Scéim Cúram Leanaí Iarscoile
- Foilsithe: 15 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Feabhra 2023
- An méid atá i gceist leis an Scéim Cúram Leanaí Iarscoile
- Conas cáiliú
- Ráta íocaíochta
- Iarratas a dhéanamh
An méid atá i gceist leis an Scéim Cúram Leanaí Iarscoile
Cuireann an Scéim Cúram Leanaí Iarscoile tacaíochtaí ar fáil do dhaoine a bhfuil ísealioncam acu agus atá dífhostaithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- glacadh le post
- na huaireanta a mhéadú a oibríonn siad
- áit a ghlacadh ar chlár fostaíochta na roinne
Má ghlactar leat don Scéim Cúram Leanaí Iarscoile, is féidir leat cúram leanaí iarscoile a fháil ar feadh a mhéid le 5 lá sa tseachtain ar ráta laethúil €3 in aghaidh an linbh (€15 sa tseachtain in aghaidh an linbh). Tá roghanna bailithe ar fáil, chomh maith.
Déantar soláthar sa scéim, chomh maith, do chúram leanaí lae iomláin i rith saoirí scoile ar chostas breise ar bith ar an tuismitheoir. Chun cúram leanaí a fháil saoirí scoile, áfach, caithfidh go bhfuil gá leanúnach agat le cúram leanaí iarscoile i rith na scoilbhliana.
Conas cáiliú
B’fhéidir go mbeidh tú incháilithe don scéim sna cásanna seo a leanas:
- tá leanbh amháin nó níos mó agat idir 4 agus 13 bliana d’aois
- caithfidh go raibh ceann de na híocaíochtaí seo a leanas á bhfáil agat ar feadh breis agus trí mhí:
- Liúntas Cuardaitheora Poist
- Sochar Cuardaitheora Poist
- Íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist
- Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora
- tá tú ag tabhairt faoi chlár tacaíochta fostaíochta
- tá Íocaíocht Teaghlaigh Oibre á fáil agat d’aon fhad ama agus tagann méadú ar d’uaireanta oibre
- tá síniú á dhéanamh agat do Chreidmheasanna Cuardaitheora Poist amháin.
Níl daoine féinfhostaithe a bhfuil Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil acu incháilithe don scéim cúram leanaí iarscoile.
cuirtear áiteanna ar an scéim ar fáil ar bhonn 'tús freastail ar an duine is túisce'. Ní féidir áit chúram leanaí a chinntiú duit díreach mar gheall go gcáilíonn tú dó.
Ráta íocaíochta
Má mheastar go bhfuil tú incháilithe don scéim, is féidir leat cúram leanaí a fháil ar €3 sa lá in aghaidh an linbh (€15 sa tseachtain).
Mar sin, má tá beirt leanaí agat idir 4 agus 13 bliana d’aois, d’íocfá €30 sa tseachtain.
Iarratas a dhéanamh
Dúnadh an Scéim Cúraim Leanaí Iarscoile go buan d’iarratasóirí nua **an 14 Feabhra 2020.
Tháinig an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (an SNCL) ina hionad