Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua
- Foilsithe: 25 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Meitheamh 2025
- Cad é an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Cuir iarratas isteach
- Treoirlínte Oibríochta
Nóta Tábhachtach
Má tá tú i dteideal go huathoibríoch don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua 2025, gheobhaidh tú fógra dámhachta i do chuntas MyWelfare nó tríd an bpost roimh dheireadh mhí an Mheithimh 2025.
Mura bhfuil tú i dteideal go huathoibríoch agus mura bhfaigheann tú fógra dámhachta roimh dheireadh mhí an Mheithimh, beidh ort iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar líne ag www.MyWelfare.ie
Is é an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua 2025 ná an 30 Meán Fómhair 2025.
Cad é an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua
Is éard atá sa Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ná íocaíocht aonuaire de réir tástáil acmhainne atá dírithe ar chabhrú le teaghlaigh le costais bhreise éadaí agus coisbhirt nuair a thosaíonn leanaí ar scoil gach fómhar. Bíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar oscailt ón 1 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain.
Conas cáiliú
Chun cáiliú don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
- ní mór duit a bheith ag fáil íocaíocht cháilitheach cosanta sóisialta nó ag glacadh páirte i scéim cheadaithe tacaíochta fostaíochta, oideachais nó oiliúna
- ní mór duit a bheith ag fáil méadú i leith leanbh cáilithe (MLC) i leith gach leanbh a bhfuil an liúntas á éileamh ina leith (ach amháin i gcúinsí áirithe)
- ní mór do gach leanbh a bhfuil éileamh á dhéanamh ina leith a bheith:
idir 4 agus 17 mbliana d’aois nó
idir 18 agus 22 bliain d’aois, agus ag filleadh ar oideachas dara leibhéal san fhómhar
- caithfidh an ioncam inmheasúnaithedo do theaghlach a bheith laistigh de thacar teorainn ioncaim
- ní mór duitse agus do gach leanbh a bhfuil an liúntas á éileamh ina leith a bheith ina gcónaí sa Stát
Rátaí íocaíochta
Aois an Linbh | Ráta |
4 – 11 | €160 |
12 – 22 | €285 |
Ní mór go mbeadh leanaí idir 18 agus 22 bliain d’aois san oideachas dara leibhéal chun cáiliú.
Cuir iarratas isteach
Trí phróiseas meaitseála sa roinn, gheobhaidh go leor daoine íocaíocht an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua go huathoibríoch.
Mura bhfuil fógra maidir le bronnadh an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua faighte agat faoi dheireadh mhí an Mheithimh, agus má chomhlíonann tú na coinníollacha cáiliúcháin, beidh ort iarratas a dhéanamh, fiú má fuair tú an íocaíocht go huathoibríoch sna blianta roimhe sin.
Déan iarratas ar líne
Is é an bealach is tapúla agus is éasca ná iarratas a dhéanamh ar líne ag MyWelfare.ie. Tá an t-iarratas ar líne ar oscailt ó Mheitheamh go Meán Fómhair gach bliain.
Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne
Ó Mheitheamh 2025 ar aghaidh, má tá deacrachtaí agat ag déanamh iarratais ar líne, déan teagmháil le foireann an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar 0818 11 11 13 nó 071 91 93318, nó seol ríomhphost chuig an bhfoireann ag bscfa@welfare.ie. Beidh oifigeach ar fáil chun cabhrú leat an t-iarratas a dhéanamh ar líne nó chun foirm iarratais a chur chugat sa phost.
Tá leagan PDF den fhoirm iarratais ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar fáil thíos le priontáil agus le seoladh chuig an seoladh atá ar an bhfoirm.
Is é an 30 Meán Fómhair de bhliain na scéime an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua.
Back to School Clothing and Footwear Allowance Section
- Seoladh:
- Back to School Clothing and Footwear Allowance Section, Department of Social Protection, College Road, Sligo, F91 T384
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 111113;
071 91 93318
Treoirlínte Oibríochta
Déanann treoirlínte oibríochta cur síos ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.