Iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Aitheantais Inscne
- Foilsithe: 30 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 2 Deireadh Fómhair 2025
Cad is Teastas um Inscne a Aithint ann
Forálann an tAcht um Inscne a Aithint 2015 gur féidir le duine iarratas a dhéanamh ar Theastas um Inscne a Aithint chun go mbeidh a rogha inscne aitheanta ag an Stát.
Nuair a eisítear Teastas um Inscne a Aithint, glactar le hinscne an duine atá ainmnithe ar an teastas mar an inscne is fearr le duine ón dáta sin ar aghaidh.
Dá réir sin, más é fireann an inscne is fearr le duine, glactar leis gur fear é an duine sin, más é an baineann an inscne is fearr le duine, glactar leis gur bean an duine sin.
Níl éifeacht dhlíthiúil an aitheantais cúlghabhálach. Níl aon tionchar aige ar chearta, freagrachtaí agus iarmhairtí gníomhaíochtaí a rinne tú roimh an dáta ar tugadh aitheantas don inscne is fearr leat.
Conas cáiliú
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Theastas um Inscne a Aithint má tá tú 18 mbliana d’aois ar a laghad agus má tá tú:
- cláraithe sa chlár breitheanna NÓ
- cláraithe i gclár na leanaí uchtaithe NÓ
- cláraithe i gclár na n-uchtuithe idirchontae NÓ
- taifeadta sa leabhar taifeadta breitheanna coigríche nó sa chlár breitheanna coigríche
Leanaí
Is féidir iarratas a dhéanamh thar ceann leanbh atá 16 bliana d’aois nó níos sine má fhaightear ordú cúirte a thugann díolúine don leanbh ón riachtanas aoise a chomhlíonadh.
Aitheantas inscne coigríche
Má d’athraigh tú inscne faoi dhlí stáit eile, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Theastas um Inscne a Aithint , ar choinníoll go raibh gnáthchónaí ort sa Stát ar feadh 12 mhí ar a laghad roimh dháta an iarratais.
Beidh ort cóip den chinneadh, den ordú nó den deimhniú ábhartha a sholáthar.
Cuir iarratas isteach
Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm iarratais GRC1 ag bun an leathanaigh seo.
Áirítear san fhoirm seo Dearbhú Reachtúil nach mór a bheith fianaithe ag duine amháin de na daoine seo a leanas:
- Feidhmeannach Síochána
- Nótaire Poiblí
- Coimisinéir Mionnaí
- Aturnae
Ceangail na doiciméid seo a leanas le d’iarratas:
- cóip d’aitheantas fótagrafach
- teastas breithe bunaidh má rugadh lasmuigh d’Éirinn tú nó
- teastas uchtála nó
- Teastas Chlár na mBreitheanna Coigríche bunaidh
- fianaise ar chónaitheacht in Éirinn ar feadh 12 mhí roimh dháta an iarratais, muna rugadh in Éirinn thú
- má rinneadh an inscne is fearr leat a aithint i ndlínse eile agus más mian leat an t-aitheantas sin a bhailíochtú anseo, cóip den chinneadh, ordú nó teastas ábhartha agus fianaise ar chónaitheacht in Éirinn 12 mhí roimh dháta an iarratais
Nóta:
Is féidir an GRC1 a úsáid freisin chun d’ainm a athrú más fearr leat, agus níl Gníomhas Aonpháirtí ag teastáil. Mar sin féin, ní féidir an t-ainm is fearr atá liostaithe le feiceáil ar an Teastas um Inscne a Aithint (GRC) a leasú a luaithe a bheidh an GRC eisithe, mura rud é go raibh earráid chléireachais nó earráid fíriciúil ann.
Seol an fhoirm iarratais chomhlánaithe agus na doiciméid tacaíochta chuig:
Client Identity Services
- Seoladh:
- Client Identity Services, Department of Social Protection, Shannon Lodge, Carrick-on-Shannon, Co Leitrim, N41 KD81
- Suíomh Gréasáin:
- Teileafón:
-
0818 927999;
071 9672616
Má eisítear Teastas um Inscne a Aithint chugat, nuashonrófar d’inscne (agus ainm - má athraítear é) ar an taifead a bhaineann le Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) ar bhunachar sonraí taifead lárnach na Roinne.
Más mian leat Teastas um Inscne a Aithint a leasú úsáid foirm GRC2 (thíos) nó más mian leat Teastas um Inscne a Aithint reatha a Chúlghairm, úsáid foirm GRC3 (thíos).
Déan iarratas ar Theastas Breithe leasaithe
Má tá tú cláraithe sa chlár breitheanna, clár na leanaí uchtaithe, clár na n-uchtuithe idirchontae nó sa chlár breitheanna coigríche, nuair a fhaigheann tú do Theastas um Inscne a Aithint, is féidir leat iarratas a sheoladh chuig an údarás cuí chun do shonraí a bhaineann le d’inscne a iontráil sa chlár um inscne a aithint cuí.
Ba cheart iarratas a sheoladh chuig:
- an Phríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO) atá iontráilte sa chlár um inscne a aithint má tá tú cláraithe sa chlár breitheanna nó i gclár na leanaí uchtaithe. Tá do shonraí seolta chuig an Ard-Chláraitheoir cheana féin. Ní gá táille a íoc agus is féidir leat iarratas a dhéanamh trí Iarratas ar iontráil sa Chlár um Inscne a Aithint
- tá Údarás Uchtála na hÉireann le hiontráil i gclár um inscne a aithint na n-uchtuithe idirchontae má tá tú cláraithe i gclár na n-uchtuithe idirchontae. Tá do chuid sonraí seolta chuig an tÚdarás Uchtála cheana féin
- tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha le hiontráil i gclár um inscne a aithint na mbreitheanna coigríche má tá tú taifeadta i leabhar taifeadta breitheanna coigríche nó sa chlár breitheanna coigríche nó i gclár na mbreitheanna coigríche
Teastas breithe
Is féidir cóip dheimhnithe d’iontráil i gceann amháin de na cláir um inscne a aithint thuasluaite a úsáid más gá duit teastas breithe a chur ar fáil.
Is féidir leis na daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh ar chóip de d’iontráil sa chlár:
- tú féin
- do chéile nó páirtí sibhialta marthanach
- do leanbh mura bhfuil céile nó páirtí sibhialta marthanach ann
- do thuismitheoir mura bhfuil aon chéile, páirtí sibhialta nó leanbh marthanach ann
- do dheartháir nó deirfiúr mura bhfuil aon chéile, páirtí sibhialta, leanbh nó tuismitheoir marthanach ann
Is féidir leat iarratas a chur faoi bhráid GRO do chóip dheimhnithe de d’iontráil sa chlár um inscne a aithint trí úsáid a bhaint as an Iarratas ar Theastas iontrála sa Chlár um Inscne a Aithint..
Cosnaíonn cóip dheimhnithe d’iontráil €20.