An Scéim um Shochar Báis (faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde)
- Foilsithe: 23 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 22 Lúnasa 2025
- Cad í an Scéim um Shochar Báis (faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde)
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Cuir iarratas isteach
- Treoirlínte Oibriúcháin
Cad í an Scéim um Shochar Báis (faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde)
Má fhaigheann duine árachaithe bás mar gheall ar thimpiste ag an obair nó de bharr galair a bhaineann lena gcuid oibre, féadfar Sochar Báis (faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde) a íoc lena gcéile, comhchónaitheoir cáilithe, páirtnéir sibhialta, nó leanbh cleithiúnach marthanach.
Féadfar Sochar Báis a íoc freisin má bhí Sochar Míthreorach á fháil ag an duine árachaithe tráth a mbáis a measúnaíodh ag 50% nó níos mó, beag beann ar chúis an bháis.
Áirítear leis an Scéim um Shochar Báis:
- Pinsean Páirtnéara faoi Mhéala
- Pinsean Dílleachta
- Deontas Sochraide
Conas cáiliú
Pinsean Páirtnéara faoi Mhéala
Íoctar é seo le céile marthanach, páirtnéir sibhialta marthanach nó comhchónaitheoir cáilithe marthanach an duine árachaithe a fuair bás mar thoradh ar thimpiste ag an obair, galar ceirde nó a raibh Pinsean Míthreorach á fháil acu a measúnaíodh mar 50% nó níos mó tráth a mbáis.
Is éard atá i gceist againn le páirtnéir ná d’fhear céile, do bhean chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir cáilithe.
Measfar duine a bheith ina chomhchónaitheoir cáilithe chun críche Pinsean Páirtnéara faoi Mhéala más rud é gur chónaigh an lánúin le chéile i ndlúthchaidreamh tiomanta ar feadh tréimhse:
- 2 bhliain i gcás ina bhfuil leanaí ón gcaidreamh;
- 5 bliana i gcás nach bhfuil aon leanaí ón gcaidreamh;
Agus
- Níor tháinig deireadh leis an gcaidreamh níos mó ná dhá bhliain roimh bhás an duine éagtha.
Ní féidir leat an pinsean a fháil má phósann tú arís, má théann tú i bpáirtnéireacht shibhialta nó má chomhchónaíonn tú le duine eile. Níl tionchar ag aon ioncam a d’fhéadfadh a bheith agat ar an bpinsean. Íoctar méaduithe i leith leanaí cáilithe leis an bpinsean. Tá an pinsean inchánach.
Ní féidir Pinsean Páirtnéara faoi Mhéala faoin Scéim um Shochar Báis a íoc ag an am céanna le Pinsean Ranníocach Páirtnéara faoi Mhéala.
Faisnéis do Chomhchónaitheoirí Cáilithe
Ón 21 Iúil 2025 i leith, tá Comhchónaitheoirí Cáilithe atá fós beo incháilithe don Phinsean (Ranníocach) Páirtnéara faoi Mhéala.
Measfar duine a bheith ina gcomhchónaitheoir cáilithe chun críche na híocaíochta má bhí cónaí ar an lánúin chomhchónaithe le chéile mar lánúin i ndlúthchaidreamh agus tiomanta ar feadh tréimhse:
- dhá bhliain i gcás ina bhfuil leanaí ón gcaidreamh nó
- cúig bliana i gcás nach bhfuil leanaí ón gcaidreamh
Tá sonraí faoi dhátaí tábhachtacha le tabhairt faoi deara ag comhchónaitheoirí cáilithe thíos:
- éilimh i ndáil le bás a tharla roimh an 22 Eanáir 2024
- éilimh i ndáil le bás a tharla idir an 22 Eanáir 2024 agus an 20 Iúil 2025
I gcás éilimh i ndáil le bás roimh an 22 Eanáir 2024
Tá éilimh i ndáil le páirtnéir éagtha árachaithe agus inar tharla an bás roimh an 22 Eanáir 2024 incháilithe do Phinsean Páirtnéara faoi Mhéala ón 22 Eanáir 2024.
I gcás éilimh i ndáil le bás a tharla idir an 22 Eanáir 2024 agus an 20 Iúil 2025
Tá éilimh i ndáil le páirtnéir éagtha árachaithe i gcás inar tharla an bás idir 22 Eanáir 2024 agus 20 Iúil 2025 incháilithe do Phinsean Páirtnéara faoi Mhéala ó dháta an bháis.
Sna cásanna thuas, tá 6 mhí ag comhchónaitheoir cáilithe ón 21 Iúil 2025 chun a n-iarratas a dhéanamh chun an íocaíocht a chur siar go dtí an 22 Eanáir 2024 nó dáta an bháis más déanaí é.
Mura ndéantar an t-iarratas laistigh den tréimhse seo, is é 6 mhí ó dháta an iarratais an uasmhéid siardhátaithe ar an íocaíocht.
Pinsean Dílleachta
Íoctar é seo thar ceann linbh má fuair an duine árachaithe a thacaigh leis an leanbh bás mar thoradh ar thimpiste ag an obair, galar ceirde nó má bhí Pinsean Míthreorach á fháil acu a measúnaíodh mar 50% nó níos mó tráth a mbáis.
Ba chóir do chaomhnóir an dílleachta iarratas a chur isteach ar an íocaíocht.
Deontas Sochraide
Má chomhlíonann an duine éagtha na coinníollacha, is féidir Deontas Sochraide speisialta a íoc leis an duine a íocann as costais na sochraide. Níl Deontas Sochraide inchánach.
Rátaí íocaíochta
Íoctar íocaíochtaí faoin Scéim um Shochar Báis ag rátaí níos airde ná Pinsean Ranníocach caighdeánach nó íocaíocht Caomhnóra.
| Cineál íocaíochta | Ráta íocaíochta | |
|---|---|---|
| Pinsean Páirtnéara faoi Mhéala (faoi 66) | €274.50 in aghaidh na seachtaine | |
| Pinsean Páirtnéara faoi Mhéala (os cionn 66-79) | €293.70 in aghaidh na seachtaine | |
| Méadú do mhaireachtáil aonair (66 bliain d’aois agus níos sine) | €303.70 in aghaidh na seachtaine | |
| Méadú ar mhaireachtáil aonair 66 bliana d’aois agus níos sine | €22.00 in aghaidh na seachtaine | |
| Méadú do Leanbh Cáilithe faoi 12 mbliana d'aois | €50.00 in aghaidh na seachtaine | |
| Méadú do Leanbh Cáilithe 12 bliana d'aois agus níos sine | €62.00 in aghaidh na seachtaine | |
| Pinsean Dílleachta | €230.80 in aghaidh na seachtaine | |
| Deontas Sochraide | €850.00 (cnapshuim aonuaire) |
Cuir iarratas isteach
Ba chóir éileamh ar aon cheann de na híocaíochtaí faoin Scéim um Shochar Báis a dhéanamh laistigh de 3 mhí ó dháta an bháis, nó d’fhéadfá cuid den sochar a chailleadh.
Comhlánaigh foirm éilimh OB 61, atá ar fáil thíos, nó ó do Oifig áitiúil Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.
Seol d’fhoirm éilimh críochnaithe mar aon leis na doiciméid tacaíochta ábhartha chuig Rannóg an tSochair Báis ag an seoladh seo:
Death Benefit Section
- Seoladh:
- Death Benefit Section, Department of Social Protection, Government Buildings, Ballinalee Road, Longford, Co. Longford, N39 E4E0
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 927770;
043 334 0000
Treoirlínte Oibriúcháin
Déanann treoirlínte oibriúcháin cur síos ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.