Imeachtaí Oibre agus Scileanna Bliantúla a bheidh ag tarlú idir an 6 agus an 19 Deireadh Fómhair
35 eachtra ar fud na tíre a bheidh dírithe ar ghairmeacha agus ar an oiliúint
Breis agus 150 taispeántóir a bheidh páirteach ann, agus iad ag léiriú ag cur rogha leathan deiseanna os comhair an phobail
Tá eachtraí Oibre agus Scileanna INTREO, a bheidh ag tarlú idir an 6 agus an 19 Deireadh Fómhair ar fud na tíre, seolta inniu ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD.
Tá breis agus 35 eachtra ag tarlú ar fud na tíre, le han-rogha deiseanna ar fáil.
Tá na himeachtaí ar bun le deis a thabhairt do chuardaitheoirí poist dul i dteagmháil le fostóirí agus lena fháil amach faoi roghanna oiliúna chun cabhrú leo an chéad chéim eile a ghlacadh ina ngairm.
Agus í ag caint mar gheall ar na himeachtaí, dúirt an tAire Heather Humphreys:
“Tá na himeachtaí Oibre agus Scileanna mar chrann taca tábhachtach le fostóirí a thabhairt le chéile leo siúd atá ag cuardach deiseanna oibre go gníomhach, agus le béim a chur ar an rogha deiseanna oiliúna atá le fáil faoi láthair.
“Beidh deis acu siúd a thugann cuairt ar cheann de na himeachtaí casadh go díreach le fostóirí agus tuilleadh eolais a fháil maidir leis na róil atá ar fáil i neart earnálacha.
“Beidh na Boird Oideachais agus Oiliúna ar fáil le heolas a chur ar fáil maidir le printíseachtaí agus le rogha leathan cúrsaí dóibh siúd a bhfuil spéis acu deiseanna breisoiliúna agus breis forbartha a thapú.”
Tosaíonn na himeachtaí bliantúla Dé hAoine an 6 Deireadh Fómhair ag Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir. Beidh Timpeall 40 taispeántóir ag an eachtra i mBaile Bhlainséir, lena n-áirítear Hibernia Home Care, First Stop, Mc Donald’s agus ionadaithe ó BOO Chathair Bhaile Átha Cliath.
35 eachtra atá ag tarlú san iomlán, i bpearsa agus ar líne araon, le réimse leathan deiseanna ar fáil.
Spreag an tAire dóibh siúd nach bhfuil in ann freastal ar na himeachtaí i bpearsa an fhéidearthacht freastal orthu ar líne a mheas.
Tá eolas maidir leis an réimse iomlán eachtraí le fáil ag www.Gov.ie/WorkandSkills
Nótaí don Eagarthóir:
Tugann an Roinn Coimirce Sóisialaí, SOLAS, agus Boird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann tacaíocht do na himeachtaí Oibre agus Scileanna.
Is éard atá i gceist leis an gComhpháirtíocht Trasteorann do Sheirbhísí Fostaíochta ná comhpháirtíocht le cúnamh a thabhairt do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí i mbun earcaíochta ar an dá thaobh den teorainn le folúntais a líonadh. Sa chomhpháirtíocht seo, áirítear comhaltaí de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí, na Roinne Pobail, Tuaisceart Éireann, ionadaithe gnó agus na gceardchumann.
Go sonrach, soláthraíonn sé conairí don eolas atá riachtanach do dhaoine atá ag bogadh thar an teorainn, mar shampla, cuardaitheoirí poist a bhfuil eolas ag teastáil uathu maidir le deiseanna fostaíochta agus oiliúna ar an dá thaobh den teorann, maidir le cánachas agus leis na córais shlándáil shóisialach.
Liosta na n-eachtraí
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna
Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir
An 6 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna
Óstán Strand, Luimneach
an 6 Deireadh Fómhair
Gaillimh – Seisiún Eolais
Bálseomra Emerald, Béal Átha na Sluaighe
An 9 Deireadh Fómhair
Seisiún Eolais
Ionad Intreo na Gaillimhe
An 9 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta Óglaigh na hÉireann
Ionad Intreo Inse
An 9 Deireadh Fómhair
Seisiún Eolais
Ionad Intreo Bhaile Locha Riach
An 10 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta Óglaigh na hÉireann
Ionad Intreo, Gaillimh
An 10 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna
Óstán Glenroyal, Maigh Nuad
An 10 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna
Leabharlann Bhaile Formaid, Baile Átha Cliath 10
An 10 Deireadh Fómhair
Lá Eorpach na bPost ar líne – Gairmeacha san fháilteachas agus i gcúram leanaí
Ar líne (ar an láthair i Malaga, an Spáinn)
An 10 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta Óglaigh na hÉireann
Ionad Intreo Dhún Dealgan
An 10 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna
Ionad Intreo Dhurlais
An 11 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna
Óstán an Túir, Port Láirge
An 11 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna
Óstán Chuan an Inbhir Mhóir
An 11 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna
Óstán Ardboyne An Uaimh, Co. na Mí
An 11 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta Óglaigh na hÉireann
Óstán Mór an Tuaiscirt, Bun Dobhráin
An 11 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta An Post
Oifig Intreo Bhaile Átha Luain
An 12 Deireadh Fómhair
Seisiún Eolais
Ionad Oideachais agus Oiliúna an Ghoirt, Gaillimh
An 12 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta An Post
Oifig Intreo, Cluain Dolcáin
An 12 Deireadh Fómhair
Clinic CV d'Úcránaigh
LDCO, Liatroim
An 12 Deireadh Fómhair
Imeacht Eolais - Obair agus Scileanna (cuireadh amháin)
Ionad Oiliúna, Baile Átha Í, Co. Chill Dara
An 12 Deireadh Fómhair
Eachtra Earcaíochta Óglaigh na hÉireann
Ionad Oiliúna Bhaile Átha Luain, Garraí an Chaistil, Co. na hIarmhí
An 13 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna
Óstán Talbot, Loch Garman
An 17 Deireadh Fómhair
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna
Ionad Intreo, Tamhlacht
An 17 Deireadh Fómhair
Cur i láthair do Chuardaitheoirí Poist
Ionad Íontas, Baile na Lorgan, Co Mhuineacháin
An 17 Deireadh Fómhair
Aonach Tógála, Earcaíochta agus Oiliúna
Ionad Oiliúna BOOÁCDL, Baile Dúill, Baile Átha Cliath 13