Ráiteas ón Aire Dara Calleary maidir le Grúpa Nuvion ag dul faoi ghlacadóireacht
- Foilsithe: 29 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Samhain 2025
Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu go bhfuil tacaíochtaí ar fáil d’oibrithe agus do chonraitheoirí atá buailte ag Grúpa Nuvion, lena n-áirítear Parcel Connect, Nügo agus Fastway Couriers
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Tar éis an fhógra ó Ghrúpa Nuvion, tá mé ag cuimhneamh ar na hoibrithe agus a dteaghlaigh atá ag dul i ngleic leis an éiginnteacht a eascraíonn as an nuacht dheacair seo.
“Bhí mo Roinn i dteagmháil cheana féin chun eolas a chur ar fáil maidir leis na tacaíochtaí atá ar fáil chun cabhrú le fostaithe Ghrúpa Nuvion agus le daoine eile a d’fhéadfadh a bheith buailte sna míonna amach romhainn.
“Áirítear orthu sin raon tacaíochtaí ioncaim, agus cúnamh chun bogadh chuig fostaíocht mhalartach, nó chun rochtain a fháil ar roghanna oideachais, oiliúna agus forbartha cuí.
“Tá an Sochar Pá-Choibhneasa nua do Chuardaitheoirí Poist, a thugamar isteach i mí an Mhárta, ar fáil d’fhostaithe a chailleann a bpost agus a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta. Cuireann an scéim seo uasíocaíocht sheachtainiúil de €450 ar fáil a chabhróidh le daoine agus iad ag lorg fostaíocht nua.
“Is é an bealach is éasca agus is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar íocaíocht cuardaitheora poist ná ar líne ag MyWelfare.ie, a sholáthraíonn rochtain shábháilte agus áisiúil ar líne ar sheirbhísí leasa shóisialaigh.”