Íocaíocht Freagartha Éigeandála (ar a dtugtaí Scéim Cúnaimh Dhaonnúil)
- Foilsithe: 9 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 23 Márta 2026
- Cad is an Íocaíocht Freagartha Éigeandála (ar a dtugtaí Scéim Cúnaimh Dhaonnúil) ann
- Conas cáiliú
- Ráta íocaíochta
- Déan iarratas
Cad is an Íocaíocht Freagartha Éigeandála (ar a dtugtaí Scéim Cúnaimh Dhaonnúil) ann
Leis an Íocaíocht Freagartha Éigeandála (ar a dtugtaí An Scéim Chúnaimh Dhaonnúil) soláthraítear tacaíocht airgeadais láithreach do dhaoine a bhfuil dochar déanta dá dtithe ag tuilte nó ag teagmhais adhaimsire eile agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu íoc as bunriachtanais, as earraí tí agus, i gcásanna áirithe, deisiú struchtúrach. Is í an tSeirbhís Leasa Pobail a riarann í.
Cabhraítear leis an íocaíocht le híoc na gcostas a bhaineann le bunriachtanais agus le deisithe seachas cúiteamh iomlán i leith caillteanas nó dochair. Ní chumhdaítear leis an íocaíocht dochar nó caillteanais atá faoi pholasaithe árachas tí nó a bheifí ag súil go réasúnta a bheith faoi árachas.
Féadfar go gcumhdófar leis an íocaíocht:
- íocaíochtaí tacaíochta éigeandála, amhail bia, éadaí agus éadaí leapa i gcásanna a dtarlaíonn caillteanas trí thuilte nó trí dhochar struchtúrach do do theach de dheasca teagmhais adhaimsire
- dochar do do theach agus dá inneachair riachtanacha, amhail cairpéid, ábhar urláir, troscáin, fearais tí agus éadaí leapa
- dochar struchtúrach
Ní chumhdaítear leis an íocaíocht:
- caillteanais a chumhdaítear faoi pholasaí árachais, nó a bheifí ag súil go réasúnta go gcumhdófaí iad faoi pholasaí árachais
- caillteanas earraí nach meastar gur riachtanach iad, nó earraí sómasacha
- caillteanais ghnó, talmhaíochta nó tráchtála
- caillteanas struchtúrach nó dochar do lóistín ar cíos
- réadmhaoin bhreise ar bith nach n-áitítear nó nach gcónaítear iontu ann mar an phríomháit chónaithe
- deisiú nó athsholáthar mótarfheithiclí
Agus í ag déileáil le teagmhais éigeandála glacann an Roinn cur chuige trí chéim de ghnáth mar seo a leanas:
- I gCéim 1 soláthraítear íocaíochtaí tacaíochtaí éigeandála (bia/éadaí/cóir leapa) i gcásanna éigeandála a gcailleann daoine mar thoradh ar thuilte, nó ar dhochar struchtúrach dá dteach de dheasca teagmhais aimsire nó eile gan tástáil ioncaim a dhéanamh. Dúnfar iarratais ar Chéim 1 7 lá an fhéilire tar éis deireadh an teagmhais. Déanfar iarratais tar éis 7 an fhéilire a phróiseáil mar Íocaíocht Riachtanas Breise de réir tástáil acmhainne
- I gCéim 2 soláthraítear tacaíocht airgeadais arna tástáil ó thaobh ioncam de do dhaoine chun earraí bána, earraí troscáin bhunúsacha agus earraí riachtanacha tí eile a athsholáthar i gcás a bhfuil cúis bhailí ann nár cumhdaíodh iad sin faoi árachas agus i gcás inar féidir leis an duine a léiriú go bhfuil sé riachtanach go n-athsholáthrófar na hearraí agus nach bhfuil sé d’acmhainn airgeadais acu chun na costais sin a chumhdach iad féin. Dúnfar iarratas ar Chéim 2 3 mhí tar éis an teagmhais.
- Déanfar ioncam a thástáil freisin i gCéim 3, agus cumhdófar ann costais a bhaineann le deisithe struchtúracha riachtanacha ar phríomháit chónaithe duine i gcás nach bhfuil sé d’acmhainn ag an duine na costais atá bainteach a chumhdach. Áirítear leis na cineálacha deisiúcháin, plástráil, líneáil thirim, athleagan urláir, athshreangú leictreach agus péinteáil. Ní chumhdaítear na costais seo ach amháin más riachtanach iad, más mar thoradh díreach iad ar dhochar de dheasca teagmhais adhaimsire agus má tá cúiseanna bailí ann nach raibh árachas tí i bhfeidhm. Tá gach costas faoi réir measúnú saineolach ag coigeartóir caillteanais. I gcás dochair struchtúraigh, is éard atá i gceist leis an íocaíocht ná go gcuirfear teach duine ar ais i riocht gur féidir maireachtáil ann. Dúnfar iarratas ar Chéim 3 6 mhí tar éis an teagmhais.
Is iad na teorainneacha ioncaim le haghaidh na híocaíochta ná:
- €50,000 do dhuine singil
- €90,000 do lánúin
- €15,000 in aghaidh gach linbh chleithiúnaigh
Déantar ioncam tí go léir a mheas sa tástáil ioncaim. Is é bunphrionsabal na tástála ioncaim le haghaidh na Scéime Cúnaimh Dhaonnúil ná go mbeidh daoine aonair agus teaghlaigh a bhfuil meánleibhéil ioncaim acu i dteideal cúnaimh. Ní gá duit a bheith ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh chun bheith i dteideal.
Agus d’iarratas curtha isteach agat, iarrfar ort na sonraí airgeadais agus pearsanta gach duine a mhaireann i do theach a sholáthar agus bhur gcaidreamh a mhíniú.
Más singil atá tú
Má tá ollioncam tí de €50,000 nó níos lú agat, gheobhaidh tú 100% den mhéid inlamhála.
As gach €1,000 glan d’ioncam tí os cionn €50,000, ceanglaítear ort ranníocaíocht de 1% a dhéanamh i leith an mhéid inlamhála.
Mar shampla, má:
- tá tú singil, agus
- má tá ollioncam tí de €55,000 agat
Gheobhaidh tú 95% den mhéid inlamhála (€5,000 os cionn na teorann ioncaim de €50,000 = ranníocaíocht pearsanta de 5% i leith an chaillteanais).
Más duine de lánúin thú
Má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht sibhialta nó in aontíos agus má tá comh-ollioncam tí de €90,000 nó níos lú agaibh, gheobhaidh tú 100% den mhéid inlamhála.
As gach €1,000 glan d’ioncam tí os cionn €90,000, ceanglaítear ort ranníocaíocht de 1% a dhéanamh i leith an mhéid inlamhála.
Mar shampla, má:
- Tá tú pósta, i bpáirtnéireacht sibhialta nó in aontíos, agus
- má tá comh-ollioncam tí de €105,000 agaibh
Gheobhaidh tú 85% den mhéid inlamhála (€15,000 os cionn na teorann ioncaim de €90,000 = ranníocaíocht pearsanta de 15% i leith an chaillteanais).
Méadú i leith leanaí cáilithe
Méadófar na teorannacha ioncaim faoi €15,000 i leith gach linbh cháilithe.
Teaghlach aontuismitheora
Is ionann €90,000 agus an teorainn ioncaim do theaghlaigh aontuismitheora, móide €15,000 i leith gach linbh cháilthe.
Aosaigh neamh-chleithiúnacha den teaghlach
I leith gach aosaigh neamh-chleithiúnaigh den teaghlach, cuirfear 20% dá n-ollioncam leis an ioncam tí.
Mar shampla, gheobhaidh teaghlach de lánúin a bhfuil ollioncam de €85,000 acu, agus d’aosach neamh-chleithiúnach a bhfuil ioncam de €20,000 aige, 100% den mhéid inlamhála, os rud é go bhfuil ioncam iomlán an tí níos lú ná €90,000 (€85,000 + €4,000 [€20,000 x 20%] = €89,000).
Mura bhfuil árachas agat
Mura raibh árachas agat agus mura bhfuil cúis mhaith agat gan árachas a bheith agat:
- Beifear ag súil go ranníocfaidh tú an chéad €2,000 i leith an mhéid, agus
- Beidh do ranníocaíocht phearsanta 2% as gach €1,000 iomlán os cionn an leibhéil ioncaim atá iomchuí do do theaghlach
Féadfar leibhéal tacaíochta maolaithe nó laghduithe a sholáthar i gcás ina bhfuil d’ioncam teaghlaigh os cionn na dteorainneacha.
Conas cáiliú
Tá íocaíochtaí faoi réir tástála ioncaim ar ioncam uile an teaghlaigh, a mheasann cumas do theaghlaigh chun íoc as na costais a bhaineann le do theach a athchóiriú ionas gur féidir cónaí ann.
Ní bhaineann teorainneacha ioncaim le híocaíochtaí a dhéantar faoi Chéim 1 den Scéim um Chúnamh Daonnúil.
Le haghaidh cúnamh leis na costais a bhaineann le bunriachtanais amhail bia, éadaí, agus cóir leapa, déan an fhoirm iarratais ar Íocaíocht Éigeandála den Scéim Chúnaimh Dhaonnúil Chéim 1 (SCD1) a chomhlánú. Dúnfar iarratais ar Chéim 1 7 lá an fhéilire tar éis deireadh an teagmhais. Déanfar iarratais tar éis 7 lá an fhéilire a phróiseáil mar Íocaíochtaí Riachtanas Breise de réir tástáil acmhainne.
Le haghaidh cúnamh leis na hearraí teaghlaigh a athchur agus/nó damáiste struchtúrtha a dheisiú, cuir an fhoirm iarratais ar Scéim Um Chúnamh Daonnúil (HAS2) i gcrích. Is é úinéir cláraithe na réadmhaoine a chaithfidh an t-iarratas ar chúnamh le deisiúchán struchtúrach a dhéanamh.
Dúnfar iarratas ar Chéim 2 3 mhí tar éis an teagmhais.
Dúnfar iarratas ar Chéim 3 6 mhí tar éis an teagmhais.
Ráta íocaíochta
Braitheann leibhéil na híocaíochta ar mhéid an dochair agus ar do chumas íoc as costais na ndeisiúchán.
Déan iarratas
Is féidir leat cur isteach trí Sheirbhísí Leasa Pobail. Foghlaim conas teacht ar Sheirbhísí Leasa Pobail anseo.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil le híoslódáil anseo nó ó d’Ionad Intreo áitiúil nó ó d’Oifig Brainse áitiúil.
Is féidir leat iarraidh go gcuirfear foirm iarratais chugat sa phost trínár bhfoirm ar líne anseo.
Ag braith ar d’éileamh, féadfar go mbeidh ort na nithe seo a leanas le soláthar:
- fianaise maidir le hioncam tí (mar shampla, duillíní pá)
- cóip de do pholasaí árachais
- dhá mheastachán mhiondealaithe do chostas na ndeisiúchán struchtúrach (conraitheoir tógála, ceardaí srl)*
- meastacháin ar chostas athsholáthair earraí tí*
- sonraisc nó admhálacha arna n-íoc*
- Aon fhaisnéis eile a fhéadfaidh tacú le d’éileamh
* Ní mór gach meastachán/sonrasc/admháil a bheith ó sholáthróirí cláraithe.
Tabhair faoi deara
Ní féidir iarratais a phróiseáil mura bhfuil siad go hiomlán curtha i gcrích agus mura bhfuil fianaise dhoiciméadach ceangailte, mar is gá. Is ceart go ndéanfaidh úinéir cláraithe na réadmhaoine iarratais ar chúnamh le deisiúchán struchtúrach.