Liúntas Forlíontach Leasa
- Foilsithe: 9 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2025
- A bhfuil i gceist leis an Liúntas Forlíontach Leasa bunúsach
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíóchta
- Déan Iarratas
- Treoirlínte Oibriúcháin
A bhfuil i gceist leis an Liúntas Forlíontach Leasa bunúsach
Is éard atá sa Liúntas Forlíontach Leasa bunúsach ná liúntas seachtainiúil a íoctar le daoine nach bhfuil a ndóthain ioncaim acu chun a gcuid riachtanas féin agus riachtanais a dteaghlach a riar.
Conas cáiliú
Mura bhfuil aon ioncam agat, d’fhéadfadh go mbeifeá i dteideal an Liúntas Forlíontach Leasa (LFL) bunúsach a fháil. Má tá d’ioncam seachtainiúil níos lú ná ráta an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh do mhéid do theaghlaigh, d’fhéadfaí íocaíocht a dhéanamh le go mbeadh d’ioncam chomh hard le ráta cuí an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh.
Má tá sochar leasa shóisialaigh nó pinsean éilithe agat ach nach bhfuil sé íoctha fós agus mura bhfuil aon ioncam eile agat, d’fhéadfá a bheith incháilithe don Liúntas Forlíontach Leasa bunúsach is tú ag feitheamh le d’íocaíocht. Bainfear an méid a íocfar agus tú ag feitheamh ó riaráistí d’íocaíocht leasa shóisialaigh, áfach.
Má tá tú tosaithe ag obair, d’fhéadfadh go gcáileodh tú don Liúntas Forlíontach Leasa bunúsach ar feadh suas le 30 lá is tú ag feitheamh le do phá.
Is gnách go gcáileoidh tú don Liúntas Forlíontach Leasa má chomhlíonann tú na coinníollacha seo a leanas:
- tá cónaí ort sa Stát
- sásaíonn tú an tástáil mhaoine don LFL
- má tá iarratas déanta agat ar aon sochar nó liúntas eile d’fhéadfadh go mbeifeá i dteideal
- má tá tú cláraithe le haghaidh oibre le d’Ionad Intreo áitiúil má tá tú d’aois oibre
- má shásaíonn tú an coinníoll gnáthchónaithe
- Féadann oibrithe imirceacha AE/LEE nó na hEilvéise a bhí ag obair in Éirinn rochtain a fháil ar an LFL bunúsach agus ar fhorlíontaí gan measúnú gnáthchónaithe a bheith déanta acu, ar coinníoll go bhfuil sé de cheart acu a bheith ina gcónaí in Éirinn. Maidir le daoine as an AE/LEE nó as an Eilvéis a bhogann go hÉirinn chun fostaíocht a lorg, áfach, bíonn siad faoi réir na tástála gnáthchónaithe ar an ngnáthbhealach agus iad ag cuardach oibre.
Is gnách nach gcáileoidh tú don Liúntas Forlíontach Leasa bunúsach más amhlaidh:
- go bhfuil tú i mbun oibre lánaimseartha, is é sin ná go mbíonn tú ag obair ar feadh 30 uair an chloig sa tseachtain nó níos mó*
- go bhfuil tú i mbun oideachais lánaimseartha
- go bhfuil tú bainteach le díospóid trádála. Féadfaidh tú an Liúntas Forlíontach Leasa a éileamh le haghaidh do chuid cleithiúnaithe, áfach
*Níl feidhm ag an gcoinníoll seo maidir le do chéile, do pháirtnéir sibhialta ná do chomhchónaitheoir. Ach glacfar san áireamh aon ioncam ó obair atá acu sa tástáil acmhainne.
Rátaí íocaíóchta
Tá an Liúntas Forlíontach Leasa bunúsach déanta suas de ráta pearsanta le haghaidh an iarratasóra agus de mhéideanna breise le haghaidh aon chleithiúnaí aosaigh nó cleithiúnaí (cleithiúnaithe) linbh. Is éard atá i gceist le cleithiúnaí linbh ná duine faoi 18 mbliana d’aois a bhfuil cónaí orthu leat agus atá ag brath ort le haghaidh tacaíochta. Má tá LFL á fháil agat ar feadh 26 seachtain ar a laghad, is é an teorainn aoise atá i gceist ná 22 le haghaidh cleithiúnaí linbh atá i mbun oideachais lánaimseartha nó suas le deireadh na bliana acadúla tar éis go slánaíonn siad 22 bliain d’aois.
Rátaí don Liúntas Forlíontach Leasa ó mhí Eanáir 2025
| Aois | Uasráta pearsanta | Méadú do dhuine fásta cáilithe | Íocaíocht Tacaíochta Linbh (ar a dtugtaí ‘Méadú do Leanbh Cáilithe’ roimhe seo) | |
| 25 bliana d’aois agus os a chionn | €242.00 | €162.00 | Faoi bhun 12 bhliain d’aois €50.00, 12 bhliain d’aois agus os a chionn €62.00 | |
| 18-24 de bhlianta d’aois | €153.70 | €153.70 | níl bainteach |
Níl feidhm ag rátaí laghdaithe don Liúntas Forlíontach Leasa má tá tú faoi 25 bliain d’aois agus más amhlaidh:
- go bhfuil tú i do chónaí go neamhspleách agus má tá tacaíocht tithíochta stáit á fáil agat amhail an Forlíonadh Cíosa, an Scéim Chóiríochta ar Cíos (SCC) nó an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT)
- má tá leanaí cleithiúnacha agat
- má bhí tú faoi chúram na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla) ar feadh tréimhse ar bith le linn an 12 mhí sular shlánaigh tú 18 mbliana d’aois.
Déan Iarratas
Is féidir leat iarratas a dhéanamh trí mheán Seirbhísí Leasa Pobail. Foghlaim conas rochtain a fháil ar Sheirbhísí Leasa Pobail anseo
Tá foirm iarratais ar fáil le híoslódáil anseo nó ó d’Ionad Intreo áitiúil nó ón Oifig Bhrainse Intreo i do cheantar féin .
Chun cabhrú leat le d’éileamh a phróiseáil, ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas agat:
- Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) duit féin, le haghaidh do chéile, do pháirtnéara shibhialta nó do chomhchónaitheora agus do chuid leanaí
- cruthúnas ar sheoladh
- cruthúnas ar chónaitheacht (i gcás gurb ábhartha sin)
- cruthúnas aitheantais Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) (má tá a leithéid agat), pas, ceadúnas tiomána, cead oibre, cead cónaithe Éireannach
- doiciméid chun do staid ioncaim agus airgeadais a léiriú, amhail duillíní agus ráitis bhainc
Tá eolas faoi íocaíochtaí eile faoin Scéim Liúntas Forlíontach Leasa ar fáil anseo.
Treoirlínte Oibriúcháin
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.