Uasdátú ar Íocaíochtaí a Bhronntar don Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime Covid-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Uasdátú ar Íocaíochtaí a Bhronntar don Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime Covid-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe

Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime faighte ag 217,142 daoine an tseachtain seo.

€61.9 milliúin in íocaíochtaí IDP le híoc amárach.

Meabhrú tugtha ag an Aire go bhfuil IDP oscailte d’iarrthóirí nua go fóill

Inniu d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí dar luach €61.9 milliúin ar 217,142 duine i bhfoirm Íocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime Covid-19 (IDP).

Méadú 10,801 duine is ea sin, i gcomparáid leis an 206,341 duine a íocadh an tseachtain seo chaite.

Le seacht lá anuas, chuir 8,690 duine deireadh lena n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime As na daoine sin, tá sé tuairiscithe ag 6,309 acu go mbeidh siad ag filleadh ar an obair. Beidh a n-íocaíocht deireanach á fháil ag 4,953 duine amárach, an 29 Meán Fómhair.

Chuir níos mó ná 19,000 duine isteach ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime le seacht lá anuas, rud a léiríonn go páirteach, ach ní go hiomlán, an tionchar a bhí ag an gcinneadh srianta Leibhéal 3 a chur i bhfeidhm i roinnt ceantair.

I mBaile Átha Cliath a bhí an t-athrú is mó, d’ardaigh an líon íocaíochtaí IDP go 85,892, méadú 10,000 ón tseachtain seo chaite. Táthar ag súil le tuilleadh arduithe i gceantair ina mbeidh srianta Leibhéal 3 nó níos airde i bhfeidhm.

Ní léiríodh an tionchar a d’imir srianta Leibhéal 3 i nDún na nGall i bhfigiúirí na seachtaine seo. Táthar ag súil leis go léireofar an tionchar sin i bhfigiúirí IDP na seachtaine seo chugainn.

Is é Seirbhísí Cóiríochta agus Bia an earnáil ina raibh an líon is mó daoine ag déanamh éileamh ar íocaíochtaí IDP an tseachtain seo, agus beagnach 7,000 duine bhreise ag déanamh iarratais ar IDP ón tseachtain seo chaite. Is iad Oideachas agus Riarachán Poiblí agus Cosaint na haon earnálacha ina raibh laghdú beag sa líon íocaíochtaí IDP an tseachtain seo.

Tá na figiúirí sin i dteanna fhigiúirí na ndaoine a dtuairiscíodh ar an mBeo-Chlár ag deireadh mhí Lúnasa. Beidh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime Covid-19 atá le heisiúint le fáil i gcuntais bainc na bhfaighteoirí nó ag oifig an phoist áitiúil amárach, Dé Máirt, an 29 Meán Fómhair.

Is é an bealach is éasca clárú d’Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ná ar line ag MyWelfare.ie. Agus daoine ag clárú, ní mór dóibh ainm a bhfostóra a thabhairt agus na sonraí maidir leis an lá deireanach a raibh siad ag an obair.

Ag tagairt do na sonraí a foilsíodh inniu, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, T.D.:

“Agus srianta níos déine á gcur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath, ní haon ionadh é go bhfuil méadú ag teacht ar an líon daoine atá ag cur isteach ar íocaíocht IDP.

“Bhí sé mar aidhm ag an Rialtas deimhin a dhéanamh de go bhfanfadh an líontán sábhála seo i bhfeidhm i gcás ina gcuirfí srianta breise i bhfeidhm i gcontaetha áirithe.

“Ar an mbonn sin a rinneadh an cinneadh síneadh ama a chur leis an íocaíocht IDP go dtí an bhliain seo chugainn, agus níos tábhachtaí, go mbeadh iarrthóirí nua in ann chur isteach air.”

Dúirt an tAire Humphreys freisin:

“Is meabhrú iad na staitisticí seo dúinn go léir nach féidir linn a bheith réchúiseach. Ní mór dúinn a bheith ar ár n-airdeall go fóill.

“Tá an cúpla seachtain amach romhainn ríthábhachtach. Má leanann daoine comhairle NPHET, trí a dteagmháil le daoine eile a laghdú agus scaradh sóisialta a leanadh, féadfaimid srian a chur ar an víreas seo, poist a chosaint agus, níos tábhachtaí ná aon rud eile, beatha a shábháil.”

