English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Nuashonraí maidir le hÍocaíochtaí a Dámhadh d'Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe - an 9 Meitheamh 2021

Faigheann díreach os cionn 285,000 duine an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 an tseachtain seo, laghdú os cionn 24,000 ar an tseachtain seo caite

Líon na ndaoine a fhaigheann an PUP anois ag an leibhéal is ísle ó mhí na Nollag 2020 agus tite faoi bhun 300,000 den chéad uair i mbliana

€84.3 milliún in íocaíochtaí seachtainiúla PUP le híoc isteach i gcuntais bhainc an tseachtain seo

€1,000 Deontas Tacaíochta Fiontair ar fáil do dhaoine féinfhostaithe a dhúnann a n-íocaíocht PUP

De réir mar a thosaíonn srianta ag maolú, ba chóir do dhaoine atá ag filleadh ar obair a n-éileamh a dhúnadh ar a gcéad lá ar ais ag obair trí logáil isteach ar www.MyWelfare.ie

Meabhraíodh don phobal faoi Ghlaonna Teileafóin agus Téacsanna calaoiseacha ó ghlaoiteoirí a mhaíonn gur ón Roinn Coimirce Sóisialaí iad

An tseachtain seo, d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla ar luach €84 milliún do 285,265 duine a fuair an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (PUP).

Is ionann é seo agus laghdú 24,250 duine i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.

Tá líon na ndaoine a fhaigheann an PUP ag an leibhéal is ísle anois ó mhí na Nollag 2020.

Tá na figiúirí a foilsíodh inniu sa bhreis ar an 171,699 duine a bhí ar an mBeochlár ag deireadh mhí Bealtaine.

Íocadh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 a eisíodh i gcuntais bhainc na bhfaighteoirí nó ag a n-oifig poist Dé Máirt, an 8 Meitheamh.

Is é Baile Átha Cliath an contae leis an líon is mó daoine a bhfuil PUP á bhfáil acu an tseachtain seo ag 97,189. Ina dhiaidh sin tá Corcaigh (27,108) agus Gaillimh (15,684).

Is í an earnáil leis an líon is mó daoine a fhaigheann PUP an tseachtain seo ná gníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhíse Bia (84,787), agus Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (41,695) agus Gníomhaíochtaí Seirbhíse Riaracháin agus Tacaíochta (27,245) ina dhiaidh sin.

Is í an earnáil a chonaic an laghdú is mó i líon na ndaoine a fuair PUP an tseachtain seo ná gníomhaíochtaí na Cóiríochta agus na Seirbhíse Bia le 5,339 níos lú daoine ag fáil na híocaíochta i gcomparáid leis an tseachtain seo caite. Ina dhiaidh sin tá Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola le 4,739 níos lú daoine ag fáil na híocaíochta i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.

Ritheann an tseachtain íocaíochta don Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime ón Aoine go dtí an Déardaoin agus íoctar íocaíochtaí an Máirt dar gcionn. Gheobhaidh daoine aonair a dhún a PUP Dé Luain an 7 Meitheamh, agus iad ar ais ag obair, a n-íocaíocht PUP deiridh Dé Máirt an 15 Meitheamh.

Ag labhairt di inniu ar na figiúirí PUP is déanaí, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys:

“Tá figiúirí an lae inniu an-spreagúil. Taispeánann siad titim mhór seachtainiúil eile i líon na ndaoine a fhaigheann an PUP de réir mar a leanann ár ngeilleagar ag téarnamh agus gnóthais ag oscailt a ndoirse.

“Tá beagnach 200,000 duine anois tar éis a n-éilimh PUP a dhúnadh ó mhí Feabhra a léiríonn go soiléir go bhfuil daoine ag filleadh ar an obair de réir mar a athosclaíonn earnálacha.

“Tá líon na ndaoine a fhaigheann an PUP ag an leibhéal is ísle anois ó mhí na Nollag 2020 agus tá sé faoi bhun 300,000 den chéad uair i mbliana.

“Mar gheall go n-íoctar an PUP seachtain i riaráiste, léireofar daoine atá ag filleadh ar obair an tseachtain seo i bhfigiúirí na seachtaine seo chugainn.

“Tá ag éirí go maith le hathoscailt ár sochaí agus ár ngeilleagair. Chomh fada agus a leanaimid orainn ag cloí le comhairle sláinte poiblí, tá muinín agam go leanfaimid orainn ag tógáil ar an dul chun cinn láidir seo i rith míonna an tsamhraidh de réir mar a fhillfidh níos mó agus níos mó daoine ar an obair."

Daoine ag filleadh ar an obair

Leanann an roinn ag meabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair go gcaithfidh siad a n-éileamh ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime a dhúnadh ar an dáta iarbhír a dtosaíonn siad ar ais ag obair, d’fhonn a chinntiú go ndéantar a n-éileamh a phróiseáil i gceart agus chun ró-íocaíocht a sheachaint a dhéanfaidh an roinn iarracht a aisghabháil.

Toisc go n-íoctar PUP go seachtainiúil i riaráiste tá os cionn 11,000 de na daoine seo ag fáil íocaíochta deiridh an tseachtain seo agus tá siad fós san áireamh sna huimhreacha atá á n-íoc an tseachtain seo.

Is iad na hearnálacha leis an líon is mó fostaithe atá ag dúnamh a n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime le filleadh ar an obair ná earnáil ghníomhaíochtaí na Seirbhíse Cóiríochta agus Bia (5,016), Tógáil (2,416), agus Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (2,284).

