English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Liúntas Cuardaitheora Poist



Cad is Liúntas Cuardaitheora Poist ann

Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é Liúntas Cuardaitheora Poist a dhéantar do dhaoine dífhostaithe agus

nach gcáilíonn le haghaidh

a cháilíonn do Shochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa, Sochar Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist do dhaoine Féinfhostaithe ach a roghnaíonn Liúntas Cuardaitheora Poist roghnach a éileamh ina ionad sin.

Braitheann cibé an gcáilíonn tú do Liúntas Cuardaitheora Poist ar d’ioncam agus cibé an bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn. Is é sin le rá, tá tú i do chónaí anseo agus tá dlúthnaisc agat le hÉirinn.

Deimhniú aitheantais

Ní mór do gach duine ag cur isteach ar íocaíocht Liúntais Cuardaitheora Poist a n-aitheantas dearbhaithe ag Leibhéal 2 SAFE sula n-íoctar a n-éileamh.

Ciallaíonn sé sin nach mór go bhfuil d’aitheantas deimhnithe agus dearbhaithe againn go leibhéal sásúil.

Baineann sé seo le hiarratais ar líne agus iarratais ar Liúntas Cuardaitheora Poist ar pháipéar araon.

Má tá tú dearbhaithe ag Leibhéal 2 SAFE cheana féin, beidh tú in ann teacht ar na seirbhísí ar líne trí do chuntas fíoraithe MyGovID.

Chun Leibhéal 2 SAFE a bhaint amach, ní mór duit freastal ar d’Ionad Intreo áitiúil nó d’Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil chun do chlárúchán a chríochnú. Nuair atá an próiseas clárúcháin Leibhéal 2 SAFE críochnaithe agat, is féidir leat do chuntas a fhíorú. Tabharfaidh sé seo rochtain duit ar na seirbhísí ar líne go léir trí do chuntas MyGovID, iarratas a dhéanamh ar íocaíocht cuardaitheora poist san áireamh.


Conas cáiliú

Chun cáiliú do Liúntas Cuardaitheora Poist, ní mór duit:

  • a bheith níos sine ná 18 bliain d’aois agus faoi bhun 66 bliain d’aois
  • in ann tástáil acmhainne a shásamh
  • a bheith i do ghnáthchónaí in Éirinn
  • a bheith in ann oibriú
  • a bheith ar fáil d’obair lánaimseartha
  • a bheith ag cuardach oibre ar bhonn dáiríre
  • a bheith dífhostaithe go hiomlán nó go páirteach (ar a laghad 4 lá as gach 7 lá)

Tabhair faoi deara: Má tá tú féinfhostaithe, ní bhíonn an coinníoll deireanach i gceist.

Is féidir leat oibriú ar feadh suas le 3 lá sa tseachtain agus is féidir leat Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil fós do na laethanta eile. Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil agat, is féidir leat úsáid a bhaint as meastóir sochar oibre chun féachaint conas a d’imreodh glacadh le hobair pháirtaimseartha tionchar ar an méid a gheofá. Déanann an Meastóir an méid iomlán amach a gheofá dá nglacfá le hobair pháirtaimseartha (aon Íocaíocht Teaghlaigh Oibre san áireamh atá iníoctha leis an teaghlach) agus cuirtear é seo i gcomparáid leis an méid atá a fháil agat ó íocaíochtaí cuardaitheora poist (Forlíonadh Cíosa san áireamh).

Tástáil acmhainne

Is measúnú é tástáil acmhainne ar d’ioncam teaghlaigh, airgead taisce, scaireanna, infheistíochtaí nó réadmhaoin atá agat seachas d’áit chónaithe féin. Cuirfear aon ioncam atá ag do chéile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir san áireamh sa tástáil acmhainne.

Má fhaigheann do chéile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir Sochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa, caitear le ráta Shochair Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa mar acmhainn ó íocaíocht Leasa Shóisialaigh eile. Gheobhaidh tú an ráta pearsanta iomlán a bhaineann leis an scéim, agus íocaíochtaí tacaíochta linbh ar leathráta do gach leanbh cáilithe, tá leath den ráta do Shochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa inmheasúnaithe, chomh maith le gach acmhainn eile atá agat.

Déanfar athbhreithniú ar d’éileamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist gach 13 seachtain de réir athruithe ráta do Shochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa.

Suimíonn an Roinn d’ioncam ó gach foinse, agus, uaidh sin, ríomhann sí an acmhainn atá agat gach seachtain. Úsáidtear d’acmhainn chun an méid a d’fheadfá a fháil a dhéanamh amach.

Níl aon chothabháil leanaí a fhaigheann tú, nó do chéile, páirtnéir nó comhchónaitheoir san áireamh sa tástáil acmhainne a thuilleadh. Mar sin féin, má tá tú féin nó do chéile, do pháirtnéir nó do chomhchónaitheoir ag fáil cothabhála nach cothabháil leanaí í, leanfar de bheith faoi réir tástála acmhainne.

Neamhaird Cíosa

Baineann neamhaird reachtúil cíosa suas le €269.23 in aghaidh na seachtaine (€14,000 in aghaidh na bliana) maidir le hioncam cíosa ó sheomra(í) i do theach a ligean ar cíos le duine nach fostaí nó ball neasteaghlaigh é/í. Féach Treoirlínte Oibriúcháin um Tástáil Acmhainne le haghaidh tuilleadh sonraí.

Baineann feidhm leis an neamhaird cíosa nua de €269.23 in aghaidh na seachtaine (€14,000 in aghaidh na bliana) freisin nuair a íoctar méadú do dhuine fásta cáilithe. Féach Treoirlínte Oibriúcháin um Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe le haghaidh tuilleadh sonraí.


Rátaí íocaíochta

Braithfidh do ráta íocaíochta ar d’ioncam agus ar thoradh ar an measúnú acmhainne. Mura bhfuil aon acmhainn agat, má tá tú 25 bliain d’aois nó níos sine, agus má tá tú singil, gheobhaidh tú an íocaíocht sheachtainiúil iomlán €244.

Tá Íocaíocht Tacaíochta Leanaí ag lánráta iníoctha de ghnáth, i leith gach linbh cháilithe a chónaíonn leat de ghnáth.

Is iad seo a leanas na rátaí reatha.

Rátaí Liúntais Cuardaitheora Poist Ráta
Íocaíocht sheachtainiúil iomlán (25 nó níos sine) €244.00
Ráta Pearsanta 18 go 24 €153.70
Íocaíocht bhreise do dhuine fásta cáilithe €162.00
Íocaíocht bhreise do dhuine fásta cáilithe (18 go 24) €153.70
Íocaíocht bhreise do leanbh cáilithe faoi 12 €50.00 (ráta iomlán), €25.00 (leathráta)
Íocaíocht bhreise leanbh cáilithe 12 agus os a chionn €62.00 (ráta iomlán), €31.00 (leathráta)

Cuardaitheoirí Poist idir 18 agus 24 bliain d’aois agus Liúntas Cuardaitheora Poist ar ráta iomlán.

Má tá tú idir 18 agus 24 bliain d’aois tá tú incháilithe don ráta pearsanta iomlán de €244 do Liúntas Cuardaitheora Poist má chomhlíonann tú aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

  • Tá leanbh cáilithe agat
  • Tá tú ag aistriú díreach chuig Liúntas Cuardaitheora Poist ó Liúntas Míchumais
  • Tá tú ag glacadh páirte i gcúrsa oiliúna nó oideachas ceadaithe - Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEA)
  • Má bhí tú faoi chúram FSS, ná Gníomhaireachta um Leanaí agus Teaghlach (TUSLA) le linn na 12 mhí sular shroich tú 18 bliain d’aois
  • Má tá tú i do chónaí go neamhspleách agus má fhaigheann tú Forlíonadh Cíosa, Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT), an Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC), Tithíocht Údaráis Áitiúil agus tithíocht arna soláthar ag Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta Áirithe.

Beidh an méid a gheobhaidh tú níos lú má tá measúnú acmhainne déanta agat.

Más cuardaitheoir poist tú agus tú faoi 25 agus má tá cúrsa oideachais, oiliúna, Fostaíocht Pobail, ]Scéim Shóisialta na TuaitheTÚS, déanta agat fillfidh tú ar ais ar an ráta cuí Liúntais Cuardaitheora Poist a bhaineann le haois, má bhí ráta den sórt sin a fháil agat roimhe seo.

Modh íocaíochta

Íoctar Liúntas Cuardaitheora Poist gach seachtain i riaráiste. Íoctar gach íocaíocht cuardaitheora poist go seachtainiúil lena n-oifig phoist áitiúil ach amháin má tá tú ag obair go páirtaimseartha nó ar gearr-am nó má tá tú os cionn 62 bliain d’aois.

Má oibríonn tú go páirtaimseartha/ar bhonn ócáideach, déanfar d’íocaíocht le hinstitiúid airgeadais nó le seic ar chúiseanna riaracháin.

Má thosaíonn tú ar obair pháirtaimseartha/shealadach

Caithfidh d’fhostóir an fhoirm UP80 a líonadh thíos. Is féidir an fhoirm seo a íoslódáil agus a chomhlánú. Nuair a líonann d’fhostóir an fhoirm, caithfidh tú é a sheoladh chuig d’Ionad Intreo áitiúil

Dearbhú Fostóra maidir le Fostaíocht Ócáideach/ Pháirtaimseartha/Ghearrthéarmach (UP80)
Lúnasa 2021 - UP80
Amharc amharc

Is féidir leat na laethanta a mbíonn agus nach mbíonn tú ar do shaothrú a dhearbhú anois ar líne ar www.MyWelfare.ie Ciallaíonn sé seo nach mbeidh ort duillíní páipéir a chur isteach gach seachtain chuig d’Ionad Intreo/d’Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.

Féach ar ár dtreoirleabhar maidir le deimhniúchán ar líne d’obair pháirtaimseartha/shealadach/ghearr-ama chun a thuilleadh eolais a fháil.

Obair dheonach

An Rogha Oibre Deonaí Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat agus is mian leat obair dheonach a dhéanamh, is féidir leat an t-eolas ar fad a aimsiú anseo


Liúntas Cuardaitheora Poist agus Ealaíontóirí Gairmiúla

Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat agus is ealaíontóir gairmiúil thú, is féidir Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil fós má chomhlíonann tú na coinníollacha don íocaíocht. Tá tú díolmhaithe ó pháirt a ghlacadh i gclár gníomhachtúcháin na roinne ar feadh bliain amháin. Is féidir leat teacht ar thuilleadh eolais ar Liúntas Cuardaitheora Poist agus Ealaíontóirí Gairmiúla anseo.

Cúnamh Éisc

Féadfaidh iascaire féinfhostaithe nó bean ar ioncam íseal cáiliú do Chúnamh Éisc.

Ní scéim ar leith é Cúnamh Éisc. Tagann sé faoi bhráid Liúntas Cuardaitheora Poist.

Chun cáiliú do Liúntas Cuardaitheora Poist, nó mór duit na coinníollacha cáilithe, lena n-airítear a bheith ar fáil d’obair lánaimseartha agus a bheith ag lorg oibre i ndáiríre, a shásamh.

Téigh i dteagmháil le Aimsigh d’Ionad Intreo áitiúil chun níos mó eolais a fháil.

Cuardaitheoirí Poist atá os cionn 62 bliain d’aois

Más níos sine ná 62 bliain d’aois thú agus íocaíocht cuardaitheora á fáil agat, ní gá duit:

Neamhláithreacht ón Stát lena n-áirítear laethanta saoire, sochraidí thar lear, agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse áitiúil chun do theidlíochtaí a sheiceáil sula bpleanálann tú saoire nó sula dtéann tú ar saoire. Tá sonraí iomlána maidir le teidlíochtaí saoire ar fáil anseo. Tá tú i dteideal a bheith as láthair ón Stáit lena n-áirítear laethanta saoire, sochraidí ar feadh coicíse i ngach bliain féilire agus an íocaíocht coicíse a fháil nuair a thagann tú ar ais, 12 lá gan an Domhnach san áireamh. Ní mór duit muid a chur ar an eolas sula bhfágfaidh tú an Stát.

Ag obair agus tú ar scor

Is féidir leat leanúint ag obair tar éis 66 bliain d’aois a bhaint amach agus Pinsean Stáit a fháil má shásaíonn tú na coinníollacha cáilithe go léir chun pinsean a fháil.

Féach Pinsean Stáit (Ranníocach) agus Pinsean Stáit (Neamhranníocach) le haghaidh tuilleadh eolais maidir le conas cáiliú do na híocaíochtaí sin.

Más fostaí thú a íocann ranníocaíocht árachais shóisialta Aicme A, iarr ar d’fhostóir é sin a athrú go hAicme J nuair a shroicheann tú 66. Inseoidh do dhuillín pá duit cén aicme de ranníocaíocht ÁSPC a íocann tú.

Má tá tú féinfhostaithe agus ag íoc ranníocaíocht árachais shóisialta Aicme S, ba cheart duit ÁSPC a íoc ag Aicme M tar éis duit 66 a bhaint amach.anseo


Cuir iarratas isteach

Déan iarratas ar líne

Má tá cuntas MyGovID fíoraithe agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar MyWelfare.ie.

Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne

Is féidir leat iarratas a chur isteach ar Liúntas Cuardaitheora Poist, trí fhoirm iarratais ar pháipéar a chomhlánú (UP1).

Más mian leat go seolfar foirm iarratais chugat sa phost, seol ríomhphost chuig Jobseekersforms@welfare.ie agus cuir d’ainm, do sheoladh agus ainm na foirme san áireamh.

Chomh maith leis sin, is féidir leat iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist a dhéanamh trí chuairt a thabhairt ar d’Ionad Intreo nó d’Oifig Brainse áitiúil.

Tabhair leat an méid seo a leanas, le do thoil:

  • * cáipéis aitheantais – do chárta seirbhísí poiblí, pas nó ceadúnas tiomána
  • cruthúnas ar do sheoladh – bille fóntais nó litir ó roinn rialtais
  • fianaise maidir le d’ioncam, ráitis bhainc san áireamh

Seicliosta cáipéisíochta nuair atá iarratas á dhéanamh agat ar Liúntas Cuardaitheora Poist

Má tá athéileamh á dhéanamh agat (rinne tú d’éileamh deireanach laistigh den tréimhse 12 mhí anuas), ba cheart duit foirm athéilimh UP6 a chomhlánú

Application Form: Repeat Claim for Jobseeker's (UP6)
Edition: August 2023
Amharc amharc

Tabhair an cháipéisíocht go léir go dtí d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh nuair a théann tú ann chun d’éileamh a dhéanamh. Is féidir leat iarratas a dhéanamh fiú mura bhfuil na cáipéisí ar fad agat ach ní féidir leat cinneadh a fháil ar d’iarratas go dtí go bhfuil na cáipéisí ar fad curtha ar fáil agat.


Achomhairc

Is féidir leat cinneadh a achomharc mura bhfuil tú sásta leis. Ba chóir duit achomharc a dhéanamh laistigh de 21 lá ón dáta ar a rinneadh an cinneadh agus is féidir leat éisteacht ó bhéal a éileamh.

Is é an bealach is éasca agus is tapúla le hiarratas a dhéanamh ná ar líne ag MyWelfare. Níl ach cuntas MyGovID fíoraithe MyGovID ag teastáil uait. Is féidir leat cuntas MyGovID fíoraithe a fháil má tá Cárta Seirbhísí Poiblí, uimhir fóin póca fhíoraithe agus seoladh ríomhphoist agat.

Déanfaidh oifigeach achomhairc cinneadh maidir le do chás. Is é seo an cinneadh deiridh. Is féidir cinneadh a dhéanamh ar roinnt cásanna gan feidhm a bhaint as éisteacht ó bhéal.

Má thagann eolas nua chun solais nó má thagann athrú ar do chúinsí pearsanta, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist arís.

Is féidir teacht ar bhreis eolais faoi conas achomharc a dhéanamh anseo:

Conas achomharc a dhéanamh in aghaidh chinnidh faoi d’éileamh leasa shóisialaigh.


Treoirlínte Oibríochtúla