Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Íocaíocht Sheachtainiúil do Thairbhí de Chosaint Shealadach



Athruithe ar an Íocaíocht do Thairbhí de Chosaint Shealadach

I mí na Bealtaine 2024 d’aontaigh an rialtas coibhéis cóireála a chur ar fáil idir Tairbhithe de Chosaint Shealadach (BOTPanna) a tháinig go hÉirinn roimh agus tar éis an 14 Márta agus a bhfuil cónaí orthu i gcóiríocht lánlóistín a sholáthraíonn an Stáit ina gcuirtear béilí agus fóntais ar fáil.

Tháinig an rialtas ar chomhaontú maidir le plean chun an cinneadh seo a chur chun feidhme. Ciallaíonn sé seo:

  • ón Luan an 9 Meán Fómhair 2024, ní bheidh Tairbhithe de Chosaint Shealadach a bhfuil cónaí orthu i Lárionad Cóiríochta Ainmnithe ina gcuirtear béilí agus fóntais ar fáil a i dteideal íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh áirithe. Ina measc sin tá:

-Liúntas Cuardaitheora Poist

- Pinsean Stáit (Neamhranníocach)

-Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora

-Pinsean na nDall

-Liúntas Cúramóra

-Liúntas Leasa Forlíontach Bunúsach (seachas Íocaíochtaí ar Riachtanais Bhreise)

-Liúntas Míchumais

-Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamhranníocach)

-Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)

-Íocaíocht Chaomhnóra

-Liúntas Cúram Bhaile

  • beidh aon Tairbhí den Íocaíocht um Chosaint Shealadach (BOTPanna) a chónaíonn i Lárionad Cóiríochta Ainmnithe (DAC) i dteideal glaníocaíocht sheachtainiúil €38.80 in aghaidh an duine fásta agus €29.80 in aghaidh an linbh faoi réir tástála ioncaim
  • má bhaineann sé sin leat, gheobhaidh tú litir ón Roinn ag insint duit faoi athruithe ar d’íocaíocht
  • Gheobhaidh BOTPanna a bhfuil cónaí orthu i Lárionaid Cóiríochta Nua-Ainmnithe a gcéad íocaíocht laghdaithe Déardaoin an 12 Meán Fómhair
  • beidh tú fós i dteideal an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (ÍTF) agus Sochar Linbh
  • is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht ar Riachtanais Bhreisefreisin
  • nuair a fhágann Tairbhí de Chosaint Shealadach Lárionad Cóiríochta Ainmnithe nó nuair a dhéanann siad a socruithe cóiríochta féin ar theacht isteach go hÉirinn dóibh, beidh siad i dteideal iarratas a dhéanamh ar chúnamh coimirce sóisialta caighdeánach, faoi réir na gcoinníollacha incháilitheachta caighdeánacha a chomhlíonadh

Céard í an Íocaíocht Sheachtainiúil do Thairbhí de Chosaint Shealadach

Más Tairbhí de Chosaint Shealadach thú faoin Treoir um Chosaint Shealadach agus má tá tú i do chónaí i Lárionad Cóiríochta arna ainmniú ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, tá tú i dteideal an Íocaíocht Sheachtainiúil do Thairbhí de Chosaint Shealadach a fháil, faoi réir tástála ioncaim. Tá liosta iomlán de na lárionaid ainmnithe le fáil anseo.


Conas cáiliú

Tá an íocaíocht sheachtainiúil iníoctha le gach Tairbhí de Chosaint Shealadach a bhfuil cónaí orthu i Lárionad Cóiríochta atá ainmnithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Tá an íocaíocht faoi réir tástála ioncaim.

Beidh Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) ag teastáil uait chun rochtain a fháil ar thacaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí.


Rátaí íocaíochta

Is é ráta an liúntais ná €38.80 in aghaidh na seachtaine do dhuine fásta agus €29.80 in aghaidh na seachtaine do leanbh.


Próiseas an Iarratais

Leanfar le Tairbhithe de Chosaint Shealadach nuathagtha a threorú tríd an bpróiseas iarratais ar íocaíocht do Thairbhí de Chosaint Shealadach ag Ionad Comhdhála Iarthar na Cathrach.

Gheobhaidh BOTPanna a bhfuil cónaí orthu i Lárionaid Cóiríochta Nua-Ainmnithe a gcéad íocaíocht laghdaithe Déardaoin an 12 Meán Fómhair. Déanfar athbhreithniú ar theidlíocht don íocaíocht sheachtainiúil BOTP sna seachtainí amach romhainn agus déanfaidh an Roinn cumarsáid le custaiméirí ina n-aonar.


Eolas tábhachtach

Leis an Treoir um Chosaint Shealadach, ceadaítear duit oibriú fad is atá tú in Éirinn.

Is féidir leat deiseanna fostaíochta a fhiosrú ag JobsIreland.ie.

Is féidir ár bpríomhleathanach ar thacaíochtaí ioncaim dóibh siúd a thagann ón Úcráin a fháil anseo.