Sochar Cúramóra
- Foilsithe: 25 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 16 Deireadh Fómhair 2025
- Céard é an Sochar Cúramóra
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Saoire Cúramóra
- Iarratas a Dhéanamh
- Treoirlínte Oibríochta
Céard é an Sochar Cúramóra
Is íocaíocht é an Sochar Cúramóra atá ar fáil do dhaoine atá faoi árachas a bhféadfadh go mbeadh orthu an obair a fhágáil nó a gcuid uaireanta a laghdú chun aire a thabhairt do dhuine nó do dhaoine a bhfuil cúram lánaimseartha de dhíth orthu.
Is féidir é a íoc ar feadh tréimhse 2 bhliain (104 seachtaine) do gach duine a fhaigheann cúram agus is féidir é a éileamh thar thréimhsí ar leith ar feadh 2 bhliain san iomlán (104 seachtaine).
Conas cáiliú
D'fhéadfá a bheith incháilithe do Shochar Cúramóra más rud é go dtagann tú fúthu seo a leanas:
- tá tú 16 bliana d'aois nó os cionn
- tá tú nó beidh tú ag tabhairt aire do dhuine a bhfuil cúram lánaimseartha de dhíth air/uirthi agus nach bhfuil cónaí air/uirthi in ospidéal, ionad téarnaimh nó ionad cúraim eile dá leithéid
- tá tú fostaithe ar feadh 8 seachtaine ar a laghad sa tréimhse roimhe ar feadh 26 seachtaine ar feadh 16 uair an chloig gach seachtain nó ar feadh 32 uair an chloig gach coicís ar a laghad (ní gá duit an coinníoll seo a chomhlíonadh má raibh Sochar Cúramóra á fháil agat sna 26 seachtaine roimhe sin)
- ní ghlacann tú páirt san fhostaíocht, féinfhostaíocht, obair dheonach, nó cúrsaí oiliúna nó oideachais atá níos mó ná 18.5 uair sa tseachtain
- tuilleann tú €625 nó níos lú ná sin gach seachtain i ndiaidh cánach
- comhlíonann tú na coinníollacha ranníocaíochta árachais shóisialaigh (ÁSPC)
- níl tú i do chónaí in ospidéal, ionad téarnaimh ná institiúid eile dá leithéid
D'fhéadfá a bheith in ann Sochar Cúramóra a fháil má thugann tú aire do leanbh a cháilíonn do Liúntas Cúraim Baile (LCB). Ní gá gur tusa an duine a fhaigheann an liúntas don leanbh le bheith ina chúramóir acu.
Coinníollacha ranníocaíochta árachais shóisialaigh (ÁSPC)
Má tá Sochar Cúramóra á éileamh agat den chéad uair, caithfear 156 ranníocaíocht ÁSPC ar a laghad a bheith íoctha agat ó thosaigh tú ag obair ar dtús. Ní mór duit freisin:
- 39 seachtaine de ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat sa bhliain chánach iomchuí, nó
- 39 ranníocaíocht ÁSPC íoctha sa 12 mhí a bheith agat díreach sula dtosaíonn d'éileamh ar Liúntas Cúramóra, nó
- 26 ranníocaíocht ÁSPC a bheith íoctha agat sa bhliain chánach iomchuí agus 26 ranníocaíocht ÁSPC íoctha sa bhliain chánach iomchuí roimhe sin
Is í an bhliain chánach ábhartha an dara bliain chánach iomlán roimh an mbliain chánach dheireanach a thagann roimh an mbliain ina dtosaíonn d’éileamh ar Shochar Cúramóra. Mar shampla, má dhéanann tú éileamh in 2023, is é 2021 an bhliain chánach ábhartha.
Ní áirítear ach ranníocaíochtaí in Aicme A, B, C, D, H agus E le haghaidh Sochar Cúramóra. Ní áirítear ranníocaíochtaí in Aicme S (ranníocaíochtaí féinfhostaithe) le haghaidh Sochar Cúramóra.
