An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Liúntas Tacaíochta Teileafóin
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Cad is Liúntas Tacaíochta Teileafóin ann
Is íocaíocht sheachtainiúil é an Liúntas Tacaíochta Teileafóin le haghaidh daoine atá ina gcónaí leo féin agus a bhfuil íocaíochtaí eile coimirce sóisialta faoi leith á bhfáil acu. Cuirtear cabhair ar fáil dá bharr maidir le costas a bhaineann le cumarsáid agus réitigh slándála tí.
Íoctar é ar ráta aonair €2.50 sa tseachtain.
Conas cáiliú
Íoctar an liúntas go huathoibríoch le daoine a bhfuil ceann amháin do na híocaíochtaí incháilithe seo atá luaite thíos á fháil acu, chomh maith leis an Liúntas Maireachtála Aonair agus Liúntas Breosla araon.
Níl aon fhoirm iarratais ann dó sin.
- Pinsean Stáit (Ranníocach) agus
- Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
- Pinsean (Ranníocach) an Pháirtnéara faoi Mhéala
- Pinsean Easláine
- Liúntas Míchumais
- Pinsean na nDall
- Forlíonadh Éagumais
- Sochar Banchéile Thréigthe
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde
Ráta íocaíochta
Cuirtear €2.50 sa bhreis ar fáil in aghaidh na seachtaine agus an Liúntas Tacaíochta Teileafóin á fháil agat, chomh maith le do phríomhíocaíocht, Liúntas Maireachtála Aonair agus Liúntas Breosla.
Is fiú €130 in aghaidh na bliana é.
Conas iarratas a dhéanamh
Má chreideann tú go bhfuil teidlíocht agat ar an Liúntas Tacaíochta Teileafóin ach nach bhfuil sé á fháil agat tar éis 4 Meitheamh 2018, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le ceann amháin de na hoifigí seo a leanas, ag brath ar an gcineál íocaíochta atá á fáil agat.
An Longfort
Liúntas Míchumais / Pinsean Easláine / Pinsean Míthreorach (Forlíonadh Éagumais) / Pinsean Ranníocach Páirtnéara faoi Mhéala faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde:
Guthán: (043) 334 0000
Sligeach
Pinsean Stáit (Ranníocach/Neamhranníocach) / Pinsean Ranníocach Páirtnéara faoi Mhéala / Pinsean na nDall / Sochar Banchéile Thréigthe:
Guthán: (071) 915 7100