Is é an bealach is éasca le héileamh ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime a dhúnadh ná ar líne trí www.MyWelfare.ie. Is féidir le haon oibrí atá ag filleadh ar obair a bhfuil ceist aige maidir lena éileamh a dhúnadh, teagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach Tacaíochta Ioncaim tiomnaithe na Roinne 1890 800 024 idir 9am go 5pm Luan go hAoine.

Bearta Rialaithe

Déanann an roinn sraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iar-íocaíochta ar gach éileamh PUP lena n-áirítear seiceálacha incháilitheachta leanúnacha. Faoi réir na seiceálacha sin a ghlanadh, déanann an roinn íocaíochtaí a phróiseáil bunaithe ar fhéin-dhearbhú na gcliant.

Ritheann an roinn seiceálacha iar-íocaíochta lena n-áirítear sonraí a fhíorú i gcoinne taifid Ioncaim, scrúdú a dhéanamh ar chásanna ina n-úsáidtear an cuntas bainc céanna arís agus arís eile, scrúdú a dhéanamh ar chásanna ina dtuairiscíonn fostóir nó baill den phobal imní, agus anailísíocht sonraí a úsáid chun éilimh a aithint agus a sheiceáil. Déanann sí cigireachtaí ar fhostóirí freisin.

Is é Aonad Speisialta Imscrúdaithe na roinne a dhéanann an obair seo, a chuimsíonn níos mó ná 20 Garda ar iasacht don roinn.

De réir mar a athosclaíonn an tionscal beidh cigirí na roinne ag déanamh athbhreithnithe rialaithe agus ag meaitseáil taifid i gcoinne sonraí párolla fostóirí ó na Coimisinéirí Ioncaim chun a chinntiú go ndúnfaidh daoine a n-éileamh agus iad ag filleadh ar obair. Chun ró-íocaíocht a sheachaint ba cheart do dhaoine atá ag filleadh ar obair a n-éileamh a dhúnadh agus is féidir leo é a dhéanamh go héasca ag www.MyWelfare.ie.

Daoine féinfhostaithe agus PUP

Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime (PUP) á fáil acu agus atá ag iarraidh a ngnó a chothabháil suas le €960 a thuilleamh thar thréimhse ocht seachtaine, agus a dteidlíocht iomlán PUP a choinneáil.

Níl aon phróiseas iarratais foirmiúil ann agus ní gá do dhuine féinfhostaithe ach an roinn a chur ar an eolas má thuilleann siad os cionn €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.

Fanfaidh an Deontas Tacaíochta Fiontair €1,000 i bhfeidhm don chuid eile den bhliain do dhaoine féinfhostaithe a dhúnann a n-íocaíocht PUP. Beidh siad siúd a d’éiligh an deontas in 2020 ach arbh éigean dóibh dul ar ais ar PUP in 2021, in ann rochtain a fháil ar an deontas den dara huair.

MyWelfare.ie – seirbhís iarratais UPSP

Is é an bealach is éasca agus is tapa le hiarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, lena n-áirítear an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime, an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe agus an Sochar Cuardaitheora Poist ná ar líne ag www.MyWelfare.ie. Is ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana ag am ar bith, áit ar bith agus ar gach gléas. Tá an rogha ag daoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Leanaí, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist chomh maith le ráiteas nó taifead ar ranníocaíochtaí árachais shóisialta a iarraidh ón roinn.

Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn atá 18 mbliana d’aois ar a laghad agus a bhfuil Uimhir PSP de dhíth orthu chun leas a bhaint as sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus faisnéis in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar líne, beidh gá le cuntas bunúsach MyGovID.

Ar mhaithe le comhairle sláinte poiblí agus cloí le scaradh sóisialta iarrtar ar dhaoine, más féidir, gan freastal ar a nIonad Intreo áitiúil. Ina áit sin, ba cheart dóibh leas a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí www.MyWelfare.ie.

Íocaíocht Sochair Breoiteachta Feabhsaithe COVID-19

Inniu, tá thart ar 892 duine ag fáil íocaíocht Sochair Breoiteachta Feabhsaithe, i gcomparáid le 1,095 an tseachtain seo caite.

Moltar d’fhostaithe nó do dhaoine féinfhostaithe a ndearnadh diagnóis orthu leis an víreas nó a ndúirt a ndochtúir leo féin-aonrú iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe. Murab ionann agus an Sochar Breoiteachta caighdeánach, íoctar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ón gcéad lá den bhreoiteacht. Is é an bealach is tapa agus is éasca le hiarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe ná trí www.MyWelfare.ie.

Tá sonraí iomlána maidir le Sochar Breoiteachta Feabhsaithe lena n-áirítear miondealú earnála agus contae chomh maith le próifíl aoise in Aguisíní 9, 10 agus 11.

Glaonna Teileafóin agus Téacsanna Caimiléireachta

Meabhraítear do chustaiméirí agus do bhaill an phobail faoi ghlaonna teileafóin agus teachtaireachtaí téacs caimiléireachta a d’fhéadfadh siad a fháil ó dhaoine aonair a mhaíonn gur oifigeach de chuid na roinne iad. Taispeánann na glaonna agus na téacsanna seo raon uimhreacha, lena n-áirítear roinnt a bhféadfadh sé gur cosúil go bhfuil siad ó uimhreacha gutháin na roinne. Ba mhaith leis an roinn a custaiméirí go léir a mheabhrú nach lorgóidh sí faisnéis phearsanta ó chustaiméirí trí theachtaireacht téacs agus ní iarrfaidh sí ar chustaiméirí riamh a gcuid sonraí bainc ar an bhfón.

Iarrtar ar aon duine a fhaigheann glao nó téacs den sórt sin gan aon fhaisnéis a nochtadh agus é a thuairisciú don Gharda Síochána láithreach.


Aguisíní

Appendices - County Breakdowns and other details - 210609
Amharc amharc