English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Humphreys tús an tSéasúir Nua Breosla

Liúntas Breosla le híoc ar feadh 28 seachtaine le thart ar 370,000 teaghlach

Buiséad de €292 milliún á íoc amach le roghanna íocaíochta seachtainiúla nó cnapshuime ar fáil

Custaiméirí a fuair an liúntas anuraidh le híoc go huathoibríoch

D’fhógair an tAire Cosanta Sóisialta, Heather Humphreys TD, inniu go gcuirfear tús leis an Scéim Náisiúnta Breosla do Séasúr 2021/2022.

Íocfar an Liúntas Breosla, ar íocaíocht measúnaithe acmhainne é, ar feadh 28 seachtaine le tuairim is 370,000 teaghlach ar fud an Stáit.

Tá buiséad de €292 milliún curtha i leataobh don séasúr atá le teacht agus an Roinn ag soláthar dhá rogha íocaíochta.

Íoctar ráta seachtainiúil de €28 le faighteoirí nó, más fearr leo, dhá íocaíocht chnapshuime de €392 an ceann.

Eiseofar na chéad íocaíochtaí seachtainiúla ón tseachtain seo i dteannta le gnáthíocaíochtaí leasa shóisialaigh seachtainiúla na bhfaighteoirí.

Agus Séasúr Breosla 2021/2022 á sheoladh go foirmiúil, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá ról ríthábhachtach ag an Liúntas Breosla maidir le cuidiú leis na mílte teaghlach lena gcostais téimh i rith míonna an gheimhridh.

“Feidhmíonn sé mar chabhair airgeadais do dhaoine atá ina gcónaí i dteaghlaigh ar ioncam íseal chun cabhrú leis an gcostas a bhaineann le leictreachais agus ola théimh.

“Mar aitheantas ar a thábhachtaí atá sé don oiread sin teaghlach, mhéadaigh mé an ráta íocaíochta seachtainiúil faoi €3.50 i mo chéad Bhuiséad mar Aire Coimirce Sóisialaí.

“Tuigim go bhfuil costais téimh ina gcúis imní do go leor agus go bhfuil méadú ag teacht ar bhillí agus iad ag filleadh ar leibhéil 2019.

“Beidh sé seo ina fhachtóir tábhachtach domsa mar Aire agus mé ag leanúint le caibidlíocht Bhuiséad 2022, i dteannta le mo chomhghleacaithe sa Rialtas."

Dúirt an tAire:

“Ba mhaith liom a mheabhrú do theaghlaigh a íocadh an Liúntas Breosla anuraidh go n-íocfar go huathoibríoch arís iad i mbliana chomh fada agus a fhanfaidh siad i dteideal.

“Tá sé tábhachtach a rá freisin go bhfuil dhá rogha ann le haghaidh íocaíochta. Mar mhalairt ar íocaíocht sheachtainiúil de €28, tá an rogha ag teaghlaigh freisin dhá chnapshuim de €392 an ceann a fháil.

“Mar fhocal scoir, impím ar dhuine ar bith atá incháilithe le haghaidh na híocaíochta iarratas a chur isteach láithreach."

Ní mór do chustaiméirí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla an fhoirm iarratais ar Liúntas Breosla (NFS1) a chomhlánú atá ar fáil trí Ionaid Intreo, Oifigí Poist na Roinne nó ar láithreán gréasáin na Roinne Item was unpublished or removed agus é a chur ar ais chuig a limistéar scéime. Íoctar Liúntas Breosla amháin in aghaidh an teaghlaigh.

Ní gá do chustaiméirí a fuair an íocaíocht anuraidh iarratas a dhéanamh arís ach ina ionad sin gheobhaidh siad an íocaíocht go huathoibríoch ar choinníoll go gcoinníonn siad teidlíocht ar an íocaíocht.

Chomh maith leis an íocaíocht a fháil i dtráthchodanna seachtainiúla, is féidir le custaiméirí a roghnú Liúntas Breosla a fháil in dhá íocaíocht chnapshuime. Eiseofar an chéad íocaíocht chnapshuime de €392 an tseachtain seo (27 Meán Fómhair) agus eiseoidh an dara ceann seachtain an 3 Eanáir 2022.

Tuilleadh eolais

D’fhéadfadh duine atá ag fáil Liúntas Gáis Nádúrtha nó Leictreachais faoi Phacáiste Sochair Teaghlaigh na Roinne Coimirce Sóisialaí, agus a úsáideann gás nó leictreachas chun a dtithe a théamh, a bheith i dteideal an Liúntais Bhreosla.

Féadfaidh duine cáiliú le haghaidh Liúntais Bhreosla má tá ceann de na híocaíochtaí seo a leanas á fáil aige ón Roinn Coimirce Sóisialaí:

  • Pinsean Stáit (Ranníocach) nó Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach),
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtí Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) nó (Neamhranníocach),
  • Forlíonadh Éagumais,
  • Pinsean na nDall,
  • Pinsean Easláine,
  • Liúntas Míchumais,
  • Sochar nó Liúntas Banchéile Thréigthe,
  • Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora,
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach agus Neamhranníocach),
  • Cúnamh Feirme,
  • Liúntas Cuardaitheora Poist Fadtéarmaigh,
  • Liúntas Bunúsach Leasa Forlíontach.

Féadfaidh duine a bheith i dteideal an Liúntais Bhreosla má tá ceann de na híocaíochtaí seo a leanas á fháil aige ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:

  • Liúntas Athshlánúcháin Duine faoi Mhíchumas,
  • Liúntas Cothabhála Galair Thógálacha,
  • íocaíocht slándála sóisialaí ó thír eile,
  • Liúntas speisialta ón Roinn Cosanta,

Má tá siad ag glacadh páirte i scéim fostaíochta nó oideachais agus má tá siad i dteideal a gcuid sochar tánaisteach a choinneáil,

agus

  • má bhíonn siad ina gcónaí sa Stát de ghnáth,
  • ag maireachtáil ina n-aonar nó le:
  • céile cáilithe, páirtnéir sibhialta, comhchónaitheoir nó leanaí cáilithe*,
  • daoine eile a fhaigheann ceann de na híocaíochtaí cáilitheacha a cháileodh le haghaidh Liúntais Bhreosla as a stuaim féin iad freisin,
  • duine atá ag soláthar cúraim agus aire lánaimseartha má tá míchumas nó tinneas fadtéarmach ar an iarratasóir,
  • duine a bhfuil Liúntas gearrthéarmach Cuardaitheora Poist, an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime nó an Liúntas Leasa Forlíontach Bunúsach a fháil aige,

agus

  • níl an t-iarratasóir agus baill eile dá dteaghlach in ann íoc as na riachtanais téimh as a gcuid acmhainní féin. Chun an coinníoll seo a chomhlíonadh, caithfidh an teaghlach tástáil acmhainne a shásamh.
  • Tá leanbh cáilithe faoi 18 mbliana d’aois nó 18 go 22 bliana d’aois má tá sé in oideachas lánaimseartha. Má tá leanbh 18 mbliana d’aois agus é in oideachas lánaimseartha agus má Liúntas Cuardaitheora Poist (ar feadh níos lú ná 15 mhí), Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta nó Liúntas Leas Forlíontach á fháil ag an t-iarratasóir ar Liúntas Breosla, ní fhanfaidh siad ina leanbh cáilithe ach go dtí go gcríochnóidh siad oideachas lánaimseartha nó go dtí an 30 Meitheamh dar gcionn, cibé acu is luaithe.

Tá faisnéis iomlán faoin Liúntas Breosla ar fáil ar Item was unpublished or removed

Miondealú de réir Contae ar an Liúntas Breosla a íocadh i séasúr breosla 2020/2021

Contae Líon na dTeaghlach*
Ceatharlach 5,843
An Cabhán 6,450
An Clár 9,629
Corcaigh 39,332
Dún na nGall 18,497
Baile Átha Cliath 76,468
Gaillimh 18,886
Ciarraí 13,825
Cill Dara 11,787
Cill Chainnigh 6,980
Laois 5,977
Liatroim 3,627
Luimneach 16,315
An Longfort 4,578
11,591
Maigh Eo 13,918
An Mhí 10,761
Muineachán 5,018
Uíbh Fhailí 6,752
Ros Comáin 5,655
Sligeach 6,217
Tiobraid Árann 16,284
Port Láirge 11,893
An Iarmhí 7,289
Loch Garman 15,829
Cill Mhantáin 9,584
Iomlán 358,985
  • Fuair thart ar 11,000 custaiméir ar Scéimeanna TUS, RSS agus CE an Liúntas Breosla - níl miondealuithe contae ar fáil dóibh seo.

Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)

Seoladh:
Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

press.office@welfare.ie

Teileafón:
01 704 3860;
01 704 3184
Léarscáil:
Féach ar an suíomh Press office ga ar an léarscáil