Daoine ag filleadh ar an obair

Le seachtain anuas, chuir 8,690 duine deireadh lena n-éilimh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime, agus d’fhógair 6,309 acu siúd go raibh siad ag filleadh ar an obair. Ós go rud é go n-íoctar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime mar riaráistí, tá moille seachtaine sa bhealach ina léirítear cealuithe, mar gheall ar daoine ag filleadh ar an obair nó daoine a dhéanann iarratais nua ar IDP, sna sonraí íocaíochta.

Ba é Seirbhísí Cóiríochta agus Bia an earnáil ina raibh an líon is mó daoine ag filleadh ar an obair an tseachtain seo, agus ina dhiaidh sin Trádáil Mórdhíola agus Miondíola, Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair, agus an earnáil Oideachais. Leagtar amach miondealú iomlán ar na ranna uile sa réimse seo i bhFoscríbhinn 7 thíos.

Ag breathnú ar an bpróifíl aoise, bhí an líon is mó daoine ag filleadh ar an obair ón aoisghrúpa 35-44 bliana d’aois, agus ina dhiaidh sin an san aoisghrúpa 45-54 bliana d’aois. Tá sonraí iomlána ar fáil i bhFoscríbhinn 8.

Meabhraíonn an Roinn le fostaithe atá ag filleadh ar an obair nach mór dóibh deireadh a chur lena n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaithe na Paindéime (IDP).

Chun deimhin a dhéanamh de go bpróiseálfar a n-iarratas i gceart, ní mór d’fhostaithe atá ag filleadh ar an obair deireadh a chur lena n-éileamh ar an íocaíocht IDP ar an lá ar a mbeidh siad ag filleadh ar an obair.

Is é an bealach is éasca deireadh a chur le héileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime ná ar line ag MyWelfare.ie. Is féidir le haon fhostaí atá ag filleadh ar an obair a bhfuil ceist acu maidir le deireadh a chur leis an éileamh teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach thiomanta na Roinne ag 1890 800 024 (Luan go hAoine ó 9.00r.n. go 5.00i.n.).

Tacaíochtaí fostaíochta do dhaoine atá ag filleadh ar an obair

Má chomhlíonann siad na critéir incháilitheachta iomchuí, is féidir le fostaithe éileamh a dhéanamh ar íocaíochtaí sealadacha (i.e. páirtaimseartha) cuardaitheora poist nó íocaíochtaí Tacaíochta Oibre Ghearrthréimhse le haghaidh laethanta ar a mbeidh siad dífhostaithe, fiú i gcás ina mbeidh a bhfostóirí ag déanamh éilimh ar an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta le haghaidh laethanta ar a bhfuil siad fostaithe. Beidh feidhm ag na gnáthrialacha agus próiseas iarratais le haghaidh íocaíochtaí sealadacha cuardaitheora poist agus Tacaíocht Oibre Ghearrthréimhse, lena n-áirítear comhlánú na bhfoirmeacha iomchuí ag an bhfostóir chun na laethanta fostaithe agus dífhostaithe a dheimhniú.

Earnálacha atá dúnta go fóill

I gcás, mar thoradh ar na srianta reatha, nach bhfuil fostóir tar éis an obair a atosú go fóill nó ina bhfuil earnáil dúnta go fóill, nó ina raibh gá gnó a dhúnadh go sealadach arís, leanfaidh an Roinn de thacaíocht a thabhairt do na fostaithe lena mbaineann leis an íocaíocht IDP. Is féidir iarratas nua a dhéanamh ar íocaíocht IDP go dtí deireadh na bliana.

Fostaíocht ócáideach

I dtuairim na Roinne, is éard atá san fhostaíocht ócáideach ná ócáidí aon uaire, neamhrialta, annamha nó scoite agus éagsúlacht shoiléir eatarthu agus an patrún fostaíochta a bhí ann cheana. I gcás ina mbeidh amhras ar aon duine, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an Roinn go díreach chun a n-éileamh a phlé.

Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil

Meabhraítear do thuismitheoirí agus caomhnóirí go bhfuil Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil na Roinne ar fáil go fóill chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil le haghaidh na costais a bhaineann le dul ar ais ar scoil. Tá síneadh curtha leis an íocaíocht seo ag an Aire Humphreys, ar íocaíocht í a dhéantar tástáil acmhainne i dtaca léi, chun go gclúdóidh sé tuismitheoirí agus caomhnóirí atá ag fáil Íocaíocht Dífhostaithe na Paindéime. Is féidir le teaghlaigh ar mhian leo cur isteach ar an liúntas iarratas a dhéanamh ag MyWelfare.ie. Seo é an bealach is tapúla agus is simplí iarratas a dhéanamh. Ba cheart iarratas a chur isteach roimh an 30 Meán Fómhair.

Faoin Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil, íoctar €150 do gach páiste incháilithe idir 1 - 11 bhliain d’aois ar nó roimh an 30 Meán Fómhair 2020, agus íoctar €275 do gach páiste incháilithe idir 12 - 22 bhliain d’aois ar nó roimh an 30 Meán Fómhair 2020. Ní mór go mbeidh daltaí idir 18 agus 22 bhliain d’aois ag filleadh ar oideachas dara-leibhéal lánaimseartha i scoil nó coláiste aitheanta i bhfómhar 2020.

Sochar Breoiteachta Feabhsaithe Covid-19

Ó thús mhí Mheán Fómhair, tugadh teastas liachta do thart ar 6,164 duine don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe, agus diagnóiseadh go raibh an víreas ar thart ar 435 acu siúd.

Go dtí seo tá teastas liachta tugtha do 64,084 duine faoi bhun 66 bliana d’aois don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe.

Tá méadú tagtha ar an líon duine bhfuil teastas liachta faighte acu don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe i ngach contae ón tseachtain seo chaite. Bhí méadú 711 duine i mBaile Átha Cliath, an t-ardú is mó.

Ar an mbealach céanna, tá méadú tagtha ar na figiúirí i ngach earnáil. Is iad Trádáil Mórdhíola agus Miondíola (13,969) agus Seirbhísí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta (13,385) an dhá earnáil ina bhfuil teastas liachta faighte ag an líon is mó daoine don Sochair Breoiteachta Covid-19. Tá sonraí iomlána ar fáil i bhFoscríbhinní 9, 10, 11 agus 12.

MyWelfare.ie

Ba mhaith leis an Roinn buíochas a ghabháil dár gcustaiméirí as formhór na n-iarratas a chur isteach ar an suíomh gréasáin ar líne MyWelfare.ie. Seo é an bealach is tapúla agus is éasca chun iarratas a chur isteach nó deireadh a chur le héileamh don Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime Covid-19.

Ar mhaithe leis an gcomhairle sláinte poiblí agus scaradh sóisialta a leanúint, iarrtar ar dhaoine gan cuairt a thabhairt ar an Ionad Intreo áitiúil más féidir. Ina ionad sin, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as na seirbhísí ar líne ar fáil ag MyWelfare.ie.

Foscríbhinní

  • Foscríbhinn 1 - Anailís Contae ar Chontae ar Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime.
  • Foscríbhinn 2 - Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime de réir Earnála
  • Foscríbhinn 3 - Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime de réir Próifíle Aoise
  • Foscríbhinn 4 - Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime de réir inscne
  • Foscríbhinn 5 - Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime de réir aoise
  • Foscríbhinn 6 - Anailís ar Dhaoine a Chur Deireadh lena n-Éileamh ar IDP Chun Filleadh ar an Obair
  • Foscríbhinn 7 - Anailís ar Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime a Cuireadh Deireadh Leo de réir Earnála
  • Foscríbhinn 8 - Anailís ar Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime a Cuireadh Deireadh Leo de réir Próifíle Aoise
  • Foscríbhinn 9 - Íocaíochtaí Sochair Breoiteachta Feabhsaithe de réir Contae
  • Foscríbhinn 10 - Íocaíochtaí Sochair Breoiteachta Feabhsaithe de réir Earnála
  • Foscríbhinn 11 - Íocaíochtaí Sochair Breoiteachta Feabhsaithe de réir Próifíle Aoise
  • Foscríbhinn 12 - Sonraí maidir leis an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe Covid-19 ón 1 Meán Fómhair 2020

Appendix 1 - Anailís ar Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime.

Tá 217, 142 duine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíocht na Paindéime, mná is iad 98,771 acu siúd agus fir is iad 118,371 acu.

