English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Sochar Cumais Pháirtigh



Cad é an Sochar Cumais Pháirtigh ann

Íoctar Sochar Cumais Pháirtigh leat mura féidir leat oibriú go dtí do chumas iomlán.

Bunaítear an ráta íocaíochta ar mheasúnú leighis a dhéantar ar d’éagumas chun oibre.


Conas cáiliú

Is féidir cáiliú do Shochar Cumais Pháirtigh má mheastar go bhfuil an srian ar do chumas oibre measartha, dian nó trom. Má mheastar gur éadrom é ní cháileoidh tú.

Más mian leat cáiliú le haghaidh Sochar Cumais Pháirtigh, ní mór duit a bheith ag fáil ceann acu seo a leanas faoi láthair:

D'fhéadfadh go gcuirfí isteach ar do cheart chun Sochar Cumais Pháirtigh a fháil má thosaíonn tú ag obair sula gceadaítear d'éileamh; Má tá tú ag iarraidh leas a bhaint as Sochar Cumais Pháirtigh, ní mór duit iarratas a dhéanamh sula dtosaíonn tú ag obair.

Is féidir leat aon mhéid oibre agus na huaireanta oibre is mian leat a oibriú. Is féidir leat oibriú mar oibrí féinfhostaithe le linn duit a bheith ag fáil Sochar Cumais Pháirtigh.

Is féidir Sochar Cumais Pháirtigh a fháil agus liúntas cúramóra leathráta a fháil le chéile, ach ní féidir Sochar Cumais Pháirtigh agus Íocaíocht Teaghlaigh i bhFostaíocht (WFP) (Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh roimhe seo) a fháil le chéile.


Rátaí íocaíochta

Is féidir leat méaduithe a fháil le Sochar Cumais Pháirtigh do na daoine seo a leanas:

  • duine fásta cáilithe
  • leanbh cáilithe

Ciallaíonn duine fásta cáilithe go bhfuil ioncam do chéile nó do pháirtnéara faoi bhunleibhéal áirithe agus faigheann tú méadú ar d’íocaíocht dóibh. Is féidir leat méid breise a fháil, chomh maith, do do leanbh, ar a dtugtar Méadú do Leanbh Cáilithe.

Chun an méadú seo a fháil, caithfidh do leanbh na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

  • cónaíonn sé/sí leat, sa Stát
  • tá sé/sí ar an aois cheart don íocaíocht atá á héileamh agat (bíonn an aois éagsúil ó scéim go scéim)
  • níl sé/sí faoi choimeád dlíthiúil

Bunaítear an ráta pearsanta den íocaíocht ar an méid seo a leanas:

  • Do chumas chun oibre, bunaithe ar mheasúnú leighis na Roinne
  • cibé acu an raibh nó nach raibh Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláine á fháil agat
  • do ráta reatha íocaíochta

Íocaíochtaí Sochar Cumais Pháirtigh

Leibhéal an éagumais maidir le do chumas chun oibriú– faoi mar a dheimhnigh do mheasúnú leighis Íocaíocht má bhí Sochar Breoiteachta á fháil agat roimhe seo Íocaíocht má bhí Pinsean Easláine á fháil agat roimhe seo
Measartha €122.00 €124.75
Tromchúiseach €183.00 €187.15
Domhain €244.00 €249.50

Iarratas a Dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm iarratais ar Shochar Cumais Pháirtigh thíos nó déan teagmháil le Rannóg Sochar Cumais Pháirtigh na Roinne trí ghlao ar 0818 927770 nó ríomhphost a sheoladh chuig PCB@welfare.ie. Cuirfidh siad foirm iarratais chugat sa phost.

Déanfaidh Measúnóir Leighis measúnú ar do chumas chun obair a dhéanamh. B’fhéidir go mbeidh ort freastal ar mheasúnú leighis.

Ba cheart duit an fhianaise cheart leighis go léir a chur san áireamh le d’iarratas.

Má cháilítear thú do Shochar Cumais Pháirtigh, ní gá duit teastais dochtúra rialta a sheoladh isteach.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Cumais Pháirtigh sula dtosaíonn tú le hobair a lorg. Má táthar chun d’íocaíocht a laghdú mar gheall go bhfuil tú ag filleadh ar an obair, ní tharlóidh é seo go dtí go dtosaíonn tú an obair.

Sochar Cumais Pháirtigh: Foirm iarratais (PCB1)
Eagrán: Marta 2024
Amharc amharc

Seol d’iarratas ar ais, leis na cáipéisí tacaíochta ábhartha, chuig:

Partial Capacity Benefit Section

Seoladh:
Partial Capacity Benefit Section, Government Buildings, Ballinalee Road, Longford, Co. Longford.
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

PCB@welfare.ie

Teileafón:
0818 92 77 70;
043 3340000

Treoirlínte Oibríochtúla

Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.


Tuarascálacha Gaolmhara

A Review of Partial Capacity Benefit
Amharc amharc