Jobsplus
- Foilsithe: 29 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Deireadh Fómhair 2025
Céard is JobsPlus ann
Dreasacht fostóra é JobsPlus a spreagann agus a bhronnann luaíocht ar fhostóirí a thairgeann deiseanna fostaíochta do dhaoine atá dífhostaithe. Cuirtear dhá leibhéal íocaíochta ar fáil d'fhostóirí: €7,500 nó €10,000 thar 18 mí, agus an leibhéal íocaíochta ag brath ar aois an chuardaitheora poist agus an fad ama a bhfuil íocaíocht cháilitheach á fáil aige.
Is féidir le fostóirí incháilithe a earcaíonn fostaithe lánaimseartha iarratas a dhéanamh ar an dreasacht.
Tá scéim JobsPlus comhchistithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach. Tá comhchistiú á sholáthar ag an gCoimisiún Eorpach do JobsPlus do rannpháirtithe faoi 30 bliain d'aois faoi Chlár Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE+) 2021-2027. Tabhair cuairt ar eufunds.ie chun teacht ar eolas breise.
Conas cáiliú
Fostóirí
Má dhéanann fostóir cinneadh fostaí breise a earcú, is féidir leis Iarratas ar Líne JobsPlus d'Fhostóirí a líonadh agus ainm na cuideachta, méid a lucht saothair, sonraí bainc agus earnáil gheilleagrach na cuideachta á dtabhairt, mar shampla. Nuair a chuirtear é seo isteach, déanfaidh oifigeach de chuid na roinne athbhreithniú air agus seiceálfaidh siad go bhfuil an deimhniú imréitigh cánach in ord agus seolfaidh siad ríomhphost chuig an bhfostóir má cheadaítear é.
Nuair a dheimhníonn an roinn cáilitheacht, is féidir leis an bhfostóir tús a chur le hearcaíocht. D'fhéadfadh siad dul i dteagmháil lena nIonad Intreo áitiúil chun an folúntas a phlé. D'fhéadfadh siad an folúntas a fhógairt ar www.jobsireland.ie freisin.
Chun eolas a fháil ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an scéim JobsPlus, tá cur i láthair fostóra ar fáil anseo.
Fostaithe iarrthóra
Tar éis tabhairt faoi réamhagallaimh agus tar éis a chuirtear iarrthóirí ar an ngearrliosta, ba chóir d'fhostóirí a iarraidh ar na hiarrthóirí seo logáil isteach ar anseo líonadh lena gcáilitheacht do JobsPlus a sheiceáil.
Déanfaidh an roinn a n-iarraidh a phróiseáil agus má dheimhnítear go bhfuil siad incháilithe, seolfar foirm dhá chuid JP1 chuig an iarrthóir. Deimhneofar i gCuid A d'fhoirm JP1 cáilitheacht an fhostaí agus an ráta íocaíochta d'fhostóir ionchasach, tá Cuid B le líonadh ag an bhfostóir má roghnaíonn sé an t-iarrthóir a fhostú.
Ba cheart don iarrthóir foirm dhá chuid JP1 a thabhairt leis/léi lena ndeimhnítear a c(h)áilíocht don fhostóir chun gur féidir leis breithniú a dhéanamh air.
Nuair a shainaithníonn fostóir an t-iarrthóir is oiriúnaí don phost, ba cheart dó Cuid B d'Fhoirm JP1 a líonadh don iarrthóir sin, an dearbhú a shíniú agus í a sheoladh ar ais chuig an roinn. Déanfaimid foirm JP1 a phróiseáil agus nuair a shásaítear na coinníollacha go léir, cuirfear fostóirí ar an eolas ar ríomhphost gur bronnadh an dreasacht orthu i dtaobh an fhostaí a shonraítear ar fhoirm JP1.
Chomh luath is a dhéantar post a thairiscint don iarrthóir, ba cheart don iarrthóir teagmháil a dhéanamh leis an roinn lena n-éileamh cuardaitheora poist a dhúnadh. Is féidir é seo a dhéanamh ar líne ag Dún m'Éileamh Cuardaitheora Poist nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh. Ní féidir tús a chur le híocaíocht JobsPlus go dtí go ndeimhnímid gur dúnadh éileamh cuardaitheora poist an fhostaí nua.
