar an eolas má thuilleann siad os cionn €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.

Fanfaidh an Deontas Tacaíochta Fiontair €1,000 i bhfeidhm don chuid eile den bhliain do dhaoine féinfhostaithe a dhúnann a n-íocaíocht PUP. Beidh siad siúd a d’éiligh an deontas in 2020 ach arbh éigean dóibh dul ar ais ar PUP in 2021, in ann rochtain a fháil ar an deontas den dara huair.

MyWelfare.ie – seirbhís iarratais UPSP

Is é an bealach is éasca agus is tapa le hiarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, lena n-áirítear an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime, an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe agus an Sochar Cuardaitheora Poist ná ar líne ag www.MyWelfare.ie. Is ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana ag am ar bith, áit ar bith agus ar gach gléas. Tá an rogha ag daoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Leanaí, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist chomh maith le ráiteas nó taifead ar ranníocaíochtaí árachais shóisialta a iarraidh ón roinn.

Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn atá 18 mbliana d’aois ar a laghad agus a bhfuil Uimhir PSP de dhíth orthu chun leas a bhaint as sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus faisnéis in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar líne, beidh gá le cuntas bunúsach MyGovID.

Ar mhaithe le comhairle sláinte poiblí agus cloí le scaradh sóisialta iarrtar ar dhaoine, más féidir, gan freastal ar a nIonad Intreo áitiúil. Ina áit sin, ba cheart dóibh leas a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí www.MyWelfare.ie.

Íocaíocht Sochair Breoiteachta Feabhsaithe COVID-19

Moltar d’fhostaithe nó do dhaoine féinfhostaithe a ndearnadh diagnóis orthu leis an víreas nó a ndúirt a ndochtúir leo féin-aonrú iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe. Murab ionann agus an Sochar Breoiteachta caighdeánach, íoctar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ón gcéad lá den bhreoiteacht. Is é an bealach is tapa agus is éasca le hiarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe ná trí www.MyWelfare.ie.

Inniu, tá thart ar 1,073 duine ag fáil íocaíocht Sochair Breoiteachta Feabhsaithe, i gcomparáid le 1,012 an tseachtain seo caite.

Tá sonraí iomlána maidir le Sochar Breoiteachta Feabhsaithe lena n-áirítear miondealú earnála agus contae chomh maith le próifíl aoise in Aguisíní 9, 10 agus 11.

Glaonna Teileafóin agus Téacsanna Caimiléireachta

Meabhraítear do chustaiméirí agus do bhaill an phobail faoi ghlaonna teileafóin agus teachtaireachtaí téacs caimiléireachta a d’fhéadfadh siad a fháil ó dhaoine aonair a mhaíonn gur oifigeach de chuid na roinne iad. Taispeánann na glaonna agus na téacsanna seo raon uimhreacha, lena n-áirítear roinnt a bhféadfadh sé gur cosúil go bhfuil siad ó uimhreacha gutháin na roinne. Ba mhaith leis an roinn a custaiméirí go léir a mheabhrú nach lorgóidh sí faisnéis phearsanta ó chustaiméirí trí theachtaireacht téacs agus ní iarrfaidh sí ar chustaiméirí riamh a gcuid sonraí bainc ar an bhfón.

Iarrtar ar aon duine a fhaigheann glao nó téacs den sórt sin gan aon fhaisnéis a nochtadh agus é a thuairisciú don Gharda Síochána láithreach.


Aguisíní

Appendices - County Breakdowns and other details - 210706
Appendices - County Breakdowns and other details - 210706
Amharc amharc