An nuacht is déanaí maidir le Mo Chiste don Todhchaí - an Córas Uathrollaithe Coigiltis Scoir
- Foilsithe: 9 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 13 Feabhra 2026
- Rinneadh uathrollú ar bhreis is 763,000 fostaí, atá ag obair do 104,000 fostóir
- Infheistíodh breis is €60 milliún ranníocaíochtaí go dtí seo
- Cuireadh tacaíocht ar fáil do bhreis is 40,000 teagmháil le custaiméirí ar an nguthán agus trí chomhrá gréasáin
- Tá tairseacha fostóirí agus fostaithe oscailte chun raon seirbhísí a chur ar fáil agus chun féachaint ar chuntais Mo Chiste don Todhchaí
Inniu, tharraing an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, aird ar na héachtaí suntasacha atá bainte amach ag Mo Chiste don Todhchaí ó seoladh é an 1 Eanáir 2026.
Go dtí seo, rinneadh breis is 763,000 fostaí atá ag obair do bheagnach 104,000 fostóir a uathrollú in Mo Chiste don Todhchaí. Lena chois sin, rinne breis is 5,000 fostaí iarratas chun páirt a ghlacadh sa scéim go deonach.
Infheistíodh breis is €60 milliún ranníocaíochtaí cheana féin leis an triúr bainisteoirí infheistíochta conraithe.
Tá an ranníocaíocht shuntasach seo i dtodhchaí go leor fostaithe bunaithe ar chomhairliúchán agus ar rannpháirtíocht le fostaithe, fostóirí, ceardchumainn, ceannairí tionscail agus comhlachtaí ionadaíocha. Tá reachtaíocht mar bhonn leis agus cinntítear leis go bhfuil gach socrú pinsin, lena n-áirítear na socruithe sin nach bhfuil san áireamh in Mo Chiste don Todhchaí, ag dul chun tairbhe d’fhostaithe.
Chinntigh bunú an Údaráis Náisiúnta um Uathrollú Coigiltis Scoir (ÚNUCS) go bhfuil tacaíochtaí i bhfeidhm chun Mo Chiste don Todhchaí a rialú agus a oibriú.
Thacaigh an fhoireann seirbhísí do chustaiméirí, arna hoibriú ag Seirbhísí Sainchomhairleoireachta Tata, le breis is 40,000 teagmháil go dtí seo agus leanann sí de chomhairle a chur ar fhostóirí agus ar fhostaithe ar an nguthán agus trí chomhrá gréasáin. Lena chois sin, tairgeann na tairseacha fostóirí agus fostaithe rochtain ar raon seirbhísí agus deiseanna do gach duine chun féachaint ar a gcuntais.
Leanfaidh ÚNUCS de bheith ag plé le fostóirí nach bhfuil cláraithe fós agus de thacaíocht a thabhairt dóibh, agus cinnteoidh sé go bhfuil a gcuid oibleagáidí dlí á gcomhlíonadh acu.
Sa mheántéarma, déanfaidh an Roinn iarracht, trí bheith ag obair le ÚNUCS, seasamh beartais a fhorbairt maidir le hábhar ar nós Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise a éascú agus cistí seanbhunaithe a aistriú chuig Mo Chiste don Todhchaí, roghanna íostarraingthe a fhorbairt a bheidh ar fáil nuair a bhaineann daoine aois scoir amach, agus scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht an scéim a leathnú chun daoine eile a chumhdach.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Rinneamar ár bpríomhghealltanas ó Chlár an Rialtais, is é sin, Córas Uathrollaithe Coigiltis Scoir ar a dtugtar Mo Chiste don Todhchaí a chur chun feidhme, a chomhlíonadh go rathúil.
“Go dtí seo, rinneadh breis is 763,000 fostaí, atá ag obair do 104,000 fostóir, a uathrollú i Mo Chiste don Todhchaí. Lena chois sin, rinne breis is 5,000 fostaí iarratas chun páirt a ghlacadh sa scéim go deonach, agus fiúntas agus buntáistí a bhaineann le bheith páirteach in Mo Chiste don Todhchaí á n-aithint acu.
“Is forbairt réabhlóideach é Mo Chiste don Todhchaí ó thaobh pinsin in Éirinn de. Rachfar chun tairbhe go leor oibrithe dúthrachtacha sna blianta fada amach romhainn, rud a chinnteoidh go mbeidh níos mó airgid acu agus iad ag dul ar scor ná mar a bheadh acu murach an Ciste.
“Is fianaise é an toradh dearfach seo ar an iarracht mhór a rinne mo Roinn féin agus páirtithe leasmhara eile sular seoladh Mo Chiste don Todhchaí, lena n-áirítear fostóirí agus soláthraithe párolla, agus is mian liom buíochas a ghabháil leo siúd ar fad as an obair mhór atá déanta acu agus as a gcomhoibriú dílis linn i rith an ama sin. Is cúis mhór bhróid dom, mar Aire Coimirce Sóisialaí, an t-athrú ó bhonn seo a chur i gcrích.”
Nótaí:
Tá gealltanas in Clár an Rialtais 2025: Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú chun córas uathrollaithe (UR) coigiltis scoir a chur chun feidhme. Comhlíonadh an gealltanas sin an 1 Eanáir 2026 tráth
- ar cuireadh tús leis na codanna fágtha den Acht um Chóras Uathrollaithe Coigiltis Scoir, 2024 (Acht UR), a bhaineann le clárú rannpháirtithe, bailiú agus infheistiú ranníocaíochtaí, íocaíochtaí amach as cuntais, athbhreithnithe agus achomhairc ar chinntí incháilitheachta, agus comhlíonadh agus forfheidhmiú,
- ar bailíodh ranníocaíochtaí leis an scéim ó fhostaithe a uathrollaíodh agus a gcuid fostóirí,
- ar infheistíodh na ranníocaíochtaí sin (in éineacht le breisiú ón Stát) agus triúr bainisteoirí infheistíochta conraithe chun na críche sin, agus
- ar soláthraíodh tairseach rannpháirtithe chun deis a thabhairt d’fhostaithe féachaint ar a gcuntas aonair agus tairbhe a bhaint as seirbhísí éagsúla.
Bord agus Tacaíocht
Tá Bord ÚNUCS, ar a bhfuil seachtar comhaltaí, ag teacht le chéile uair gach coicís ar an meán ó bunaíodh an Bord agus tá freagracht as gach oibríocht a bhaineann le Mo Chiste don Todhchaí tógtha anois aige ón Roinn, i ndiaidh nuachan na gconarthaí ar fad. Leanann an Roinn de thacaíocht a chur ar fáil nuair is gá.