Tá sé deimhnithe ag an Aire Humphreys go bhfuil an tSeirbhís Leasa Pobail in An Cabhán ag feidhmiú go hiomlán
- Foilsithe: 23 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu dheimhnigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, go bhfuil an tSeirbhís Leasa Pobail i gCo. an Chabháin ag feidhmiú go hiomlán.
Tá folúntais a bhí i Seirbhís Leasa Pobail Chontae an Chabháin mar thoradh ar dhaoine a bheith imithe ar scor líonta anois agus ní bheidh aon deacrachtaí ag daoine an tseirbhís a rochtain agus ní gá do chustaiméirí imní a dhéanamh maidir le moill ar choinní a dhéanamh.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys:
“Cúis áthais dom a dheimhniú go bhfuil Seirbhís Leasa Pobail mo roinne in An Cabhán ag feidhmiú go hiomlán agus go bhfuil folúntais a bhí ann mar go ndeachaigh daoine ar scor le déanaí líonta anois.
“D’iarr mé ar oifigigh a chinntiú go bhfuil socruithe déanta ionas gur féidir le daoine a bhfuil an tseirbhís riachtanach seo ag teastáil uathu í a rochtain i rith thréimhse na Nollag.
“Is féidir le haon duine atá ag cur faoi in An Cabhán a dteastaíonn cabhair uaidh ón tSeirbhís Leasa Pobail teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís trí ghlaoch ar an uimhir 049 4379695 agus ríomhphost a sheoladh chuig CWSCavan@welfare.ie.”
Soláthraíonn Seirbhís Leasa Pobail na roinne scéim an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh arb ionann í agus líontán sábháilteachta laistigh den chóras leasa shóisialaigh trí chéile. Soláthraíonn an scéim seo cúnamh do dhaoine incháilithe sa Stát nach bhfuil dóthain acmhainní acu chun freastal ar a riachtanais agus ar riachtanais a gcleithiúnach.
Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)
- Seoladh:
- Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 704 3860;
01 704 3184
- Léarscáil:
- Féach ar an léarscáil