Miondealú de réir Contae

Contae
Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 29 Meán Fómhair
*Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 22 Meán Fómhair
*Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 5 Bealtaine
Ceatharlach
2,182
2,188
7,800
An Cabhán
2,688
2,673
9,700
An Clár
4,512
4,449
14,600
Corcaigh
18,745
18,789
61,900
Dún na nGall
5,949
5,823
22,700
Áth Cliath
85,892
75,857
174,200
Gaillimh
10,469
10,534
32,300
Cill Dara
6,301
6,262
22,200
Cill Dara
10,061
9,982
26,100
Cill Cheannaigh
2,941
2,926
10,600
Laois
2,701
2,731
8,600
Liatroim
1,185
1,168
4,100
Luimneach
7,756
7,782
22,300
An Longfort
1,343
1,331
4,500
An Lú
6,249
6,151
17,300
Maigh Eo
4,538
4,512
16,400
An Mhí
8,455
8,209
25,000
Muineachán
2,635
2,639
8,200
Uíbh Fhailí
2,800
2,821
8,900
Ros Comáin
2,038
2,030
7,100
Sligeach
2,233
2,238
7,700
Tiobraid Árann
5,491
5,537
18,800
Port Láirge
4,166
4,181
14,100
An Iarmhí
3,401
3,426
11,700
Loch Garman
5,127
5,046
20,500
Cill Mhantáin
6,301
6,038
18,700
Gan chontae san áireamh
983
1,018
2,000
Iomlán
217,142
206,341
598,000

Foscríbhinn 2 – Íocaíocht Dífhostaíocht na Paindéime - Miondealú de réir Earnála

Is é Seirbhísí Cóiríochta agus Bia (51,840) an earnáil ina bhfuil an líon is mó daoine ag déanamh éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime, agus ina dhiaidh sin is iad Trádáil Mórdhíola agus Miondíola (30,950) agus Seirbhísí Riaracháin agus Tacaíochta (23,111) na hearnálacha is mó éilimh.

Miondealú de réir Earnála

Earnáil Tionsclaíochta
Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 29 Meán Fómhair
*Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 22 Meán Fómhair
*Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 5 Bealtaine
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht; Mianadóireacht agus Cairéalacht
2,943
2,860
8,600
Déantúsaíocht
11,768
11,675
37,400
Soláthar leictreachais agus gáis; Soláthar uisce, Bainistiú séarachais agus dramhaíola
889
870
2,100
Tógáil
16,913
16,135
79,300
Trádáil mórdhíola agus miondíola; Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair
30,950
30,475
90,300
Iompar agus stóráil
7,901
7,878
17,900
Gníomhaíochtaí cóiríochta agus bia
51,840
44,900
128,500
Gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide
6,093
5,939
11,800
Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais
5,470
5,345
12,500
Gníomhaíochtaí Eastáit Réadaigh
3,340
3,186
8,100
Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla
11,271
11,026
24,800
Gníomhaíochtaí seirbhísí riaracháin agus tacaíochta
23,111
22,798
45,800
Riarachán Poiblí agus Cosaint; Slándáil Shóisialta Éigeantach
4,314
4,351
14,400
Oideachas
9,394
9,670
22,000
Gníomhaíochtaí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta
7,972
7,925
22,500
Na healaíona, siamsaíocht agus caithimh aimsire
6,341
5,822
14,200
Earnálacha Eile
9,938
9,326
39,200
Neamhaicmithe nó gan eolas
6,694
6,160
18,600
Iomlán
217,142
206,341
598,000

Foscríbhinn 3 – Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime - Próifíl Aoise

Catagóir aoise
Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 29 Meán Fómhair
*Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 22 Meán Fómhair
< 25
45,461
42,808
25-34
50,500
47,588
35-44
48,533
46,054
45-54
40,158
38,463
55+
32,490
31,428
Iomlán
217,142
206,341

Foscríbhinn 4 – Rátaí Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime -miondealú de réir inscne

Inscne
Líon daoine ag fáil €300 ar an 29 Meán Fómhair
Líon daoine ag fáil €250 ar an 29 Meán Fómhair
Líon daoine ag fáil €203 ar an 29 Meán Fómhair
Fir
77,710
18,169
22,492
Mná
51,745
20,724
26,302
Iomlán
129,455
38,893
48,794

Foscríbhinn 5 – Rátaí Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime -miondealú de réir aoise

