Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua


Nóta tábhachtach

Dúnadh iarratais ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le haghaidh 2026 ar 30 Meán Fómhair 2026.

Osclófar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le haghaidh 2027 i mí an Mheithimh 2027.

Cad é an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua

Is éard atá sa Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ná íocaíocht aonuaire de réir tástáil acmhainne atá dírithe ar chabhrú le teaghlaigh le costais bhreise éadaí agus coisbhirt nuair a thosaíonn leanaí ar scoil gach fómhar. Bíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar oscailt ón 1 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain.

Conas cáiliú ina leith

Chun cáiliú don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • ní mór duit a bheith ag fáil íocaíocht cháilitheach cosanta sóisialta nó ag glacadh páirte i scéim cheadaithe tacaíochta fostaíochta, oideachais nó oiliúna
  • ní mór go mbeadh Íocaíocht Tacaíochta Linbh á fáil agat i leith gach leanbh a bhfuil an liúntas á éileamh agat ina leith (ach amháin i gcúinsí áirithe)
  • ní mór do gach leanbh a bhfuil éileamh á dhéanamh ina leith a bheith:

idir 2 agus 17 mbliana d’aois nó

idir 18 agus 22 bliain d’aois, agus ag filleadh ar oideachas dara leibhéal san fhómhar

  • ní mór don ioncam inmheasúnaithe do do theaghlach a bheith taobh istigh de theorainn ioncaim socraithe
  • ní mór duitse agus do gach leanbh a bhfuil an liúntas á éileamh ina leith a bheith ina gcónaí sa Stát

Rátaí íocaíochta

Aois an Linbh Ráta
2 – 11 €160
12 – 22 €285
   

Ní mór go mbeadh leanaí idir 18 agus 22 bliain d’aois ag filleadh ar oideachas dara leibhéal san fhómhar chun cáiliú.

Cuir iarratas isteach

Trí phróiseas meaitseála sa roinn, gheobhaidh go leor daoine íocaíocht an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua go huathoibríoch. Cuirfear fógraí maidir le bronnadh ar fáil trí do chuntas MyWelfare nó sa phost i mí an Mheithimh gach bliain.

Mura bhfuil fógra maidir le bronnadh an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua faighte agat faoi dheireadh mhí an Mheithimh, agus má chomhlíonann tú na coinníollacha cáiliúcháin, beidh ort iarratas a dhéanamh, fiú má fuair tú an íocaíocht go huathoibríoch sna blianta roimhe sin.

Déan iarratas ar líne

Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ná ar líne ag MyWelfare.ie. Tá an t-iarratas ar líne ar oscailt ó Mheitheamh go Meán Fómhair gach bliain.

Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne

Dúnadh iarratais ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le haghaidh 2026 ar 30 Meán Fómhair 2026. Osclófar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le haghaidh 2027 i mí an Mheithimh 2027.

Ó mhí an Mheithimh 2027, beidh leagan PDF d’fhoirm iarratais an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar fáil le priontáil agus le seoladh chuig an seoladh atá luaite ar an bhfoirm.

Is é an 30 Meán Fómhair de bhliain na scéime an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua.

Back to School Clothing and Footwear Allowance Section

Seoladh:
Back to School Clothing and Footwear Allowance Section, Department of Social Protection, College Road, Sligo, F91 T384
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

BSCFA@welfare.ie

Teileafón:
0818 111113;
071 91 93318

Treoirlínte Oibríochta

Déanann treoirlínte oibríochta cur síos ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat