Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas
- Foilsithe: 21 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 10 Deireadh Fómhair 2025
- Cad is Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas ann
- Conas cáiliú
- Springboard+ agus Cúrsaí Tionscnaimh Caipitil Daonna
- Ráta íocaíochta
- Conas iarratas a dhéanamh
- Treoirlínte Oibríochtúla
Cad is Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas ann
Cuirtear leis an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas tacaíocht ar fáil do chuardaitheoirí post agus do dhaoine eile a fhaigheann íocaíochtaí cáilitheacha a dhéanann cúrsaí oideachais ar Ardleibhéal nó cúrsaí Breisoideachais go lánaimseartha. Is é an aidhm atá leis an scéim cabhrú le daoine chun a gcuid cáilíochtaí a fheabhsú agus a rochtain ar fhostaíocht inbhuanaithe a fheabhsú mar thoradh air sin.
Leis an rogha Breisoideachais tacaítear le cúrsaí staidéir suas go dtí cáiliúchán leibhéal 6 DCCÉ agus an leibhéal sin san áireamh. Is féidir go n-áirítear leis sin an Teastas Sóisearach, an Ardteistiméireacht, Cúrsaí Iar-ardteistiméireachta, cúrsaí a chuireann Boird Oideachais agus Oiliúna agus Coláistí Breisoideachais ar fáil, agus bunchúrsaí/cúrsaí rochtana le haghaidh Ardoideachais.
Leis an rogha Ardoideachais, tacaítear le cúrsaí staidéir suas go dtí Céim Onórach (leibhéal 8) DCCÉ agus an leibhéal sin san áireamh, agus is féidir go n-áirítear leis staidéar iarchéime i gcásanna áirithe.
Is féidir leis an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas tacú le mic léinn atá ag déanamh Springboard+ agus cúrsaí Tionscnaimh Caipitil Daonna le rialacha athraithe.
Conas cáiliú
Chun cáiliú le haghaidh Liúntais um Fhilleadh ar Oideachas ní mór duit:
- Riachtanais aoise a chomhlíonadh.
Ní mór do chustaiméirí a fhaigheann íocaíochtaí Cuardaitheora Poist a bheith níos sine ná 21 bliain d’aois, nó má tá siad 18 mbliana – 20 bliain d’aois, ní mór nach raibh siad san oideachas foirmiúil le dhá bhliain anuas.
Ní mór do chustaiméirí a fhaigheann íocaíochtaí cáilitheacha eile a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine.
Le haghaidh cúrsaí ar leibhéal iarchéime, is í 24 bliain an aois cháilitheach.
- A bheith ag fáil íocaíocht cháilitheach faoi láthair.
- A bheith ag fáil íocaíocht cháilitheach ar feadh tréimhse ar leith.
3 mhí le haghaidh cúrsaí breisoideachais,
9 mí le haghaidh cúrsaí ardoideachais agus
12 mhí le haghaidh cúrsaí iarchéime
- A bheith ag déanamh cúrsa staidéir lánaimseartha a mbeidh cáilíocht aitheanta i gcoláiste aitheanta mar thoradh air
- A bheith ag cur tús le céad bhliain an chúrsa
- A bheith ag déanamh dul chun cinn ó thaobh leibhéal oideachais de, (le heisceachtaí áirithe)
Is iad na híocaíochtaí cáilitheacha ná:
- Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist
- Sochar Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe
- Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist
- Cúnamh Feirme
- Íocaíocht Aontuismitheora
- Sochar nó Liúntas Banchéile Thréigthe
- Pinsean (Ranníocach) an Pháirtnéara faoi Mhéala
- Pinsean (Neamhranníocach) Páirtnéara faoi Mhéala
- Liúntas Cúramóra
- Pinsean na nDall
- Liúntas Míchumais
- Pinsean Easláine
- Forlíonadh Éagumais (bunaithe ar Phinsean Míchumais ar feadh an tSaoil)
- Sochar Breoiteachta
Ní gá duit a bheith ag fáil d’íocaíochta cáilithí ar bhonn leanúnach. Is féidir le híocaíochtaí a fuarthas cheana féin laistigh de thréimhse 12 mhí a bheith nasctha, ach ní mór duit a bheith ag fáil ceann de na híocaíochtaí lastuas go díreach roimh thús a chur leis an gcúrsa.