Ba chóir d'fhaighteoirí Liúntas Míchumais nó Phinsean na nDall an rannóg ábhartha a chur ar an eolas nuair a chuireann siad tús lena bhfostaíocht.
Is féidir freisin le cuardaitheoir poist a n-incháilitheacht mar fhostaí don dreasacht JobsPlus a fhíorú trí iarratas a dhéanamh ar líne ag JobsPlus ag am ar bith. Déanfaidh an roinn measúnú ar incháilitheacht an duine agus seolfar litir formheasa/litir neamh-fhormheasa sa phost. Tá incháilitheacht cuardaitheora poist mar fhostaí do JobsPlus bailí ag an am a fhíoraíonn an roinn í agus déantar é a athdheimhniú nuair a earcaítear an cuardaitheoir poist. D'fhéadfaí athbhreithniú ar incháilitheacht a dhéanamh má thagann athrú ar chúinsí an chuardaitheora poist.
Rátaí íocaíochta
Déanfar íocaíocht gach mí i riaráistí trí ríomhaistriú airgid thar thréimhse 18 mí. Ní mheasfar go bhfuil cáin le gearradh ar an íocaíocht sin chun críocha cáin ioncaim nó chorparáide ó thaobh an fhostóra de. Ní mór don fhostaí incháilithe JobsPlus a bheith ar an bpárolla agus a bheith faoi réir ÍMAT agus ÁSPC (Aicme A).
Má cheadaítear an t-iarratas, íocfar na híocaíochtaí seo a leanas leis an bhfostóir thar thréimhse 18 mí do gach duine incháilithe a earcaíonn sé agus a leanann sé lena f(h)ostú.
Beidh na rátaí seo a leanas i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2024:
Deontas €7,500 atá iníoctha thar 18 mí:
Deontas €10,000 atá iníoctha thar 18 mí:
Nóta: Is féidir an t-am a chaitear ar réimse eile oideachais, oiliúna, socrúcháin oibre agus scéimeanna tacaíochta um ghníomhachtúchán a mheas agus an líon laethanta is gá le híocaíocht cháilitheach a fháil á shocrú.
Is féidir am a caitheadh i bpríosún a chur san áireamh i dtreo na tréimhse cáilithí chomh fada is a dhéantar teidlíocht d'íocaíocht leasa shóisialaigh a athdheimhniú.
Beidh cuardaitheoirí poist nach bhfuil íocaíocht cuardaitheora poist á fáil acu agus atá ag síniú le haghaidh creidmheasanna cuardaitheora poist ÁSPC incháilithe freisin chomh fada is atá siad ar an mbeochlár ar feadh an líon laethanta is gá.
Déantar rannpháirtithe JobsPlus atá níos óige ná 30 bliain d'aois a chomhchistiú ag Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE+).
Cuir iarratas isteach
Is féidir le fostóir/cuardaitheoir poist cur isteach ar Scéim JobsPlus ar líne arís mar is gnách.
Ba cheart do chuardaitheoirí poist clárú ar líne anseo
Ba cheart d'fhostóirí clárú ar líne anseo
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach gá d'fhostóirí a ceadaíodh do scéim JobsPlus roimhe seo clárú arís.
Tá eolas breise ar fáil ó d'Ionad Intreo áitiúil nó trí na sonraí teagmhála thíos a úsáid.
JobsPlus
- Seoladh:
- Employment Programmes and Incentives Division, Government Buildings, Shannon Lodge, Carrick-on-Shannon, Co Leitrim, N41 KD81
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 927999;
071 9672616
Treoirlínte Oibríochtúla
Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann an fhoireann sa roinn agus iad i mbun a gcuid oibre.
Treoirlínte Oibríochtúla - JobsPlus.
Tá JobsPlus comhchistithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach. Tabhair cuairt ar eufunds.ie chun teacht ar eolas breise.