Scéim na nOibrithe Forbartha Deonacha
- Foilsithe: 8 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 24 Eanáir 2023
An méid atá i gceist le Scéim na nOibrithe Forbartha Deonacha
Rangaítear duine mar Oibrí Forbartha Deonach (OFD) má tá siad ag oibriú go sealadach lasmuigh d’Éirinn i dtír i mbéal forbartha agus gur socraíodh a n-obair trí Irish Aid.
Ní gá d’Oibrithe Forbartha Deonacha a théann thar lear ag oibriú i dtíortha i mbéal forbartha ranníocaíochtaí Árachais Shóisialaigh a íoc fad a bhíonn siad thar lear.
Bronntar ranníocaíochtaí curtha chun sochair orthu don fhad a bhíonn siad thar lear, a fhaide le fad comhiomlán 5 bliana. Chun teacht ar eolas breise, cliceáil here.
Conas cáiliú
Chun cáiliú i d’Oibrí Forbartha Deonach, caithfidh tú na coinníollacha seo a leanas a shásamh:
- bheith fostaithe faoi choinníollacha pá atá cosúil le coinníollacha áitiúla sa tír i mbéal forbartha
- bheith níos sine ná 16 bliana d’aois
- bheith i do chónaí in Éirinn sular imigh tú
Ba cheart an obair a shocrú trí:
- gníomhaireacht neamhrialtais in Éirinn, nó
- gníomhaireacht rialtais nó neamhrialtais in aon bhallstát den Aontas Eorpach (seachas Éire), nó
- rialtas na tíre i mbéal forbartha
Deimhníonn Comhlámh, on behalf of Irish Aid, dintiúir na Gníomhaireachta Seolta agus deimhníonn siad go bhfuil OFD ag oibriú thar lear faoi “Téarmaí Oibrí Dheonaigh”.
I ndiaidh an phróisis bhailíochtaithe sin, déanann Comhlámh teagmháil leis an Rannóg um Bailiú Speisialta agus tugtar tréimhse an tsannacháin faoi deara.
Nóta: Ní cháilítear baill d’oird rialta a mbaineann dualgais thréadacha lena n-obair don scéim seo.
Iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, líon an fhoirm thíos:
Seol an fhoirm líonta chuig:
PRSI Special Collection Section
- Seoladh:
- PRSI Special Collection Section, Social Welfare Services Office, Cork Road, Waterford, Co. Waterford, X91 EH04.
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 690690;
01 4715898