Catagóir aoise
Líon daoine ag fáil €300 ar an 29 Meán Fómhair
Líon daoine ag fáil €250 ar an 29 Meán Fómhair
Líon daoine ag fáil €203 ar an 29 Meán Fómhair
< 25
19,381
11,766
14,314
25-34
34,813
7,772
7,915
35-44
32,271
7,141
9,121
45-54
25,038
6,368
8,752
55+
17,952
5,846
8,692
Iomlán
129,455
38,893
48,794

Appendix 6 – Anailís ar Íocaíochtaí IDP a Dúnadh agus filleadh ar an Obair

Amárach, an 29 Meán Fómhair, tabharfar Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime go dtí thart ar 6,309 duine a bhfuil a gcuntais dúnta acu ó bhí an 20 Meán Fómhair ann d’fhonn filleadh ar an obair. As na daoine sin, fir is iad 3,160 agus mná is iad 3,149.

Miondealú de réir Contae

Contae
Líon daoine a dhún a gcuntais IDP ón 29 Meán Fómhair chun filleadh ar an obair
*Líon daoine a dhún a gcuntais IDP ón 22 Meán Fómhair chun filleadh ar an obair
*Líon daoine a dhún a gcuntais IDP ón 15 Meán Fómhair chun filleadh ar an obair
Ceatharlach
76
47
89
An Cabhán
129
82
120
An Clár
174
94
186
Corcaigh
771
529
868
Dún na nGall
192
150
286
Áth Cliath
1,202
1,216
1,888
Gaillimh
393
266
449
Ciarraí
250
139
261
Cill Dara
311
305
446
Cill Chainnigh
107
68
126
Laois
102
85
144
Liatroim
47
19
45
Luimneach
268
216
323
An Longfort
69
41
61
An Lú
195
145
228
Maigh Eo
216
107
213
An Mhí
269
188
312
Muineachán
284
68
136
Uíbh Fhailí
120
115
150
Ros Comáin
109
57
86
Sligeach
85
61
95
Tiobraid Árann
267
173
278
Port Láirge
133
117
175
An Iarmhí
129
113
176
Loch Garman
212
144
222
Cill Mhantáin
176
150
250
Gan chontae san áireamh
23
12
16
Iomlán
6,309
4,707
7,629

Foscríbhinn 7 – Íocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime arna nDúnadh - Miondealú de réir Earnála

Is iad Seirbhísí Cóiríochta agus Bia (1,864), Seirbhísí Mórdhíola agus Miondíola; Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair (764) agus Oideachas na hearnálacha inar chuir an líon is mó fostaithe deireadh le hÍocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime sa tseachtain dar críoch an 29 Meán Fómhair.

Earnáil Tionsclaíochta
Líon daoine a chur deireadh leis an íocaíocht IDP chun filleadh ar an obair ón 29 Meán Fómhair
Líon daoine a chur deireadh leis an íocaíocht IDP chun filleadh ar an obair ón 22 Meán Fómhair

Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht; Mianadóireacht agus Cairéalacht|91|55|

Déantúsaíocht
314
320

Soláthar leictreachais agus gáis; Soláthar uisce, Bainistiú séarachais agus dramhaíola|22|13|

Tógáil
389
345
Trádáil mórdhíola agus miondíola; Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair
764
625
Iompar agus stóráil
264
259
Gníomhaíochtaí cóiríochta agus bia
1,864
820
Gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide
137
153
Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais
130
83
Gníomhaíochtaí Eastáit Réadaigh
71
58
Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla
469
246
Gníomhaíochtaí seirbhísí riaracháin agus tacaíochta
457
380

Riarachán Poiblí agus Cosaint; Slándáil Shóisialta Éigeantach|167|179|

Oideachas
486
529
Gníomhaíochtaí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta
258
263
Na healaíona, siamsaíocht agus caithimh aimsire
127
117
Earnálacha Eile
192
172
Neamhaicmithe nó gan eolas
107
90
Iomlán
6,309
4,707

Foscríbhinn 8 – Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime arna nDúnadh – Próifíl Aoise

Catagóir aoise
Líon daoine a chur deireadh leis an íocaíocht IDP chun filleadh ar an obair ón 29 Meán Fómhair
Líon daoine a chur deireadh leis an íocaíocht IDP chun filleadh ar an obair ón 22 Meán Fómhair
< 25
1,186
943
25-34
1,255
1,007
35-44
1,493
1,146
45-54
1,277
941
55+
1,098
670
Iomlán
6,309
4,707

Foscríbhinn 9 - Anailís ar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe Covid-19

Tá 66,084 duine a bhfuil teastas liachta faighte acu chun éileamh a dhéanamh ar íocaíocht Sochair Breoiteachta a bhaineann le Covid-19, mná is iad 36,616 acu siúd agus fir is iad 29,468 acu.

Tá Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á íoc le 1,934 duine i láthair na huaire.

Dáta tosaigh an deimhnithe
Ar an 29 Meán Fómhair
Roimh Mhárta 2020
150 (7)
Márta 2020
31,177 (999)
Aibreáin 2020
14,489 (2,032)
Bealtaine 2020
5,001 (772)
Meitheamh 2020
1,469 (129)
Iúil 2020
2,252 (153)
Lúnasa 2020
5,382 (473)
Meán Fómhair 2020
6,164 (435)
Iomlán
66,084 (5,000)

Miondealú de réir Contae (bunaithe ar an gcontae arna taifeadadh ar an ndeimhniú Sochair Breoiteachta)

Contae
Líon daoine a raibh teastas liachta faighte le haghaidh Sochair Breoiteachta Feabhsaithe ar an 29 Meán Fómhair
Líon daoine a raibh teastas liachta faighte le haghaidh Sochair Breoiteachta Feabhsaithe ar an 22 Meán Fómhair
Number of people who are medically certified for receipt of Enhanced Illness Benefit on 15 September
Ceatharlach
958
927
880
An Cabhán
1,576
1,544
1,494
An Clár
1,189
1,159
1,105
Corcaigh
7,098
6,952
6,715
Dún na nGall
1,533
1,434
1,338
Áth Cliath
19,064
18,353
17,442
Gaillimh
3,912
3,761
3,569
Ciarraí
1,518
1,463
1,359
Cill Dara
3,505
3,432
3,299
Cill Chainnigh
1,370
1,335
1,264
Laois
1,162
1,130
1,100
Liatroim
278
267
251
Luimneach
2,268
2,224
2,138
An Longfort
557
542
523
An Lú
1,968
1,910
1,802
Maigh Eo
1,534
1,501
1,454
An Mhí
2,478
2,411
2,298
Muineachán
1,076
1,029
975
Uíbh Fhailí
1,122
1,088
1,048
Ros Comáin
978
960
937
Sligeach
521
513
498
Tiobraid Árann
2,443
2,389
2,215
Port Láirge
2,281
2,164
1,961
An Iarmhí
1,168
1,146
1,107
Loch Garman
2,099
2,047
1,968
Cill Mhantáin
2,079
2,005
1,905
Eile(Tuaisceart Éirinn & Thar Lear)
349
343
332
Iomlán
66,084
64,029
60,977

Foscríbhinn 10 – Sochar Breoiteachta Feabhsaithe Covid-19 - Miondealú de réir Earnála

Is iad Trádáil Mórdhíola agus Miondíola (13,969) agus Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta (13,385) an dá earnáil ina bhfuil teastas liachta faighte ag an líon is mó daoine chun éileamh a dhéanamh ar Sochar Breoiteachta Covid-19, agus ina dhiaidh sin is Déantúsaíocht (9,342) ar earnáil leis an líon is airde.

Miondealú de réir Earnála

Earnáil Tionsclaíochta
Líon daoine a raibh teastas liachta don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ar an 29 Meán Fómhair
Líon daoine a raibh teastas liachta don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ar an 22 Meán Fómhair
Líon daoine a raibh teastas liachta don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ar an 15 Meán Fómhair
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht; Mianadóireacht agus Cairéalacht
615
602
580
Déantúsaíocht
9,342
9,095
8,582
Soláthar leictreachais, gáis, gaile; Soláthar uisce; Bainistiú séarachais agus dramhaíola
323
315
300
Tógáil
2,672
2,555
2,427
Trádáil mórdhíola agus miondíola; Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair
13,969
13,495
12,890
Iompar agus stóráil
2,484
2,421
2,324
Gníomhaíochtaí cóiríochta agus bia
3,386
3,158
2,863
Gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide
1,114
1,090
1,036
Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais
2,566
2,507
2,432
Gníomhaíochtaí Eastáit Réadaigh
536
526
498
Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla
2,108
2,049
1,961
Gníomhaíochtaí seirbhísí riaracháin agus tacaíochta
6,220
6,080
5,864

