Ráiteas ón Aire Dara Calleary maidir le caillteanais post ag Primark
- Foilsithe: 25 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 30 Meitheamh 2025
Dúirt an tAire Cosanta Sóisialta, Dara Calleary TD, inniu go bhfuil tacaíochtaí ar fáil d’oibrithe ag ceanncheathrú Primark i mBaile Átha Cliath
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Tar éis fhógra Primark, táim ag smaoineamh láithreach ar na hoibrithe agus a dteaghlaigh atá ag dul i ngleic leis an scéal deacair seo. Is é ár dtosaíocht anois ná a chinntiú go mbeidh rochtain ag na fostaithe a bhfuil an scéal seo ag dul i bhfeidhm orthu, ar na tacaíochtaí riachtanacha go léir gan mhoill.
“Beidh mo Roinn i dteagmháil leis an gcomhlacht chun faisnéis a chur ar fáil maidir lenár dtacaíochtaí ioncaim agus fostaíochta uile atá ar fáil chun cabhrú leis na fostaithe seo sna míonna amach romhainn.
“Cuirfear foireann ón Roinn ar fáil chun bualadh leis an lucht saothair chun rochtain thapa ar thacaíochtaí ioncaim a chinntiú agus chun tacaíocht a thabhairt dóibh chun fostaíocht eile a fháil, nó chun teacht ar roghanna oideachais, oiliúna agus forbartha ábhartha.
“Tá an Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist nua, a thugamar isteach i mí an Mhárta, ar fáil dóibh siúd a chailleann a bpost agus a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta. Soláthraíonn an scéim seo uasíocaíocht sheachtainiúil de €450 a chabhróidh le daoine le linn na tréimhse neamhchinnteachta seo agus iad ag lorg fostaíochta nua.
“Ba cheart d’aon duine a bhfuil éifeacht ag seo orthu a thabhairt faoi deara gurb é an bealach is éasca agus is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar íocaíocht cuardaitheora poist ná ar líne ag MyWelfare.ie, a sholáthraíonn rochtain shábháilte agus áisiúil ar líne ar sheirbhísí leasa shóisialaigh.”