Nuashonraí maidir le hÍocaíochtaí a Dámhadh d'Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe - An 8 Feabhra 2022
- Foilsithe: 8 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Faigheann 67,400 duine PUP an tseachtain seo, laghdú beagnach 8,000
Níos mó ná €9.1 billiún íoctha i PUP go dtí seo
Fuair breis agus 18,000 duine Sochar Breoiteachta Feabhsaithe don tseachtain an 28 Eanáir go 3 Feabhra 2022, laghdú ó 31,000 ar an tseachtain roimhe sin
Beagnach €236 milliún íoctha go dtí seo ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe
An tseachtain seo, d'eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla dar luach €16.96 milliún do 67,434 duine a bhí ag fáil na hÍocaíochta Dífhostaíochta Paindéime.
Is ionann sin agus laghdú 7,979 ar líon na ndaoine a fuair an íocaíocht an tseachtain seo caite. Ina theannta sin, dhún 4,881 duine eile, atá ag fáil íocaíochta inniu, a n-éileamh PUP idir an 31 Eanáir agus 6 Feabhra, 2022.
Tá na figiúirí seo sa bhreis ar an 162,578 duine a bhí ar an mBeochlár ag deireadh mhí Feabhra.
Íocadh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 i gcuntais bhainc na bhfaighteoirí nó ag Oifig an Phoist inniu, Dé Máirt, an 8 Feabhra 2022.
Is í an earnáil leis an líon is mó daoine a fhaigheann PUP an tseachtain seo ná gníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhíse Bia (14,765), agus Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (10,741) agus Gníomhaíochtaí Seirbhíse Riaracháin agus Tacaíochta (7,347) ina dhiaidh sin.
Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Gan amhras, tá an PUP ag feidhmiú mar thacaíocht ríthábhachtach ó thosaigh an Phaindéim seo, tar éis dó ioncam na gcéadta míle oibrí a chosaint.
“Go deimhin, tá os cionn €9.1 billiún íoctha amach in íocaíochtaí PUP ó tugadh isteach an tacaíocht.
“Leis an eacnamaíocht go hiomlán athoscailte anois, tá sé iontach líon na ndaoine a fhaigheann an PUP a fheiceáil titim le seacht lá anuas, agus táthar ag súil le tuilleadh laghduithe sna seachtainí amach romhainn.
“Idir an dá linn, leanfaimid ar aghaidh ag rolladh amach an tsraith tacaíochtaí faoi Straitéis Bealaí chun Oibre an Rialtais, rud a bheidh ríthábhachtach agus muid ag tabhairt faoi ár téarnamh ó Covid-19.”
Tar éis dó athoscailt d’oibrithe a raibh tionchar ag na srianta orthu go luath i mí na Nollag, dhún PUP d’iarratais nua an 22 Eanáir 2022 de réir chinneadh an Rialtais na srianta sin a bhaint.
Cuireadh an chéad chéim eile sa phróiseas chun daoine a aistriú ó PUP chuig téarmaí caighdeánacha cuardaitheora poist, a bhí le tosú ag deireadh mhí Eanáir, siar ar feadh tréimhse 4 seachtaine. Tá sé i gceist go mbeidh PUP dúnta go hiomlán faoi dheireadh mhí an Mhárta. Rachaidh an Roinn i dteagmháil le gach faighteoir PUP sna laethanta amach romhainn chun a mhíniú conas a théann an próiseas aistrithe i bhfeidhm orthu agus na céimeanna a d’fhéadfadh go mbeadh orthu a ghlacadh chun aistriú réidh a chinntiú.
Sochar Breoiteachta Feabhsaithe (EIB)
Íoctar éilimh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe ar an lá a n-údaraítear iad, mar sin eisítear íocaíochtaí gach lá i rith na seachtaine. Le linn na tréimhse 28 Eanáir go 3 Feabhra 2022 (an tseachtain íocaíochta PUP is déanaí), fuair thart ar 18,254 duine íocaíocht EIB ón Roinn dar luach €7 milliún. Is ionann an méid iomlán a íocadh san EIB go dtí seo agus €235.9 milliún.
D’fhógair an tAire Humphreys le déanaí go bhfuil leathnú déanta ag an Roinn Coimirce Sóisialaí ar an raon doiciméadaithe is féidir le custaiméirí a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe.
Chun leas a bhaint as Sochar Breoiteachta Feabhsaithe, ag brath ar chúinsí an duine a dhéanann iarratas ar an íocaíocht, glacfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí le:
- Deimhniú ó FSS go bhfuil COVID-19 ort trí thástáil RT-PCR nó tástáil dheimhneach antaiginí nó dlúth-theagmháil a chlárú.
- Deimhniú ó do dhochtúir go bhfuil siomptóim COVID-19 ort agus/nó gur dócha gur foinse ionfhabhtaithe tú
- Deimhniú ó FSS go bhfuil trealamh tástála antaigin ordaithe agat nó go bhfuil tástáil RT-PCR curtha in áirithe agat
Tá faisnéis iomlán maidir le hiarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe ar fáil anseo.
Tá na táblaí is déanaí maidir le PUP agus EIB ar fáil sna Aguisíní thíos.
CRÍOCH