OGheobhaidh breis agus 200,000 seandaoine agus daoine faoi mhíchumas a chónaíonn leo féin íocaíochtaí méadaithe ag tosú an tseachtain seo
- Foilsithe: 7 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 7 Eanáir 2020
Tacaíocht bhreise do leanaí agus do theaghlaigh a thagann i bhfeidhm an tseachtain seo chun tairbhe do bhreis agus 400,000 teaghlaigh
Méadóidh an Liúntas Breosla do 370,000 teaghlaigh an tseachtain seo
Dé Mháirt, 7 Eanáir 2020
D’fhógair an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Regina Doherty, T.D., inniu go bhfiul méid de na íocaíochtaí spriocdhírithe ag méadú agus go dtagann na fheabhais a tugadh isteach i mBuiséad 2020 i bhfeidhm an tseachtain seo.
Áiríodh ar Bhuiséad 2020 € 171.2 milliún i gcaiteachas breise leasa shóisialaigh, rud a thug an caiteachas iomlán leasa shóisialaigh go € 21.2 billiún don bhliain.
Méadaíonn na íocaíochtaí agus ina measc na athruithe tá:
- Méadú € 5 sa Liúntas Maireachtála Aonair, ó € 9 go € 14 in aghaidh na seachtaine, íoctha le pinsinéirí agus le daoine faoi mhíchumas atá ag maireachtáil ina n-aonar - níos mó ná 200,000 chun sochair.
- Méadú € 2 go € 24.50 sa tseachtain ar an Liúntas Breosla Seachtainiúil - breis is 370,000 teaghlaigh chun leas a bhaint as.
- Méadú € 3 ar chleithiúnaithe linbh cáilithe 12 bhliain d'aois agus níos sine i ngach íocaíocht sheachtainiúil.
- Méadú € 2 ar chleithiúnaithe linbh cáilithe suas go dtí 12 bhliain d'aois i ngach íocaíocht sheachtainiúil.
- Méadaíonn tairseacha Íocaíochtaí do Theaghlaigh i bhFostaíocht € 10 sa tseachtain do theaghlaigh le 1, 2 nó 3 leanaí. Ceaptar go mbainfidh 55,000 teaghlaigh tairbhe as, ar chostas € 19 milliún.
- Méadú € 15 go € 165 sa tseachtain ar 16,900 teaghlaigh chun tairbhe a bhaint as an neamhaird tuillimh do thuismitheoirí aonair atá ag fáil Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora ar Íocaíocht Idirthréimhseach do Cuardaitheora Poist.
- Cuardaitheoirí poist atá 25 bliana d'aois chun ráta iomlán an Liúntais do Cuardaitheora Poist a fháil.
- Cuardaitheoirí poist faoi bhun 25 bliana d'aois má tá siad ag maireachtáil go neamhspleách agus ag fáil tacaíochtaí Stáit (m.sh. Forlíonadh Cíosa, Scéim Chóiríochta Ar Cíos, Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta) chun ráta iomlán an Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil.
- An tseachtain seo, tá méadú tagtha ar líon na n-uaireanta an chloig ar féidir le cúramóirí obair nó staidéar a dhéanamh lasmuigh den bhaile ó 15 go 18 ½ sa tseachtain.
- Ina theannta sin, glactar leis go méadóidh an Pá Íosta Náisiúnta go € 10.10 ón 1 Feabhra 2020.
Roimh na méaduithe, dúirt an tAire Doherty:
“Tugadh isteach na méaduithe - a thagann i bhfeidhm an tseachtain seo - go háirithe chun díriú ar na daoine a bhfuil gá is mó acu. Bhí an-áthas orm a bheith in ann acmhainní a dhíriú ar leanaí agus ar dhaoine aosta leochaileacha.”
Bhain Buiséad 2020 lena chinntiú go n-úsáidfimid na hacmhainní atá ar fáil chun na hathruithe is fearr a dhéanamh don tsochaí. Tá súil agam go bhfeabhsóidh na hathruithe seo staid na mílte dteaghlaigh agus na ndaoine leochaileacha agus is féidir.
CRÍOCHNÚ
An Roinn Gnóthaí agus Coimirce Sóisialaí
Sonraí Teangmhála na Preasoifige
Ríomhphoist: press.office@welfare.ie
Teil.: 01 704 3082
Twitter: @welfare_ie
Instagram: instagram.com/social.protection