Seolann an tAire Humphreys Imeachtaí Oibre agus Scileanna INTREO

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Humphreys Imeachtaí Oibre agus Scileanna INTREO

Seolann an tAire Humphreys

Imeachtaí Oibre agus Scileanna INTREO

  • Imeachtaí Oibre agus Scileanna Bliantúla a bheidh ag tarlú idir an 6 agus an 19 Deireadh Fómhair
  • 35 eachtra ar fud na tíre a bheidh dírithe ar ghairmeacha agus ar an oiliúint
  • Breis agus 150 taispeántóir a bheidh páirteach ann, agus iad ag léiriú ag cur rogha leathan deiseanna os comhair an phobail

Tá eachtraí Oibre agus Scileanna INTREO, a bheidh ag tarlú idir an 6 agus an 19 Deireadh Fómhair ar fud na tíre, seolta inniu ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD.

Tá breis agus 35 eachtra ag tarlú ar fud na tíre, le han-rogha deiseanna ar fáil.

Tá na himeachtaí ar bun le deis a thabhairt do chuardaitheoirí poist dul i dteagmháil le fostóirí agus lena fháil amach faoi roghanna oiliúna chun cabhrú leo an chéad chéim eile a ghlacadh ina ngairm.

Agus í ag caint mar gheall ar na himeachtaí, dúirt an tAire Heather Humphreys:

“Tá na himeachtaí Oibre agus Scileanna mar chrann taca tábhachtach le fostóirí a thabhairt le chéile leo siúd atá ag cuardach deiseanna oibre go gníomhach, agus le béim a chur ar an rogha deiseanna oiliúna atá le fáil faoi láthair.

“Beidh deis acu siúd a thugann cuairt ar cheann de na himeachtaí casadh go díreach le fostóirí agus tuilleadh eolais a fháil maidir leis na róil atá ar fáil i neart earnálacha.

“Beidh na Boird Oideachais agus Oiliúna ar fáil le heolas a chur ar fáil maidir le printíseachtaí agus le rogha leathan cúrsaí dóibh siúd a bhfuil spéis acu deiseanna breisoiliúna agus breis forbartha a thapú.”

Tosaíonn na himeachtaí bliantúla Dé hAoine an 6 Deireadh Fómhair ag Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir. Beidh Timpeall 40 taispeántóir ag an eachtra i mBaile Bhlainséir, lena n-áirítear Hibernia Home Care, First Stop, Mc Donald’s agus ionadaithe ó BOO Chathair Bhaile Átha Cliath.

35 eachtra atá ag tarlú san iomlán, i bpearsa agus ar líne araon, le réimse leathan deiseanna ar fáil.

Spreag an tAire dóibh siúd nach bhfuil in ann freastal ar na himeachtaí i bpearsa an fhéidearthacht freastal orthu ar líne a mheas.

Tá eolas maidir leis an réimse iomlán eachtraí le fáil ag www.Gov.ie/WorkandSkills

Nótaí don Eagarthóir:

Tugann an Roinn Coimirce Sóisialaí, SOLAS, agus Boird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann tacaíocht do na himeachtaí Oibre agus Scileanna.

Is éard atá i gceist leis an gComhpháirtíocht Trasteorann do Sheirbhísí Fostaíochta ná comhpháirtíocht le cúnamh a thabhairt do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí i mbun earcaíochta ar an dá thaobh den teorainn le folúntais a líonadh. Sa chomhpháirtíocht seo, áirítear comhaltaí de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí, na Roinne Pobail, Tuaisceart Éireann, ionadaithe gnó agus na gceardchumann.

Go sonrach, soláthraíonn sé conairí don eolas atá riachtanach do dhaoine atá ag bogadh thar an teorainn, mar shampla, cuardaitheoirí poist a bhfuil eolas ag teastáil uathu maidir le deiseanna fostaíochta agus oiliúna ar an dá thaobh den teorann, maidir le cánachas agus leis na córais shlándáil shóisialach.

Liosta na n-eachtraí

Aonach Earcaíochta agus Oiliúna Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir An 6 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna Óstán Strand, Luimneach an 6 Deireadh Fómhair
Gaillimh – Seisiún Eolais Bálseomra Emerald, Béal Átha na Sluaighe An 9 Deireadh Fómhair
Seisiún Eolais Ionad Intreo na Gaillimhe An 9 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta Óglaigh na hÉireann Ionad Intreo Inse An 9 Deireadh Fómhair
Seisiún Eolais Ionad Intreo Bhaile Locha Riach An 10 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta Óglaigh na hÉireann Ionad Intreo, Gaillimh An 10 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna Óstán Glenroyal, Maigh Nuad An 10 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna Leabharlann Bhaile Formaid, Baile Átha Cliath 10 An 10 Deireadh Fómhair
Lá Eorpach na bPost ar líne – Gairmeacha san fháilteachas agus i gcúram leanaí
Ar líne (ar an láthair i Malaga, an Spáinn) An 10 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta Óglaigh na hÉireann Ionad Intreo Dhún Dealgan An 10 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna Ionad Intreo Dhurlais An 11 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna Óstán an Túir, Port Láirge An 11 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna Óstán Chuan an Inbhir Mhóir An 11 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna Óstán Ardboyne An Uaimh, Co. na Mí An 11 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta Óglaigh na hÉireann Óstán Mór an Tuaiscirt, Bun Dobhráin An 11 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta An Post Oifig Intreo Bhaile Átha Luain An 12 Deireadh Fómhair
Seisiún Eolais Ionad Oideachais agus Oiliúna an Ghoirt, Gaillimh An 12 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta An Post Oifig Intreo, Cluain Dolcáin An 12 Deireadh Fómhair
Clinic CV d'Úcránaigh LDCO, Liatroim An 12 Deireadh Fómhair
Imeacht Eolais - Obair agus Scileanna (cuireadh amháin)
Ionad Oiliúna, Baile Átha Í, Co. Chill Dara An 12 Deireadh Fómhair
Eachtra Earcaíochta Óglaigh na hÉireann
Ionad Oiliúna Bhaile Átha Luain, Garraí an Chaistil, Co. na hIarmhí
An 13 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna Óstán Talbot, Loch Garman An 17 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna Ionad Intreo, Tamhlacht An 17 Deireadh Fómhair
Cur i láthair do Chuardaitheoirí Poist Ionad Íontas, Baile na Lorgan, Co Mhuineacháin An 17 Deireadh Fómhair
Aonach Tógála, Earcaíochta agus Oiliúna
Ionad Oiliúna BOOÁCDL, Baile Dúill, Baile Átha Cliath 13
An 17 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna Óstán Metropole, Cathair Chorcaí An 18 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta Orpea Óstán Glenroyal, Maigh Nuad, Co. Chill Dara An 18 Deireadh Fómhair
Aonach Trasteorann na bPost Fíorúil Ar líne An 18 Deireadh Fómhair
Aonach Printíseachta agus Oiliúna Óstán na Páirce, an Muileann gCearr An 19 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna Leabharlann na Cúlóige An 19 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna Ionad Pobail Bhaile Uí Dhálaigh, Bré An 19 Deireadh Fómhair
Eachtra Líonraithe an Chabháin d'Fhiontraithe Ban Óstán na Cille Móire, an Cabhán An 19 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna Ionad na nGasóg, Caisleán an Bharraigh, Maigh Eo An 19 Deireadh Fómhair

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat