Síneadh curtha leis an gComhairliúchán Poiblí ar Pháipéar Uaine ar Athchóiriú Míchumais go dtí mí Iúil

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síneadh curtha leis an gComhairliúchán Poiblí ar Pháipéar Uaine ar Athchóiriú Míchumais go dtí mí Iúil

Tá síneadh ama á chur leis an spriocdháta don chomhairliúchán poiblí ar an bPáipéar Uaine ar Athchóiriú Míchumais go dtí an 31 Iúil 2024 mar fhreagra ar iarratais ó dhaoine aonair, ó Eagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas agus ó ghrúpaí míchumais chun tuilleadh ama a bheith acu lena n-aighneachtaí a dhéanamh.

Is doiciméad plé/comhairliúcháin é an Páipéar Uaine, a foilsíodh i Meán Fómhair 2023, maidir leis an mbealach is fearr chun tacú le daoine faoi mhíchumas sa todhchaí.

Is é an cuspóir atá leis ná comhrá struchtúrtha a thosú ar thodhchaí íocaíochtaí fadtéarmacha míchumais.

Agus síneadh á chur leis an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá a fhios agam ó bheith i dteagmháil leis an earnáil mhíchumais go dteastaíonn níos mó ama uathu le bheith páirteach sa phróiseas tábhachtach comhairliúcháin seo. Ceadóidh an síneadh seo é sin agus molaim do gach páirtí leasmhar aighneachtaí a dhéanamh agus a dtuairimí a chur in iúl.”

Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar Gov.ie/DisabilityPaymentsReform.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat