Liúntas Costais Laethúla
- Foilsithe: 9 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 24 Márta 2026
- Cad é an Liúntas Costais Laethúla
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Measúnú Ioncaim
- Déan Iarratas
- Eolas Eile
Cad é an Liúntas Costais Laethúla
Má tá iarratas déanta agat ar Chosaint Idirnáisiúnta, má tá cónaí ort i gcóiríocht nó má tá tú ar liosta feithimh le bogadh isteach i gcóiríocht arna soláthar ag Seirbhísí Cóiríochta um Chosaint Idirnáisiúta (SCCI) na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus tú ag fanacht le cinneadh ar d’iarratas, d’fhéadfá a bheith i dteideal an Liúntas Costais Laethúla a fháil.
Conas cáiliú
Tá an liúntas iníoctha le gach iarratasóir ar Chosaint Idirnáisiúnta a bhfuil cónaí orthu i nó atá ar liosta feithimh chun bogadh isteach i gcóiríocht arna soláthar ag Seirbhísí Cóiríochta Cosanta Idirnáisiúnta na Roinne Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce.
Beidh Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) ag teastáil uait chun rochtain a fháil ar thacaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
Tabharfar comhairle duit má tá aon socruithe áitiúla i bhfeidhm maidir le leithdháileadh Uimhreacha PSP d’áitritheoirí d’ionaid lóistín.
Rátaí íocaíochta
Is é ráta an liúntais ná €38.80 in aghaidh na seachtaine do dhuine fásta agus €29.80 in aghaidh na seachtaine do leanbh.
Tá ráta méadaithe €113.80 in aghaidh na seachtaine do dhuine fásta i bhfeidhm sa chás nach bhfuil cóiríocht ar fáil do dhuine agus go bhfuil sé/sí ar liosta feithimh do chóiríocht IPAS.
Measúnú Ioncaim
Tá measúnú ioncaim infheidhme maidir leis an Liúntas Costais Laethúla do dhaoine 18 mbliana d’aois nó níos sine atá ag fáil ioncaim ar feadh 12 sheachtain nó níos mó.
Áirítear leis an ioncam pá ó phost, féinfhostaíocht agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
I gcás lánúineacha nó teaghlach, féadfar an íocaíocht Liúntais Costais Laethúla ón duine a bhfuil ioncam aige a laghdú nó a tharraingt siar. Ní dhéanfaidh sé seo difear d’aon íocaíochtaí atá á bhfáil ag baill eile den teaghlach.
Má tá tú ag fáil Liúntais Chaiteachais Laethúla agus má tá ioncam eile agat ó phost, féinfhostaíocht, íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus/nó aon fhoinse eile, ba chóir duit ríomhphost a sheoladh chuig NWCWS@welfare.ie leis na sonraí, mar shampla, má tá tú tosaithe ag obair.
Sampla
I gcás daoine ar an ngnáthráta Liúntais Costais Laethúla (€38.80), críochnaíonn an íocaíocht i gcás ina bhfuil €125 nó níos mó á fháil ag duine in aghaidh na seachtaine. Má tá ioncam duine os cionn €60 agus faoi bhun €125, beidh ráta laghdaithe den Liúntas Costais Laethúla bunaithe ar a dtuilleamh. Mura bhfuil ioncam duine ach €60 nó níos lú, ní bheidh aon tionchar ar a n-íocaíocht Liúntais Costais Laethúla.
Tugann an tábla thíos roinnt samplaí de conas is féidir an tástáil ioncaim a chur i bhfeidhm ar dhaoine atá ar an ráta caighdeánach de Liúntas Costais Laethúla.
| Ioncam | Lúide neamhaird | Ráta Íocaíochta LCL | ||
| €50 | €60 |
€0 |
€0 | €38.80 |
| €70 | €60 |
€10 |
€6 | €32.80 |
| €80 | €60 |
€20 |
€12 | €26.80 |
| €90 | €60 |
€30 |
€18 | 20.80 |
| €100 | €60 |
€40 |
€24 | €14.80 |
| €110 | €60 |
€50 |
€30 | €8.80 |
| €120 | €60 |
€60 |
€36 | €2,80 |
| €125 | €60 |
€65 |
€39 | €0 |
Déan Iarratas
Is féidir leat iarratas a dhéanamh trí mheán Seirbhísí Leasa Pobail. Foghlaim conas rochtain a fháil ar Sheirbhísí Leasa Pobail anseo.
Tá sonraí faoi do theagmháil áitiúil leis an tSeirbhís Leasa Pobail ar fáil ag d’ionad cóiríochta.
Tá an rogha agat freisin foirm iarratais an Liúntais Chostais Laethúla (DEA1) a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig:
Foireann Tacaíochta SLS Shligigh, Seirbhísí Leasa Shóisialaigh, Bóthar an Choláiste, Sligeach, F91 T384.
Is féidir leat an fhoirm seo a fháil freisin ag Id'Ionad Intreo áitiúil nó ag d'Oifig Bhrainse áitiúil Leasa Shóisialaigh.
Eolas Eile
Eolas Eile
I gcásanna áirithe, d’fhéadfá a bheith i dteideal Íocaíocht ar Riachtanas Breise.
Má tá cead oibre agat, féadfaidh tú rochtain a fháil ar Sheirbhísí Fostaíochta Poiblí na roinne trí d’Ionad Intreo áitiúil.
Má tá cead oibre agat agus má tá tú i bhfostaíocht, d’fhéadfá a bheith i dteideal Íocaíocht Teaghlaigh Oibre. Is íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin í seo atá ar fáil d’fhostaithe a bhfuil leanaí acu.