Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tosaíonn an Phríomh-Oifig Chlárúcháin Comhairliúchán maidir le hathruithe chun Éifeachtacht an Phróisis Chlárúcháin Báis a fheabhsú

Tá an Phríomh-Oifig Chlárúcháin le tús a chur le próiseas comhairliúcháin i leith athruithe molta chun an éifeachtúlacht maidir le conas a chláraítear básanna a fheabhsú. Tosóidh sé inniu, Déardaoin, an 18 Feabhra 2021 agus beidh sé ar siúl go dtí Dé Luain, an 12 Aibreán, 2021.

Tá an comhairliúchán ag lorg tuairimí ó pháirtithe leasmhara sláinte, baill den phobal agus daoine a bhfuil spéis acu i dtograí chun an córas trína ndéantar básanna a chlárú in Éirinn a fheabhsú agus athbhreithniú a dhéanamh ar an achar ama atá ar fáil do bhaill teaghlaigh chun bás a chlárú.

Eascraíonn na tograí as obair a rinne an Phríomh-Oifig Chlárúcháin, atá mar chuid den Roinn Coimirce Sóisialaí, agus an Roinn Sláinte, FSS, an tSeirbhís Chróinéara agus an Phríomh-Oifig Staidrimh le cúpla mí anuas.

Is iad seo a leanas na moltaí atá le breithniú:

  • Lia-chleachtóirí chun bás a thuairisciú go leictreonach laistigh de 24 uair an chloig tar éis dóibh an bás a fhógairt
  • An t-achar ama faoinár chóir do ghaolta bás a chlárú le laghdú ó thrí mhí go dtí thart ar coicís ó dháta an bháis.

Leanann na tograí ó ábhair imní a ardaíodh faoin achar ama a ghlacann sé chun básanna a chlárú sa Stát. Murab ionann agus tíortha eile, níl córas i bhfeidhm in Éirinn trína gcuirtear bás duine in iúl d’údaráis phoiblí díreach tar éis bháis. Tá impleachtaí aige seo do staitisticí daonra náisiúnta, bainistíocht sláinte poiblí agus do chomhoibriú le comhlachtaí idirnáisiúnta.

Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD:

Bhí tionchar ag crá croí an chaillteanais ar gach aon phobal le bliain anuas.

Bhí éifeachtaí tubaisteacha ag Covid-19 ar na mílte dár dteaghlaigh, atá, cosúil leis an oiread sin daoine eile, fós ag dul i ngleic leis an mbriseadh croí a bhaineann le duine a bhfuil siad mór leo a chailleadh.

Níl sé éasca bás a chlárú - ag céim ar bith - réamh-Covid nó iar-Covid.

Baineann an tionscnamh seo, ón Ard-Cláraitheoir, leis an ualach ar theaghlaigh a chailleann a ngaolta go brónach.

Mholfainn d’éinne a bhfuil spéis acu anseo a dtuairimí a chur faoi bhráid an chomhairliúcháin seo.

Tá an doiciméad comhairliúcháin ar fáil ar líne here nó ón bPriomh-Oifig Chlárúcháin ag gro@welfare.ie.

Dúirt an tUasal TJ Fleming, an Ard-Chláraitheoir:

Is tréimhse íogair í bás duine muinteartha do gach ball den teaghlach agus don phobal níos leithne agus ní bhíonn am maith ann riamh chun athrú a lorg ar chleachtais thraidisiúnta atá ann le fada an lá.> Fáiltím roimh mholtaí an ghrúpa oibre agus tugaim cuireadh do raon leathan tuairimí maidir leis an gcomhairliúcháin.

Leis an gcomhairliúchán seo, fágtar go mbeidh raon leathan comhlachtaí ionadaíocha agus baill den phobal lena mbaineann in ann a gcuid tuairimí agus a gcuid ábhair imní a chur in iúl.

CRÍOCH

Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)

Seoladh:
Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

press.office@welfare.ie

Teileafón:
01 704 3860;
01 704 3184
Léarscáil:
Féach ar an léarscáil

Nóta don Eagarthóir

Próiseas beartaithe

Tá sé beartaithe próiseas athbhreithnithe a thabhairt isteach a mbeidh trí ghné ann a thiocfaidh in áit an phróisis chlárúcháin atá ann cheana.

  • Céim an fhógra: Is riachtanas nua é seo trína ndéanfaidh an lia-chleachtóir cláraithe a fhógraíonn an bás é a thuairisciú go leictreonach chuig FSS laistigh de 24 uair ó dháta an bháis.
  • Céim an teastas leighis ag léiriú cúis an bháis (MCCD): Tá sé beartaithe an MCCD a sheoladh go leictreonach chuig FSS laistigh de chúig lá féilire ó dháta an bháis le forálacha maidir le síntí nuair nach féidir an MCCD a chríochnú mar gheall ar an gá atá le cúis an bháis a chinneadh nó i gcás go ndéantar atreorú chuig Cróinéir.
  • Céim an chlárúcháin: Déanfaidh gaolta an té atá básaithe é seo, nó faisnéiseoir cáilithe eile in éagmais gaoil. Tá sé beartaithe gur chóir clárú a dhéanamh laistigh de chúig lá oibre tar éis don ghaol an teastas leighis ag léiriú cúis an bháis a fháil ó lia-chleachtóir. Is é an t-achar ama reatha faionár chóir bás a chlárú ná trí mhí tar éis dháta an bháis.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat