English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Méadú do Mhaireachtáil Aonair



Cad is Méadú Maireachtála Aonair ann?

Is íocaíocht bhreise do dhaoine a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus a chónaíonn ina n-aonar é an Méadú Maireachtála Aonair.


Conas cáiliú chun é a fháil

Má tá tú 66 bliana d’aois nó os a chionn agus i do chónaí i d'aonar, tá tú cáilithe é a fháil má fhaigheann tú ceann amháin de na híocaíochtaí seo a leanas:

Beidh tú cáilithe freisin má tá tú faoi 66 bliain d’aois, ag cónaí i d’aonair agus ag fáil:

Maireachtáil Aonair

Chun an méadú a fháil i d’íocaíocht, ní mór a bheith i do chónaí i d’aonar ar fad. Mar sin féin, tá eisceachtaí áirithe ann:

  • má tá tú i do chónaí i síneadh a cuireadh le teach duine muinteartha, mar shampla, in árasán muintire, is féidir cáiliú chun an méadú a fháil más féidir leat a léiriú go bhfuil d’áiseanna cócaireachta féin agat agus go n-itheann tú do bhéilí i d'aonar. Ní mór do chóiríocht suí/bia agus codlata féin a bheith agat.
  • is féidir cáiliú mar dhuine atá ag maireachtáil i d’aonar má tá tú sean nó easláin agus go bhfanann cara nó gaol leat thar oíche amháin ar chúiseanna slándála. Is riachtanach nach n-íocann an cara/gaol seo airgead leis an teaghlach.
  • is féidir cáiliú freisin mar dhuine atá ag maireachtáil i d’aonar má chónaíonn tú i d’aonar i rith an lae agus go bhfanann tú le gaolta/cairde san oíche nó má chónaíonn tú i d’aonar i rith na seachtaine agus go dtagann gaol chun fanacht leat ag an deireadh seachtaine (ní chuirtear isteach ar an gcoinníoll maireachtála aonair fad is atá seoladh baile buan eile ag an ngaol)
  • féadfaidh tú cáiliú freisin má chónaíonn tú i d’aonar ach go bhfanann aíonna a íocann as an lóistín leat anois is arís (mar shampla, le linn féile áitiúla). Má tá gnó leaba agus bricfeasta agat, áfach (fiú amháin le haghaidh chuid den bhliain), ní cháileoidh tú.
  • seans go gcáileoidh daoine a chónaíonn i scáthchóiríocht má mheastar gur daoine atá ina gcónaí go neamhspleách laistigh den institiúid iad. Cuireann an roinn list of hostels and homes where a living alone increase is payable. Ní bheidh tú cáilithe má roinneann tú suanlios le daoine eile, nó má bhíonn maoirsiú nó cúram altranais lá agus oíche agat.
  • ní bheidh daoine a chónaíonn i dtithe altranais cáilithe ós rud é nach féidir féachaint orthu mar dhaoine a chónaíonn astu féin go hiomlán ná den chuid is mó.

Ráta íocaíochta

Is é an ráta íocaíochta €22.00 in aghaidh na seachtaine.


Conas iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm iarratais um Méadú Maireachtála Aonair thíos.

Foirm Iarratais: Mhéadú Maireachtála Aonair (LA1)
Eagrán: Meán Fómhair 2021
Amharc amharc

Seol an fhoirm chomhlánaithe chuig an rannóg iomchuí sa roinn a íocann an pinsean/sochar príomha duit.


Treoirlínte Oibríochta

Déanann na treoirlínte oibríochta cur síos ar na próisis agus nósanna imeachta arna leanúint ag foireann na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.