Féadfar go gcuirfear am caite ar réimse scéimeanna oideachais, oiliúna, socrúcháin oibre agus gníomhachtaithe eile san áireamh chun an tréimhse cháilitheach a chomhlíonadh.
Is féidir le daoine ar bronnadh iomarcaíocht reachtúil orthu atá i dteideal íocaíocht coimirce sóisialaí an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas a fháil gan tréimhse cháilitheach .
Springboard+ agus Cúrsaí Tionscnaimh Caipitil Daonna
Is tionscnaimh Rialtais iad Springboard+ agus an Tionscnamh Caipitil Daonna Colún 1 lena gcuirtear cúrsaí ar fáil i réimsí a bhfuil deiseanna fostaíochta iontu. (Tuilleadh faisnéise ar springboardcourses.ie)
Déantar iarratais ó éilitheoirí ar cuardaitheoirí post iad ar mian leo cúrsaí Springboard+ lánaimseartha a dhéanamh a mheas faoi leagan saincheaptha den scéim Liúntais um Fhilleadh ar Oideachas le roinnt athruithe ar chritéir cháilitheachta. Áirítear sna hathruithe siúd cásanna nuair nach bhfuil aon riachtanas aoise, gurb í 9 mí an tréimhse cháilitheach, agus go bhféadfaidh an cúrsa a bheith ar chomhleibhéal leis an gceann atá ag an duine i gceist cheana féin nó ar leibhéal níos airde.
Ní mór do chustaiméirí teagmháil a dhéanamh lena gComhairleoir Fostaíochta Pearsanta chun iarratas a chomhlánú roimh thús a chur leis an gcúrsa.
Tá tuilleadh faisnéise maidir leis na coinníollacha a bhaineann le Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas a éileamh agus Springboard+ /cúrsaí TCD (Tionscnaimh Caipitil Dhaonna) á ndéanamh ar fáil ag: Treoirlínte Oibríochtúla: Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas
Foirmeacha Iarratais Springboard
Foirmeacha Iarratais Lánaimseartha Springboard
Foirm Iarratais Pháirtaimseartha Springboard
Ráta íocaíochta
Is ionann iad ráta na híocaíochta agus an méid a fuair tú don íocaíocht cháilitheach a bhí tú a fháil sula bhfuair tú an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas.
Má tá leanbh agat atá ina chleithiúnaí, is féidir leat Liúntas um Chostas Oideachais bliantúil de €500 a fháil.
Conas iarratas a dhéanamh
Is ceart iarratais ar Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas a dhéanamh roimh thús an chúrsa, go hidéalach a luaithe atá cúrsa staidéir roghnaithe/iarratas ar chúrsa staidéir déanta agat. Mar sin, cuirtear am ar fáil chun d’incháilitheacht agus oiriúnacht an chúrsa bheartaithe don scéim a chinneadh roimh thús an chúrsa.
Féadfar iarratais a fháil suas go dtí 30 lá an fhéilire ar a dhéanaí roimh thús an chúrsa staidéir.
Má tá ceann amháin de na híocaíochtaí seo a leanas á fáil agat:
- Íocaíocht Chuardaitheora Poist
- Cúnamh Feirme
- Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora
Seol d’fhoirm iarratais chuig d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil
Má tá Sochar Breoiteachta á fháil agat, déan teagmháil le:
Illness Benefit Section
- Seoladh:
- Illness Benefit Section, Social Welfare Services, PO Box 1650, Dublin 1
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 928400;
01 7043300
Má tá ceann amháin de na híocaíochtaí seo a leanas á fáil agat, déan teagmháil:
- Pinsean na nDall
- Íocaíocht Bhanchéile Thréigthe
- Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
Social Welfare Services (Sligo)
- Seoladh:
- Department of Social Protection, College Road, Co Sligo
- Teileafón:
-
071 9157100;
0818 200400
Má tá ceann amháin de na híocaíochtaí seo a leanas á fáil agat, déan teagmháil:
- Liúntas Míchumais
- Pinsean Easláine
- Forlíonadh Éagumais
- Liúntas Cúramóra
Social Welfare Services Office (Longford)
- Seoladh:
- Department of Social Protection, Government Buildings, Ballinalee Road, Co Longford, N39 E4E0
- Teileafón:
-
(043) 334 0000
Treoirlínte Oibríochtúla
Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.