Duine a cheapadh le gníomhú thar do cheann
- Foilsithe: 16 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 13 Feabhra 2026
- Réamhrá
- Gníomhaire sealadach a cheapadh
- Gníomhaire Chineál 1
- Gníomhaire Chineál 2
- Gníomhaire a cheapadh i gcásanna eile
- Déan Iarratas
- Treoirlínte Oibríochtúla
Réamhrá
Mura bhfuil tú in ann íocaíocht a bhailiú nó do chúrsaí airgeadais a bhainistiú, is féidir leat iarraidh go ngníomhaíonn duine eile (a dtugtar gníomhaire air) thar do cheann. Is féidir leo íocaíochtaí a bhailiú ar bhonn sealadach nó fadtéarmach.
Gníomhaire Sealadach a thugtar ar dhuine atá údaraithe chun d’íocaíochtaí a bhailiú ar bhonn sealadach.
Gníomhaire Chineál 1 a thugtar ar dhuine atá údaraithe chun d’íocaíochtaí a bhailiú ar bhonn níos buaine.
Sa chás go bhfuil sé riachtanach, bunaithe ar imthosca leighis duine, is féidir gníomhaire a cheapadh chun gníomhú thar ceann duine i ndáil le gach gné de ghnóthaí leasa shóisialaigh an duine sin, lena n-áirítear gnóthaí airgeadais an duine sin a bhainistiú. Gníomhaire Chineál 2 a thugtar ar an nGníomhaire sin.
Is iad na scéimeanna seo a leanas atá incháilithe do cheapadh gníomhaire:
- Pinsean na nDall
- Liúntas Cúramóra
- An Scéim um Shochar Báis (faoin Scéim um Dhíobhálacha Ceirde)
- Liúntas Banchéile Thréigthe
- Sochar Banchéile Thréigthe
- Liúntas Míchumais
- Pinsean Easláine
- Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
- Pinsean (Ranníocach) an Pháirtnéara faoi Mhéala
- Pinsean (Neamhranníocach) Páirtnéara faoi Mhéala
Gníomhaire sealadach a cheapadh
Éascaíonn An Post socrú le Gníomhaire Sealadach a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach nuair a theastaíonn duine eile uait chun d’íocaíocht a bhailiú ar feadh tréimhse ghearr (uasmhéid de 5 íocaíocht i dtréimhse 6 mhí).
Ní mór duit foirm TA1 a líonadh chun gníomhaire a ainmniú.
Tá an fhoirm TA1 ar fáil in Oifigí Poist nó ar shuíomh gréasáin An Post anseo. Ní mór duit an fhoirm a líonadh agus a shíniú agus í a thabhairt don duine atá ainmnithe agat.
Ba cheart don duine a ainmníonn tú chun d’íocaíocht a bhailiú an fhoirm TA1 a thabhairt leis nó léi mar aon lena (h)aitheantas fótagrafach féin agus do Chárta Seirbhísí Poiblí nó Seirbhísí Sóisialta (Svaidhpchárta) chuig Oifig an Phoist chun íocaíocht a fháil ar do shon. Ní mór foirm TA1 a líonadh le haghaidh gach íocaíocht a bhailítear.
Má thagann aon deacrachtaí chun cinn is ceart duit nó do do ghníomhaire teagmháil a dhéanamh le d’oifig phoist áitiúil nó le rannóg chuí na roinne.
Gníomhaire Chineál 1
Más rud é nach mbeidh tú in ann d’íocaíocht a bhailiú ag oifig an phoist go ceann i bhfad, is féidir leat duine iontaofa a ainmniú chun d’íocaíocht leasa shóisialaigh a bhailiú duit. Gníomhaire Chineál 1 a thabharfar ar an duine a ainmníonn tú.
Chun é sin a dhéanamh, ní mór duit ‘Foirm iarratais ar Ghníomhaire Chineál 1 a Ainmniú chun íocaíocht a bhailiú (seachas FSS)’ a líonadh ag bun an leathanaigh seo agus í a sheoladh chuig seoladh an tsochair atá á éileamh agat.
A luaithe a bheidh an fhoirm faighte againn, seolfaimid fógra chugat agus déanfaimid socruithe le hoifig an phoist. Ansin, tabharfaidh oifig an phoist cead do do Ghníomhaire Chineál 1 d’íocaíocht a bhailiú.
Má tá cónaí ort i dteach altranais, féadfaidh tú an duine atá i gceannas ar an teach altranais a ainmniú chun an íocaíocht a bhailiú ar do shon.
Féadfaidh tú socrú Ghníomhaire Chineál 1 a chealú nó a chúlghairm ag am ar bith agus Gníomhaire Chineál 1 eile a cheapadh
Gníomhaire Chineál 2
D’fhéadfadh Gníomhaire Chineál 2 a bheith oiriúnach do dhuine nach bhfuil in ann a g(h)nóthaí airgeadais a bhainistiú agus nach bhfuil duine eile ceaptha go dlíthiúil chun ionadaíocht a dhéanamh dó nó di.
Chun iarratas ar Ghníomhaire Chineál 2 a dhéanamh, ní mór an fhoirm ‘Gníomhaire Chineál 2 a ainmniú chun gníomhú thar ceann an duine (seachas FSS)’ atá le fáil ag bun an leathanaigh seo a líonadh agus í a sheoladh chuig rannóg ábhartha na roinne.
I ngach cás, ní mór do dhochtúir a dheimhniú nach bhfuil an duine in ann, de thuras na huaire, a g(h)nóthaí airgeadais féin a bhainistiú.
Ní féidir Gníomhaire Chineál 2 a cheapadh sa chás go bhfuil socrú gníomhach tacaíochta cinnteoireachta i bhfeidhm faoi fhorálacha an Achta um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015. Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoi shocruithe cinnteoireachta agus faoin Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015, ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Tacaíochta Cinnteoireachta www.decisionsupportservice.ie
Gníomhaire a cheapadh i gcásanna eile
Coimircí Cúirte nó Cumhacht Aturnae
I gcás coimircí chúirte nó duine arna cheapadh faoi chumhacht mharthanach aturnae, déanfaidh an roinn íocaíochtaí go díreach chuig Coiste an Choimircí nó chuig an Aturnae. Déanfar na híocaíochtaí sin chuig chuntas bainc arna ainmniú.
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
I gcás a bhfuil cónaí ar dhuine in ionad cúraim atá faoi bhainistíocht FSS ar feadh tréimhse leanúnach 4 seachtaine nó níos mó agus más mian leis nó léi go gceapfar ionadaí an ionaid chúraim chun gníomhú mar a g(h)níomhaire, ba cheart don duine nó dá (h)ionadaí teagmháil a dhéanamh le bainisteoir an ionaid chúraim chun an socrú sin a chur i bhfeidhm.
Déan Iarratas
Treoirlínte Oibríochtúla
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.