Ní gá duit coinníollacha na ranníocaíochtaí a shásamh ach an chéad uair a bhronntar Sochar Cúramóra ort.
Cé chomh fada agus is féidir leat Sochar Cúramóra a fháil
Is féidir leat Sochar Cúramóra a fháil ar feadh 104 seachtaine (2 bhliain) san iomlán, do gach duine dá dtugann tú aire.
Is féidir leat d'íocaíocht a éileamh i dtréimhse shingil nó i dtréimhsí ar leith ar feadh suas le 104 seachtaine. Má éilíonn tú Sochar Cúramóra ar feadh tréimhse níos lú ná 6 seachtaine i ndiaidh a chéile i dtréimhse ar bith, beidh ort fanacht ar feadh 6 seachtaine bhreise sula mbeidh tú in ann Sochar Cúramóra a éileamh don duine céanna arís.
Má tá tú ag tabhairt aire do níos mó ná duine amháin, féadfaidh tú íocaíocht a fháil ar feadh 104 seachtaine do gach duine dá dtugann tú aire. Is é an toradh a d'fhéadfadh a bheith air sin ná go mbeadh na tréimhsí cúraim ar siúl ag an am céanna.
Má tá tú imithe, ní mór duit cúram agus aire lánaimseartha oiriúnach a eagrú don duine dá dtugann tú aire.
Rátaí íocaíochta
Is ionann Sochar Cúramóra agus €261 in aghaidh na seachtaine d’fhaighteoir cúraim amháin.
D’fhéadfadh go bhfaighidh duine atá ag tabhairt aire do bheirt nó níos mó ráta níos airde de €391.50 in aghaidh na seachtaine.
Má tá leanbh nó leanaí agat, féadfaidh tú a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar Méadú do Leanbh Cáilithe.
Saoire Cúramóra
Ceadaíonn An tAcht um Shaoire Cúramóra, 2001 d’fhostaithe sos sealadach a thógáil ón obair chun aire agus cúram lánaimseartha a thabhairt go pearsanta do dhuine a bhfuil sé ag teastáil uaidh nó uaithi. Is í an íostréimhse reachtúil atá tú i dteideal a fháil ná 13 seachtain, agus is é an t‑uasmhéid ná 104 seachtain i leith aon fhaighteora cúraim aonair. Déanann Oifigeach Breithiúnachta na Roinn Coimirce Sóisialaí an cinneadh, an bhfuil duine deimhnithe go míochaine mar dhuine a dteastaíonn cúram agus aire lánaimseartha uaidh/uaithi, bunaithe ar fhaisnéis a sholáthraíonn dochtúir an duine agus ar mheasúnú ag Measúnóir Leighis den Roinn.
Féadfaidh duine cáiliú le haghaidh Saoire Cúramóra fiú mura gcáilíonn siad le haghaidh Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúramóra.
Iarratas a Dhéanamh
Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Cúramóra 6 seachtaine ar a laghad sula mbeartaíonn tú an obair a fhágáil.
Chun iarratas a dhéanamh, líon isteach an t-iarratas CARB1 thíos agus cuir tuairisc liachta dochtúra san áireamh. Caithfidh an fhoirm a bheith sínithe freisin ag an duine a mbeidh tú ag tabhairt aire dó/di.
Ní gá tuairisc liachta a bheith agat má tá tú ag tabhairt aire do leanbh a fhaigheann Liúntas Cúraim Baile (LCB).
Seol d'fhoirm iarratais, leis na cáipéisí tacaíochta ábhartha, ar ais chuig:
Carer's Benefit Section
- Seoladh:
- Carer's Benefit Section, Social Welfare Services Office, Government Buildings, Ballinalee Road, Longford, Co. Longford, N39 E4E0.
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 927770;
043 3340000
Foirmeacha iarratais
Treoirlínte Oibríochta
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochta ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.