Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas maidir le hÍocaíochtaí Leasa Shóisialaigh agus an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta

Is mian leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS) staid na gcúrsaí a leagan amach maidir le híocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh agus an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (an SFPF) a oibríonn na Coimisinéirí Ioncaim.

Tháinig an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta in ionad na Scéime Fóirdheontais Shealadaigh Pá ón 1 Meán Fómhair 2020.

A fhad agus a shásaíonn siad na critéir cháilitheachta ábhartha, is féidir le fostaithe (is é sin, fostaithe páirtaimseartha) íocaíochtaí cuardaitheora poist nó íocaíochtaí Tacaíochta Oibre Gearr-Ama a éileamh do na laethanta a bhíonn siad dífhostaithe, fiú nuair a bhíonn an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta á héileamh ag a bhfostóir do na laethanta a bhíonn siad fostaithe.

Bíonn na gnáthrialacha agus na gnáthphróisis iarratais i gceist le haghaidh íocaíochtaí cuardaitheora poist ócáidigh agus Tacaíocht Gearr-Ama, na foirmeacha ábhartha a líonadh ag an bhfostóir san áireamh chun laethanta fostaíochta agus dífhostaíochta a dheimhniú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat