Spreagann an tAire Humphreys fostóirí agus cuardaitheoirí poist bualadh lena chéile ag Taispeántas Poist Trasteorann an Iarthuaiscirt, Leitir Ceanainn
- Foilsithe: 18 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Aonach Earcaíochta Trasteorann an Iarthuaiscirt, Leitir Ceanainn, 24 Aibreán.
- Fostóirí ó réigiún Trasteorann an Iarthuaiscirt ar fad atá ag earcú go gníomhach.
- Is comhoibriú é an feachtas earcaíochta idir an Roinn Coimirce Sóisialaí, Éire agus an Roinn Pobal, Tuaisceart Éireann.
Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí, i gcomhar leis an Roinn Pobal, Tuaisceart Éireann agus an Chomhpháirtíocht Trasteorann do Sheirbhísí Fostaíochta, ag tabhairt cuireadh d’fhostóirí agus do chuardaitheoirí poist bualadh lena chéile ag Aonach Earcaíochta Trasteorann an Iarthuaiscirt. Beidh an t-imeacht ar siúl in Óstán Radisson Blu, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ar an 24 Aibreán 2024 ó 10a.m. – 3p.m.
Taispeánfaidh an t-aonach earcaíochta na poist agus na roghanna oiliúna atá ar fáil i réigiún trasteorann an iarthuaiscirt agus déanfaidh sé cuardaitheoirí poist, fostóirí agus iad siúd ar spéis leo na roghanna oiliúna atá ar fáil a thabhairt le chéile.
Agus í ag labhairt faoin imeacht atá le teacht, mhol an tAire Humphreys do gach duine atá sa tóir ar ghairm bheatha nó atá ag lorg fostaithe nua chun freastal ar an imeacht agus dul i dteagmháil leis an gComhpháirtíocht Trasteorann do Sheirbhísí Fostaíochta le haghaidh tacaíochta agus comhairle leanúnaí.
Tá an t-imeacht earcaíochta oscailte do gach duine atá ag lorg deiseanna fostaíochta cibé an daoine iad atá ag tosú amach ar a ngairmeacha beatha nó an gairmithe iad a bhfuil go leor taithí acu nó an daoine iad a bhfuil athrú gairme á lorg acu. Moltar do chuardaitheoirí poist leas a bhaint as an deis bualadh le bainisteoirí earcaíochta, a CVanna a chur isteach, agus foghlaim faoi shaibhreas deiseanna gairme ar fud na dtionscal éagsúil. Déanfar athbhreithniú ar CVanna an lucht freastail ag na clinicí CV duine le duine a bheidh ar siúl ag an imeacht.
I measc na bhfostóirí a bheidh i láthair tá Circet, Houston Engineering, Inishowen Gateway Hotel, Cherrymore Kitchens, Cumann Foirgníochta EBS agus Boyle Construction.
Is féidir le fostóirí atá ag iarraidh bualadh le fostaithe nua ionchasacha tuilleadh eolais a fháil faoi rannpháirtíocht trí theagmháil a dhéanamh le dec.martin@welfare.ie nó cuairt a thabhairt ar www.cbpes.com. Spreagtar cuardaitheoirí poist clárú le freastal ar an imeacht ar Eventbrite.ie Tá an t-imeacht saor in aisce d’fhostóirí agus do chuardaitheoirí poist araon.
Léiríonn an tionscnamh an comhoibriú idir an dá roinn, tríd an gComhpháirtíocht Trasteorann do Sheirbhísí Fostaíochta, agus an tiomantas roinnte atá acu chun tacú le soghluaisteacht fostaíochta i gcontaetha na teorann.
Nóta d’Eagarthóirí
Taispeántóirí i láthair
- Bluebird Care
- Circet
- Tata Consultancy Services
- Inishowen Gateway Hotel
- HML Construction
- Houston Engineering
- E&I Engineering/Vertiv
- EBS
- Irish Homecare
- Glanua
- Cherrymore Kitchens
- Donegal Childcare
- Boyle Construction
- Dynamic Sales Force
- Mantis Cranes
- McMenamin Engineering