English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Plean um Théarnamh Geilleagrach Náisiúnta – Tacaíochtaí agus Seirbhísí Coimirce Sóisialaí

Inniu d’fhógair an Rialtas sraith beart a bhfuil sé mar aidhm leo a chinntiú go bhfuil an téarnamh i ndiaidh na paindéime bunaithe ar phoist.

Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP)

Bunaíodh PUP ar bhonn sealadach i Márta 2020 mar fhreagairt gan choinne do na dálaí uathúla a bhain le paindéim Covid-19. Lean an íocaíocht seo le tacaíocht a sholáthar do go leor daoine ionas go bhféadfaidís déileáil leis an tionchar airgeadais a bhí ag Covid-19 agus fuair breis is 865,000 duine íocaíocht amháin ar a laghad.

Anois ó tharla go bhfuil gnóthaí ag oscailt arís agus go mbeidh níos mó post ar fáil tá laghdú ag teacht ar an ngá a bheidh le bearta eisceachtúla. Le cúpla seachtain anuas tá breis is 170,000 duine i ndiaidh filleadh ar an obair ón uair a raibh an líon is mó daoine cláraithe le haghaidh PUP i mí Feabhra 2021. Anuraidh, dhún 400,000 duine a n-éileamh PUP i rith mhíonna an tsamhraidh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys:

“Mar Aire Coimirce Sóisialaí, le 12 mhí anuas bhí mé dírithe ar a chinntiú go bhfuil na saoránaigh sin a chaill a bpost mar gheall ar an bpaindéim á gcosaint.

“Foinse ríthábhachtach tacaíochta ba ea Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime do dhaoine a chaill a bpost gan choinne.

“Go dtí seo, tá beagnach €8 billiún caite againn ar PUP, lena chinntiú go raibh teaghlaigh a bhí i gcruachás á gcosaint nuair a bhí tacaíocht ag teastáil uathu.

“Tá breis is 24 milliún íocaíocht eisithe agus tá tacaíocht faighte ag breis is 865,000 duine faoin scéim.”

Chun an méid ama agus is féidir a cheadú chun deis a thabhairt don earnáil fostaíochta teacht chuici féin, glacfar le cur chuige idirthréimhseach agus beidh íocaíochtaí á laghdú de réir a chéile thar thréimhse 6 mhí ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh ionas nach mbeidh ar dhaoine déileáil le laghdú suntasach.

  • I gcás éilitheoirí reatha, cuirfear síneadh le PUP ón 30 Meitheamh 2021 go dtí Feabhra 2022. Tabharfaidh sé seo deis do mhaolú na srianta dul i bhfeidhm agus do thuilleadh earnálacha athoscailt.
  • Ní bheidh cead ag iontrálaithe nua iarratas a dhéanamh ar PUP ón 1 Iúil 2021 ar aghaidh. Ag an bpointe sin, de réir mar a bheifear ag leanúint le rolladh amach na vacsaíní agus le maolú leanúnach srianta, níor cheart go mbeadh daoine ag cailleadh a bpost mar gheall ar thuilleadh srianta a bheith á gcur i bhfeidhm.
  • Cuirfear stop le híocaíochtaí do Mhic Léinn nuair a fhilleadh siad ar oideachas lánaimseartha – déanfar an íocaíocht deiridh ar an 7 Meán Fómhair. De ghnáth, ní bhíonn mic léinn cáilithe le haghaidh tacaíochtaí cuardaitheora poist.
  • Beidh feidhm leis na rátaí reatha íocaíochta os cionn an ráta €203 go dtí an 7 Meán Fómhair agus ansin tosófar á laghdú ar bhonn céimnithe in incrimintí de €50.
  • Tá sé beartaithe an chéad laghdú a dhéanamh ar íocaíochtaí ar an 14 Meán Fómhair, agus laghduithe eile a dhéanamh ina dhiaidh sin i lár mhí na Samhna agus ag tús mhí Feabhra.
  • Ansin athrófar daoine a bhfuil an ráta €203 á fháil acu faoi láthair agus iad siúd a shroicheann an ráta €203 i ngach céim, chuig na téarmaí caighdeánacha cuardaitheora poist. Déanfar é seo thar thréimhse ama agus tabharfar réamhfhógra.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys chomh maith:

