An Pinsean (Ranníocach) Páirtnéara faoi Mhéala
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2018
- An t-eolas is déanaí: 24 Iúil 2025
- A bhfuil i gceist leis an bPinsean (Ranníocach) Páirtnéara faoi Mhéala
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Iarratas a dhéanamh
- Teagmháil
- Treoirlínte Oibríochtúla
A bhfuil i gceist leis an bPinsean (Ranníocach) Páirtnéara faoi Mhéala
Is eard atá sa Phinsean (Ranníocach) Páirtnéara faoi Mhéala ná íocaíocht sheachtainiúil don fhear céile, don bhean chéile, do pháirtneir sibhialta nó do chomhchónaitheoir cáilithe de dhuine éagtha.
Measfar duine a bheith ina chomhchónaitheoir cáilithe chun críche íocaíochta más rud é gur chónaigh an lánúin le chéile mar lánúin i ndlúthchaidreamh tiomanta ar feadh tréimhse:
- dhá bhliain i gcás ina bhfuil leanaí ón gcaidreamh nó
- cúig bliana i gcás nach bhfuil leanaí ón gcaidreamh
Ní mór ranníocaíochtaí leordhóthanacha árachais shóisialta phá-choibhneasa (ÁSPC) a bheith agatsa nó ag do chéile nó páirtnéir éagtha.
Conas cáiliú
Tá teidlíocht bunaithe ar do thaifead árachais shóisialta féin nó ar thaifead do chéile nó do pháirtnéir nach maireann. Ní mór go mbeadh gach ranníocaíocht déanta roimh bhás do chéile nó do pháirtnéara. Níl cead agat an dá thaifead a chomhcheangal agus teidlíocht á ríomh agat.
Chun cáiliú, ní mór duit:
- a bheith i do bhaintreach, baintreach fir, páirtnéir sibhialta marthanach nó comhchónaitheoir cáilithe marthanach;
- gan a bheith in aontíos le duine eile; agus
- an dá choinníoll ranníocaíochta árachais shóisialta A agus B thíos a chomhlíonadh:
A) 260 ranníocaíocht árachais shóisialta (ÁSPC) ar a laghad íoctha go dtí dáta bháis do chéile nó do pháirtnéara, nó sular shroich siad aois an phinsin, cibé acu is luaithe
agus
B) meán bliantúil de cheachtar díobh seo:
- 39 ranníocaíocht árachais shóisialta (ÁSPC) ar a laghad íoctha nó creidiúnaithe sna trí bliana nó cúig bliana sular bhásaigh do chéile nó do pháirtnéir, nó sular shroich siad aois an phinsin, cibé acu is luaithe (tugtar an ‘Meán Bliantúil Gearr’ air sin)
nó
- 24 ranníocaíocht árachais shóisialta (ÁSPC) ar a laghad íoctha nó creidiúnaithe ón mbliain ina ndeachthas isteach san árachas sóisialta (ÁSPC) den chéad uair go dtí bliain bháis do chéile nó do pháirtnéara, nó an bhliain inar shroich siad aois an phinsin, cibé acu is luaithe (tugtar an ‘Meán Bliantúil Fada’ air sin)
Tabhair faoi deara: Tagraíonn aois an phinsin, 66 bliain d’aois faoi láthair, d’aois an duine a bhfuil scrúdú á dhéanamh ar a t(h)aifead.
Mura gcáilíonn tú don phinsean seo
Má tá tú: | Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ansin ar: |
faoi 66 agus tá leanbh cáilithe agat | Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora |
faoi 66 agus níl leanbh cáilithe agat | Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) |
aois 66 bliain agus níos sine | Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) |
Rátaí íocaíochta
Tá d’íocaíocht comhdhéanta de ráta pearsanta móide aon mhéadú íocaíochta nó liúntais a d’fhéadfadh a bheith dlite duit.
Chun do ráta íocaíochta a fháil, ríomhaimid do ‘Mheán Bliantúil Gearr’ ar dtús. Más ionann sin agus 39 nó níos mó, cáileoidh tú don uasráta.
Má tá sé faoi bhun 39, ríomhaimid do ‘Mheán Bliantúil Fada’. Más ionann sin agus 48, cáileoidh tú don uasráta seachtainiúil. Má tá sé 47 nó níos lú, cáileoidh tú do ráta laghdaithe íocaíochta.
Ranníocaíochtaí | Aois faoi 66 | 66 bliain d’aois nó níos sine | |
48 ranníocaíocht nó níos mó | €249.50 | €289.30 | |
36-47 ranníocaíocht | €245.70 | €283.70 | |
24-35 ranníocaíocht | €242.90 | €277 |
Íoctar na pinsin go seachtainiúil:
- ag d’oifig poist áitiúil agus do Chárta Seirbhísí Sóisialta nó Cárta Seirbhísí Poiblí á úsáid agat
nó
- trí íocaíocht dhíreach isteach i do chuntas reatha nó taisce (coigiltis) in institiúid airgeadais de do rogha féin
Iarratas a dhéanamh
Ní fhéadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht seo ach amháin tríd an bpost.
Má tá cónaí ort i bPoblacht na hÉireann, ba cheart duit an fhoirm iarratais ag bun an leathanaigh seo a chomhlánú agus í a sheoladh leis na doiciméid thacaíochta chuig:
An Roinn Coimirce Sóisialaí,
Bóthar an Choláiste,
Sligeach,
Contae Shligigh,
F91 T384.
Má chónaíonn tú i dtír an AE nó i dtír a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí ag Éirinn léi, agus má d’íoc tú árachas sóisialach sa tír sin, ba cheart duit iarratas a dhéanamh leis an ngníomhaireacht slándála sóisialaí sa tír sin. Seolfaidh siad sonraí faoi d’iarratas agus na taifid árachais shóisialaigh ábhartha chugainn.
Molaimid go gcuireann tú isteach ar an bpinsean seo a luaithe agus is féidir tar éis go bhfaigheann do chéile nó do pháirtnéir sibhialta bás agus tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis a mbáis
Teagmháil
Bereaved Partner’s (Contributory) Pension Section
- Seoladh:
- Bereaved Partner’s (Contributory) Pension Section, Department of Social Protection, College Road, Sligo, Co Sligo, F91 T384
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 200400;
071 9157100
Treoirlínte Oibríochtúla
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.
Scéim Ghinearálta an Bhille Leasa Shóisialaigh (Pinsean do Pháirtnéirí faoi Mhéala), 2024
Scéim Ghinearálta an Bhille Leasa Shóisialaigh (Pinsean do Pháirtnéirí faoi Mhéala), 2024