Riarachán Poiblí agus Cosaint; Slándáil Shóisialta Éigeantach|2,629|2,542|2,424|

Oideachas
1,395
1,289
1,123
Gníomhaíochtaí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta
13,385
13,151
12,787
Na healaíona, siamsaíocht agus caithimh aimsire
512
483
446
Earnálacha Eile
2,148
2,041
1,882
Neamhaicmithe nó gan eolas
680
630
558
Iomlán
66,084
64,029
60,977

Foscríbhinn 11 – Sochar Breoiteachta Feabhsaithe - Próifíl Aoise

Catagóir aoise
Líon daoine a raibh teastas liachta don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ar an 29 Meán Fómhair
Líon daoine a raibh teastas liachta don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ar an 22 Meán Fómhair
Líon daoine a raibh teastas liachta don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ar an 15 Meán Fómhair
< 25
8,330
7,925
7,394
25-34
16,283
15,744
14,963
35-44
18,942
18,360
17,402
45-54
13,497
13,160
12,627
55+
9,032
8,840
8,591
Iomlán
66,084
64,029
60,977

Foscríbhinn 12 – Staitisticí ar an Sochar Dífhostaíochta Feabhsaithe Covid-19 ón 1 Meán Fómhair 2020

Ó thús mhí Mheán Fómhair 2020, tá teastas liachta faighte ag thart ar 6,164 duine le deimhniú go gcomhlíonann siad na coinníollacha chun Sochar Dífhostaíochta Feabhsaithe Covid-19 a fháil, agus diagnóiseadh go raibh an víreas ar thart ar 435 acu siúd.

Taispeántar sa tábla thíos an líon daoine a bhfuil teastas liachta faighte acu le deimhniú go gcomhlíonann siad na coinníollacha chun íocaíocht Sochair Breoiteachta Feabhsaithe Covid-19 a fháil - tugtar an líon daoine a diagnóiseadh go raibh COVID-19 orthu i luibíní agus tá sé mar chuid den bhfigiúir seachtainiúil a thaispeántar. Taispeántar sa dara thábla líon na daoine a bhfuil teastas liachta faighte acu don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ó bhí an 1 Meán Fómhair ann.

Miondealú de réir Contae

Contae
Líon iomlán daoine a bhfuil teastas liachta faighte acu don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ón 1 Meán Fómhair
Ceatharlach
115
An Cabhán
113
An Clár
92
Corcaigh
428
Dún na nGall
221
Áth Cliath
1,972
Gaillimh
434
Ciarraí
204
Cill Dara
233
Cill Chainnigh
161
Laois
73
Liatroim
33
Luimneach
131
An Longfort
30
An Lú
212
Maigh Eo
110
An Mhí
219
Muineachán
115
Uíbh Fhailí
69
Ros Comáin
62
Sligeach
34
Tiobraid Árann
174
Port Láirge
454
An Iarmhí
77
Loch Garman
178
Cill Mhantáin
207
Eile
13
Iomlán
6,164

Miondealú de réir Earnála

Earnáil Tionsclaíochta
Líon iomlán daoine a bhfuil teastas liachta faighte acu don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ón 1 Meán Fómhair
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht; Mianadóireacht agus Cairéalacht
39
Déantúsaíocht
765

Soláthar leictreachais agus gáis; Soláthar uisce, Bainistiú séarachais agus dramhaíola|23|

Tógáil
288
Trádáil mórdhíola agus miondíola; Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair
1,276
Iompar agus stóráil
180
Gníomhaíochtaí cóiríochta agus bia
660
Gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide
109
Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais
175
Gníomhaíochtaí Eastáit Réadaigh
44
Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla
190
Gníomhaíochtaí seirbhísí riaracháin agus tacaíochta
416

Riarachán Poiblí agus Cosaint; Slándáil Shóisialta Éigeantach|285|

Oideachas
366
Gníomhaíochtaí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta
796
Na healaíona, siamsaíocht agus caithimh aimsire
90
Earnálacha Eile
333
Neamhaicmithe nó gan eolas
129
Iomlán
6,164

Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)

Seoladh:
Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

press.office@welfare.ie

Teileafón:
01 704 3860;
01 704 3184
Léarscáil:
Féach ar an léarscáil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat