Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Dara Calleary maidir le caillteanais post ag Carelon

Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu go bhfuil tacaíochtaí ar fáil d’oibrithe ag Carelon Global Solutions i Luimneach.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Tar éis fhógra Carelon, táim ag smaoineamh láithreach ar na hoibrithe agus a dteaghlaigh atá ag déileáil leis an scéala deacair seo. Is é ár dtosaíocht anois ná a chinntiú go mbeidh rochtain ag na fostaithe atá buailte ar na tacaíochtaí riachtanacha go léir gan mhoill.

“Tá teagmháil déanta ag mo Roinn leis an gcomhlacht cheana féin chun eolas a thairiscint ar ár dtacaíochtaí ioncaim agus fostaíochta go léir atá ar fáil chun cabhrú leis na fostaithe seo sna míonna atá amach romhainn.

“Buailfidh foireann ón Roinn leis an bhfórsa oibre go luath chun rochtain thapa ar thacaíochtaí ioncaim a chinntiú agus chun tacú leo dul i mbun fostaíochta eile, nó chun teacht ar roghanna oideachais, oiliúna agus forbartha cuí.

“Tá an Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist nua, a thugamar isteach i mí an Mhárta, ar fáil dóibh siúd a chailleann a bpost agus a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta. Soláthraíonn an scéim seo uasíocaíocht sheachtainiúil de €450 a chabhróidh le daoine le linn na tréimhse neamhchinnteachta seo agus iad ag lorg fostaíochta nua.

“Ba cheart d’aon duine lena mbaineann a thabhairt faoi deara gurb é an bealach is éasca agus is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar íocaíocht cuardaitheora poist ná ar líne ag MyWelfare.ie, a sholáthraíonn rochtain shábháilte agus áisiúil ar líne ar sheirbhísí leasa shóisialaigh.”