“Bhí scála na n-íocaíochtaí seo gan choinne ach bhí sé riachtanach chun ár saoránaigh a chosaint i rith géarchéim náisiúnta. Cúis áthais dúinn ar fad go bhfuil deireadh ag teacht leis an ngéarchéim anois.

“Táthar ag leanúint le rolladh amach an chláir vacsaínithe agus táimid anois in ann smaoineamh ar an samhradh agus ar ghnóthaí ar fud na tíre a bheith á n-oscailt arís, gnóthaí áirithe ina measc a bheidh ag oscailt den chéad uair le bliain anuas.

“I mí Feabhra, bhí PUP á fháil ag breis is 481,000 duine.

“Tá PUP á fháil ag beagán le cois 309,000 duine inniu, laghdú beagnach 170,000 arb ionann é agus fianaise ar an éifeacht atá ag daoine a bheith ag filleadh ar an obair ó tharla cead a bheith ag gnóthaí oscailt arís.

“An tseachtain seo chugainn beidh na figiúirí níos lú ná 300,000 agus de réir mar a bheidh príomhearnálacha cosúil leis an earnáil fáilteachais ag athoscailt, táimid ag súil go leanfaidh na figiúirí ag titim i rith Mheithimh, Iúil agus Lúnasa.”

Leanúint ar aghaidh leis na tacaíochtaí leasa shóisialaigh eile a bhaineann le Covid-19

Idir anois agus deireadh na bliana, cinnteoidh an Roinn go leanfar le tacaíochtaí tábhachtacha eile a chur ar fáil.

Tacaíochtaí do Dhaoine Féinfhostaithe

Beidh an Deontas Tacaíochta Fiontair €1,000 ar fáil don chuid eile den bhliain do dhaoine féinfhostaithe a dhúnann a n-íocaíocht PUP. Beidh daoine a rinne éileamh ar an deontas in 2020 ach a raibh PUP á fháil acu arís in 2021, in ann an deontas a rochtain don dara huair.

Beidh na socruithe a thabharfaidh deis d’oibrithe féinfhostaithe suas le €960 a thuilleamh thar thréimhse 8 seachtaine a bhfuil PUP á fháil acu fós i bhfeidhm

Beidh an Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha ar fáil do dhaoine féinfhostaithe go dtí deireadh na bliana. Cuirfidh sé seo ar a gcumas a bheith i mbun féinfhostaíocht theoranta agus leanúint le híocaíocht sheachtainiúil de €128.60 a fháil.

Forlíonadh Cíosa

Leanfar leis an gcur chuige solúbtha i ndáil leis an bhForlíonadh Cíosa lena n-áirítear iad siúd d’íospartaigh drochíde sa teaghlach a bhí i bhfeidhm i rith na paindéime, go dtí deireadh na bliana.

Sochar Breoiteachta Feabhsaithe

Leanfar le híocaíocht an tSochair Breoiteachta Feabhsaithe a íoc ag an ráta reatha. Beidh aon chinntí a dhéanfar amach anseo maidir leis an íocaíocht seo bunaithe ar chomhairle sláinte poiblí.

Cabhrú le Daoine Filleadh ar an Obair

An Scéim Shealadach Fóirdheontais Tuarastail

Cuirfear síneadh leis an Scéim Shealadach Fóirdheontais Tuarastail atá á mhaoiniú ag an Roinn agus á riar ag Na Coimisinéirí Ioncaim go dtí deireadh na bliana agus modhnófar na coinníollacha ionas go mbeidh sé níos éasca d’fhostóirí cáiliú don scéim. Cabhróidh sé seo le fostóirí na costais a bhaineann le hoibrithe a fhostú arís a íoc agus ba cheart go gcabhródh sé le téarnamh tapa fostaíochta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys chomh maith:

“Tá sé ráite agam ón tús go bhfuil an Roinn atá faoi mo chúram lánsásta cabhrú le daoine – fianaise shoiléir air seo an chabhair a tugadh do dhaoine déileáil leis an strus a bhain le Covid -19. De réir mar a bheidh an geilleagar ag athoscailt, beimid fós ag tabhairt cúnaimh - ní hamháin trí leanúint le tacaíochtaí ioncaim a sholáthar ach trí chomhairle fostaíochta, tacaíochtaí fostaíochta agus rochtain ar athoiliúint.

“Ar an tslí seo, is féidir linn cabhrú le daoine bogadh ó PUP agus tacaíochtaí ioncaim eile i dtreo fostaíochta. Is gearr go mbeidh Straitéis Conairí chun Oibre nuashonraithe á foilsiú agam ach is féidir liom cuid de phríomhghnéithe na straitéise sin a cuimsíodh sa Phlean um Théarnamh Geilleagrach Náisiúnta a fhógairt inniu.”

Intreo – earcóidh an tSeirbhís Fostaíochta Poiblí, i dteannta lena comhpháirtithe seirbhíse, cásoifigigh fostaíochta breise agus beifear in ann déileáil le 100,000 cás breise i gcomparáid le leibhéil réamh-Covid-19. Soláthróidh sé seo acmhainn luachmhar bhreise seirbhíse fostaíochta chun tacú le daoine a chaill a bpost filleadh ar an obair.

Soláthróidh clár socrúcháin oibre nua 10,000 deis socrúcháin oibre íoctha do dhaoine dífhostaithe. Tá iarratas déanta ar mhaoiniú AE don chlár seo faoin gCiste Teacht Aniar agus Téarnamh.

Leathnófar an scéim fóirdheontais earcaíochta Jobs Plus chun cabhrú le fostóirí suas le 8,000 duine dífhostaithe a earcú agus an earcaíocht sin a dhíriú ar dhaoine a raibh tionchar ag Covid-19 orthu – daoine óga go háirithe.

Chomh maith leis sin, cuirfear 50,000 áit nua ar fáil in earnáil an bhreisoideachais agus oiliúna chun cabhrú le daoine ó earnálacha a bhfuil tionchar ar leith ar Covid-19 orthu tabhairt faoi chúrsa athscileála agus uas-scileála agus tairbhe a bhaint as deiseanna nua.

Beidh tuilleadh eolais maidir leis na tionscnaimh sin agus tionscnaimh eile nach iad le fáil sa straitéis Conairí chun Oibre a fhógrófar níos déanaí an mhí seo.

Meastar go bhfuil luach iomlán na dtacaíochtaí a fógraíodh inniu cothrom le breis is €4 bhilliún suas go dtí deireadh mhí na Nollag 2021.

Agus bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire mar fhocal scoir:

“Inniu is ag breathnú amach romhainn atáimid, is ag smaoineamh ar atógáil ár ngeilleagair atáimid agus ar dheiseanna a thabhairt do dhaoine filleadh ar an obair. Chomhlíon an raon eisceachtúil tacaíochtaí ioncaim a cuireadh ar fáil an aidhm a bhí leo agus leanfaidh sé sin ag tarlú sna míonna amach romhainn, ach ansin ní mór dúinn díriú ar thacar beart eisceachtúil tacaíochta fostaíochta chun cabhrú le daoine fostaíocht a aimsiú agus a choimeád. Is ar an méid sin atáimid ag díriú anois.”

CRÍOCH

Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)

Seoladh:
Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

press.office@welfare.ie

Teileafón:
01 704 3860;
01 704 3184
Léarscáil:
Féach ar an suíomh Press office ga ar an léarscáil