Conas Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) a fháil
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2018
- An t-eolas is déanaí: 11 Iúil 2025
- Conas Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) a fháil
- Iarratas a dhéanamh ar líne
- Freastal ar choinne duine le duine ag Ionaid Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP)
- Cad is gá duit a thabhairt chuig an Ionad CSP
- Do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan
- Treoir maidir le Clárú SAFE agus an Cárta Seirbhísí Poiblí
- Teagmháil
Conas Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) a fháil
Conas iarratas a dhéanamh ar Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP)
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP) ar dhá bhealach:
- is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne trí úsáid a bhaint as an aip “MyGovID – Verify My Identity Ireland”
nó
Iarratas a dhéanamh ar líne
Tugann aip MyGovID deis duit do chéannacht a dheimhniú ar líne ag úsáid d’fhóin chliste.
Is féidir leat an Aip My GovID a íoslódáil, saor in aisce, ar do ghuthán cliste Apple nó Android.
Tá an tseirbhís seo ar fáil duit:
- má tá tú i do chónaí in Éirinn
- má tá pas Éireannach reatha agat
- má tá tú 16 bliana d’aois nó níos sine
- cuntas bunúsach MyGovID a bheith agat
- mura ndeachaigh tú trí próiseas Cláraithe SAFE cheana
Nuair a bheidh d’iarratas ar líne deimhnithe, gheobhaidh úsáideoirí an aip an méid seo a leanas:
- cárta Seirbhísí Poiblí (PSC) sa phost (laistigh de 7 -10 lá oibre)
- cuntas bunúsach MyGovID fíoraithe
Freastal ar choinne duine le duine ag Ionaid Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP)
Chun coinne a dhéanamh le haghaidh Cárta Seirbhíse Poiblí (CSP) ní mór duit teagmháil a dhéanamh go díreach le d’Ionad CSP áitiúil. Mura bhfuil rochtain agat ar ríomhphost, is féidir leat glaoch orainn agus cuirfimid ríomhphost chuig d’ionad CSP áitiúil chun coinne a shocrú ar do shon.
Má chuireann d’Ionad CSP áitiúil seirbhís siúil isteach ar fáil, beidh ort dul do dtí an t-ionad le linn na n-amanna sonraithe.
Nuair a bheidh tú ag dul chuig do choinne, beidh ort d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) agus roinnt sonraí pearsanta a sholáthar.
Ní mór duit a bheith i do chónaí in Éirinn chun CSP a fháil.
Cad is gá duit a thabhairt chuig an Ionad CSP
Beidh ort na nithe seo a thabhairt leat:
- an litir ina ndeimhnítear do choinne (má tá ceann faighte agat)
- do Chárta Seirbhísí Poiblí (má tá ceann agat)
- doiciméid le do chéannacht a chruthú (féach thíos)
- doiciméid le do sheoladh a chruthú (féach thíos)
- do ghuthán póca (má tá ceann agat). Má thugann tú do ghuthán póca leat, is féidir leis an roinn d’uimhir theileafóin a fhíorú. Tá guthán póca deimhnithe de dhíth ort chun fáil a bheith agat ar sheirbhísí poiblí ar líne
Doiciméid lena ndearbhaítear d’aitheantas
Más saoránach Éireannach tú a rugadh in Éirinn:
- do phas reatha Éireannach NÓ
- do cheadúnas tiomána bailí reatha Éireannach nó RA nó do cheadúnas tiomána foghlaimeora Éireannach (má tá ceann agat)
I gcás gach duine a rugadh in Éirinn, déanann oifigigh SAFE cuardach ar thaifead i gClár na mBreitheanna, atá i seilbh na Príomh-Oifige Clárúcháin (POC), chun sonraí aitheantais duine a fhíorú. I gcás nach féidir aon taifead a fháil i gClár na mBreitheanna, déanfaidh oifigigh SAFE teagmháil leis an POC chun sonraí aitheantais a chuireann an duine ar fáil a fhíorú.
I gcás nach féidir aon taifead a fháil tar éis teagmháil a dhéanamh leis an POC, iarrfar ar an duine a t(h)eastas breithe** a sholáthar chun go bhféadfar a s(h)onraí breithe a fhíorú.
Níl rochtain ag oifigigh SAFE ar thaifid uchtála agus ní bheidh a fhios acu an bhfuil duine uchtaithe mura roghnaíonn an duine an fhaisnéis sin a sholáthar.
** Is féidir le teastas breithe a bheith i gceist le haon cheann de na nithe seo a leanas: |
Cóip Dheimhnithe d’iontráil i gClár na mBreitheanna a eisíodh de bhun Achta um Chlárú Sibhialta 2004 |
nó |
Cóip Dheimhnithe d’iontráil i gClár na Leanaí Uchtaithe a eisíodh de bhun an Achta Uchtála 2010. (tugtar Teastas Uchtála air go minic) |
Más Saoránach Éireannach a rugadh i dTuaisceart na hÉireann nó Saoránach de chuid na Ríochta Aontaithe thú:
- do phas reatha NÓ
- do theastas breithe agus do cheadúnas tiomána iomlán reatha nó Cheadúnas Tiomána Foghlaimeora Éireannach (má tá ceann agat)
Más saoránach Éireannach thú tríd eadóirsiú nó Clárúchán Breitheanna Coigríche:
- do phas reatha Éireannach NÓ Teastas Eadóirsithe NÓ do Theastas Cláraithe Breithe Coigríche
- AGUS do cheadúnas tiomána Éireannach nó Ríocht Aontaithe nó ceadúnas tiomána foghlaimeora Éireannach (má tá ceann agat)
- do theastas uchtaithe más infheidhme
Más saoránach den AE/LEE thú (seachas ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe):
- do phas reatha NÓ
- cárta aitheantais náisiúnta
Más saoránach neamh-AE/LEE thú:
- do phas reatha NÓ
- doiciméid taistil 1951
Más custaiméir Úcránach thú:
- Pas reatha AGUS Litir cosanta sealadaí
Má tá tú i do chustaiméir de Chosaint Idirnáisiúnta (IPO):
- Cárta IPO (gorm) AGUS doiciméad IPO 3 leathanach
Mura bhfuil pas nó ceadúnas tiomána agat
b’fhéidir go mbeidh tú fós in ann CSP a fháil. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’Ionad CSP áitiúil sula dtagann tú. Tabharfaidh siad eolas breise duit maidir leis na doiciméid gur féidir leat a chur ar fáil chun d’aitheantais a fhíorú.
Doiciméid eile atá cabhrach
Má tá aon cheann de na hearraí atá liostaithe thíos agat, ba cheart duit iad a thabhairt leat chuig do choinne, toisc go bhféadfaidís d’aitheantas a dheimhniú freisin:
- cárta leighis
- cárta Eorpach um Árachas Sláinte
- cárta dochair/creidmheasa agus ráiteas airgeadais ó institiúid chreidmheasa
- cárta mic léinn
- faisnéis fhostaíochta ó na Coimisinéirí Ioncaim
- Phas Saorthaistil
Mura bhfuil aon cheann de na doiciméid thuas agat, ba chóir duit doiciméid tacaíochta nó aon saghas aitheantas fótagrafach a thabhairt leat.
Ní ghlactar leis na doiciméid seo
**** Ní ghlactar leis na nithe seo a leanas mar fhianaise aitheantais:
- teastas baiste
- cárta aitheantais oibre
- foirm ML-10 an Gharda Síochána
- aoischárta an Gharda Síochána
- fótachóipeanna de theastais nó doiciméid
Fianaise ar do sheoladh
Beidh faisnéis ar do sheoladh Éireannach iarrtha ort ag an gcoinne.
Ní mór go mbeidh d’ainm agus do sheoladh iomlán ar fhianaise do sheoladh agus ní mór go mbeidh sé dátaithe laistigh de na 6 mhí anuas. Áirítear le samplaí de na doiciméid shásúla sin an méid seo a leanas:
- bille fóntais teaghlaigh
- litir/doiciméad oifigiúil ó roinn rialtais
- ráiteas airgeadais
- léas réadmhaoine nó comhaontú tionóntachta
- deimhniú ar sheoladh ó thríú páirtí amhail riarthóir nó bainisteoir óstáin nó brú, príomhoide scoile nó úinéir réadmhaoine
Má tá tú ag fanacht le cairde nó gaolta, tá bille teaghlaigh bunaidh agus nóta ó shealbhóir an bhille inghlactha. Is féidir an nóta a dhearbhaíonn go bhfuil tú i do chónaí ann a scríobh ar an mbille féin.
Ag freastal ar an ionad CSP
Nuair a fhreastalóidh tú ar an Ionad CSP, fíorófar d’aitheantas. Tugtar clárú SAFE ar seo. Glacfaidh sé timpeall 15 nóiméad.
Le linn duit clárú le haghaidh SAFE:
- glacfar do phictiúr
- déanfar taifead ar do shíniú
Mura féidir leat bheith i láthair ag do choinne
Má tá coinne déanta agat nach mbeidh tú in ann freastal air, ba cheart duit an t-ionad a chur ar an eolas a luaithe agus is féidir ionas gur féidir an choinne a thairiscint do dhuine eile.
Tar éis freastal ar an Ionad CSP
Tar éis duit freastal ar an ionad CSP agus an próiseas clárúcháin SAFE a chur i gcrích, seolfar do Chárta Seirbhísí Poiblí chugat sa phost. Glacfaidh sé seo 7-10 lá oibre.
Ní féidir CSP a sheoladh ach chuig seoladh Éireannach
Do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan
Is féidir cárta atá as dáta a úsáid fós chun:
- bain leas as teideal do shaorthaisteal (is beart eatramhach é seo)
- oscail cuntas MyGovID
Má theastaíonn uait do CSP a athnuachan, lean an nasc seo:
Treoir maidir le Clárú SAFE agus an Cárta Seirbhísí Poiblí
Teagmháil
Má tá ceist agat maidir leis an bpróiseas is féidir leat fiosrúchán a sheoladh chugainn nó dul i dteagmháil le deasc chabhrach an Chárta Seirbhísí Poiblí.
Public Services Card Helpdesk
- Teileafón:
-
0818 837000